Skip to main content

Léirbhreithniú an Aire ar an 121ú Cathlán Coisithe UNIFIL i Gaillimh

52468980947_1051a1f6f5_h

Preasráiteas - Dé Luain an 24 Deireadh Fómhair 2020, 6.55pm

 

Léirbhreithniú an Aire ar an 121ú Cathlán Coisithe UNIFIL i nDún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh

 

Rinne an tAire Cosanta, Simon Coveney TD, i dteannta Leas-Cheann Foirne (Oibríochtaí) Óglaigh na hÉireann, an Maorghinearál Anthony McKenna, léirbhreithniú ar an 121ú Cathlán Coisithe UNIFIL inniu ag 2pm i nDún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh.

 

Faoi cheannas an Leifteanantchoirnéil Damien Murphy tá an 121ú Cathlán Coisithe i mbun traenála le dhá mhí anuas agus táthar chun iad a imscaradh chun na Liobáine i mí na Samhna le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL). Is ionann misean an UNIFIL agus an t-imscaradh is mó atá ag Éirinn thar lear.

 

Cuirfear 342 pearsanra den 121ú Cathlán Coisithe chuig limistéar oibríochta UNIFIL (9 Máltach agus 333 Éireannach). Is ó Dhún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh formhór thrúpaí an 121ú Cathlán Coisithe a thógfaidh áit an 120ú Cathlán Coisithe as Dún Dealgan a imscaradh chun na Liobáine mí na Bealtaine seo caite. Tá 101 saighdiúir sa 121ú Cathlán Coisithe á n-imscaradh chuig a gcéad mhisean síochánaíochta thar lear. Tá ocht bpearsanra dhéag ar mná iad á n-imscaradh freisin.

Bhí an searmanas comhdhéanta de pharáid, beannacht ar bhratach aonaid an 121ú Cathlán Coisithe, cigireacht agus óráid ón Aire i nDún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh.

 

Pic 1: An 121ú Cathlán Coisithe ar paráid i nDún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh

Pic 2: Athbhreithniú á dhéanamh ag an Aire Cosanta, an tUasal Simon Coveney TD, ar fhir agus mná an 121ú Cathlán Coisithe.

Pic 3: Cúirtéis á tabhairt ag Comhaltaí an 121ú Cathlán Coisithe don Aire Cosanta, an tUasal Simon Coveney TD

Pic 4: Comhaltaí an 121ú Grúpa Coisithe á máirseáil isteach ina n-áit i nDún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh

 

 

 

Beathaisnéis an Leifteanantchoirnéil, Damien Murphy

Is é Leifteanantchoirnéal Damien Murphy an t-oifigeach atá i gceannas ar an 121ú Cathlán Coisithe. Thosaigh sé in Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1993 agus bhí sé ina Dhalta agus coimisiúnaíodh sa bhliain 1995 é ina chomhalta den 70ú Rang Daltaí. Bhí ceapacháin éagsúla ag an Leifteanantchoirnéal Murphy in aonaid ar fud an Airm, lena n-áirítear an 12ú Cathlán Coisithe, 4 Reisimint Airtléire Mhachaire, 15 Chathlán Coisithe (Cúltaca Óglaigh na hÉireann), Grúpa an Chóir Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann agus an Chéad Chathlán Coisithe, áit a raibh roinnt ceapacháin cheannais agus foirne aige, Oifigeach i gCeannas an ceapachán is déanaí a bhí aige. Rinne sé seirbhís freisin i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann maidir le hOibríochtaí agus Pleanáil.

Tá seirbhís fhorleathan thar lear déanta ag an Leifteanantchoirnéal Murphy agus go dtí seo tá 6 turas dualgais curtha isteach aige, 3 turas chun na Liobáine, 1 turas amháin chun Thíomór Thoir, 1 turas amháin chun na Cosaive, agus 1 turas amháin chun Poblacht Dhaonlathach an Chongó.  Is é an turas dualgais is deireanaí a chuir sé isteach ná imscaradh dhá mhí dhéag chuig Ceanncheathrú UNIFIL agus é ina Leas-Phríomhoifigeach Idirchaidrimh sa bhliain 2020.

Is as Gaillimh don Leifteanantchoirnéal Murphy agus tá cónaí air in Órán Mór lena bhean chéile Noreen, a mhac Conor agus a iníon Maeve.

 

CRÍOCH

52469761144_c2831ffb48_q-Copy52469483006_124434efe4_q52468980797_94218dffe9_q52468981082_1a0d4d6672_q