Skip to main content

LÉ William Butler Yeats

Ráiteas do na Meáin an 6 Iúil 2020 7.40pm
WB Yeats
WB Yeats

Árthach Iascaigh atá cláraithe san Fhrainc Coinnithe ag an LÉ William Butler Yeats 25 Míle Siar ón mBlascaod Mór


Choinnigh Árthach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh, an LÉ William Butler Yeats (P63), árthach iascaireachta atá cláraithe san Fhrainc thart ar 25 muirmhíle Siar ón mBlascaod Mór.
 
Bhain an choinneáil le sáruithe líomhnaithe ar rialacháin iascaireachta. Tá an t-árthach á tionlacan go dtí an calafort áit ar dtabharfar ar láimh ansin í don Gharda S­íochána.
 
Is í seo an séú hárthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh in 2020. Tugann Óglaigh na hÉireann faoi chigireachtaí iascaigh ar muir i gcomhréir le comhaontú leibhéal seirbhíse leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil don stát.