Skip to main content

Coimisiúnú Oifigeach na Seirbhíse Cabhlaigh

Ráiteas do na Meáin Dé hAoine an 03 Iúil 2020 2.00pm 
Naval Service Officer Commissioning
Naval Service Officer Commissioning

D'fhreastal an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta an tUasal Simon Coveney T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Aimiréal Mark Mellett DSM, ar Shearmanas Coimisiúnaithe Oifigeach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh sa Bhunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach, Corcaigh, inniu Dé hAoine an 3 Iúil 2020, ag 12pm.

Lá bródúil, tábhachtach a bhí ann do chomhaltaí an 58ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh agus a gCoimisiún á fháil acu. Seo é a luach saothair i ndiaidh dhá bhliain de dhian-traenáil loingseoireachta agus míleata a bheith tugtha chun críche acu.

Thug an ceathrar Dalta cúrsa thar a bheith deacair, dúshlánach agus fiúntach i mbun-traenáil Oifigigh chun críche. I measc na n-ábhar a ndearna siad staidéar orthu bhí loingseoireacht, uiscíocht, mairnéalacht, ceannaireacht, cumarsáid, innealtóireacht muirí agus cogaíocht cabhlaigh.

Fuair na Daltaí taithí ar an bhfarraige ar fud flít na Seirbhíse Cabhlaigh agus chuir siad tús leis an gcéad bhliain de staidéar acadúil do Bhaitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Loingseoireachta i gColáiste Náisiúnta Muirí na hÉireann. 

 

CRÍOCH

Nasc chuig ár n-albam ar flickr maidir leis an imeacht.