Skip to main content

Lá Comórtha d’Iarshaighdiúirí Óglaigh na hÉireann 2022

D’fhreastail Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, ar an Lá Comórtha bliantúil d’Iarshaighdiúirí Óglaigh na hÉireann i nDún Mhic Aodha, Baile Átha Cliath, tráthnóna inniu.
Veterans-Day

D’fhreastail Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, ar an Lá Comórtha bliantúil d’Iarshaighdiúirí Óglaigh na hÉireann i nDún Mhic Aodha, Baile Átha Cliath, tráthnóna inniu.

Rinneadh ceiliúradh ag imeachtaí an lae inniu ar an méid a rinne na hIarshaighdiúirí ag fónamh d'Óglaigh na hÉireann agus cuireadh deis ar fáil do na hIarshaighdiúirí casadh lena chéile, dul siar ar bhóithrín na smaointe agus, níos tábhachtaí ná sin, an taithí mhór atá acu a roinnt leis na saighdiúirí níos óige. 

Bhí paráid searmanais ina raibh comhlachtaí ionadaíocha páirteach ann ó na Briogáidí, ó Fhoirmiú agus Seirbhísí na mBuan-Óglach in éineacht lena gcomhghleacaithe agus comrádaithe atá ar scor; comhlachtaí ionadaíochta ó Chumann Sheansaighdiúirí Éireannacha na Náisiún Aontaithe, Eagraíocht Iarbhaill na bhFórsaí Armtha agus Cumann Ionadaíochta na nIar-Oifigeach Coimisiúnta mar chuid den cheiliúradh i mbliana.

Le linn dó a bheith ag labhairt ag an ócáid dúirt Cathaoirleach Eagraíocht Iarbhaill na bhFórsaí Armtha, Colm Campbell, “Is mór an onóir d’iarshaighdiúirí go ndearna siad fónamh d'Éirinn agus dóibhsean a bhfuil an t-ádh orthu aois mhór a bhaint amach, tá sé amhail is nár baineadh an t-éide díobh riamh. Tá Coimeádaithe Síochána na hÉireann ar imscaradh i gcogaí nó díreach ina ndiaidh gan bhriseadh ó bhí 1958 ann. Ní fhéadfaí é seo a bhaint amach gan an iarracht aontaithe ó gach gné d’Óglaigh na hÉireann agus gan an íobairt a rinne na saighdiúirí nach maireann agus a dteaghlaigh. Tugaimid onóir don tsársheirbhís sin ar an Lá Comórtha seo d’Iarshaighdiúirí agus cuirimid fáilte mhór roimh an searmanas seo”

Le linn dó a bheith ag labhairt ag an ócáid freisin, dúirt Cathaoirleach Náisiúnta Chumann Sheansaighdiúirí Éireannacha na Náisiún Aontaithe, Derek Judge, “Is bealach tábhachtach é an lá inniu chun súil siar a chaitheamh ar ár laethanta in Óglaigh na hÉireann, chun bualadh le pearsanra atá ag fónamh agus chun seanchairdis a athbhunú leosan a rabhamar ag fónamh in éineacht leo sa bhaile agus thar sáile.  Is ócáid í seo dúinn agus d’iarshaighdiúiri eile, in éineacht leis an gCeann Foirne, chun comóradh a dhéanamh ar ár gcomrádaithe a fuair bás ag fónamh don Stát agus ar oibríochtaí tacaíochta síochána faoi bhratach na Náisiún Aontaithe, ómós a léiriú dóibh agus onóir a thabhairt dóibh. Tá ár mbaill an-bhuíoch dá gcomharbaí in Óglaigh na hÉireann as an searmanas, fáilteachas agus aitheantas atá tugtha acu dár seirbhís ag fónamh don Stát agus dár seirbhís ar son síocháin ar domhan a bhaint amach”. 

Is éard a dúirt Uachtarán Chumann na nIar-Oifigeach Coimisiúnta, an Briogáidire-Ghinearál Séamus Ó Giolláin (ar scor) ag an imeacht; “Déanaimid ceiliúradh ar Lá Comórtha d’Iarshaighdiúirí ar sheirbhís gach iarbhall d’Óglaigh na hÉireann a bhí ag fónamh go neamhleithleach agus go dílis don Stát. Tugaimid aitheantas d’íobairtí theaghlaigh agus chleithiúnaithe pearsanra seirbhíse de bharr dhianchúinsí na seirbhísí agus a bheith as baile ar feadh tréimhsí rialta agus fada ama ina measc.  Tagann na Cumainn Iarshaighdiúirí atá aitheanta le chéile ar Lá Comórtha d’Iarshaighdiúirí agus an tacaíocht a chuireann siad ar fáil d’iarshaighdiúirí, chun a leas a chosaint, agus tacaíocht a thabhairt thar ceann Óglaigh na hÉireann go ginearálta d’ábhair a mbaineann tábhacht leo. Tugann an lá deis do gach iarshaighdiúir ceangal a dhéanamh le seanchairdis agus le seanchomrádaíocht arís agus iad a athbhunú agus cuireann sé leis an lá go bhfuil saighdiúirí an Aonaid neamhfhoirmiúil, cumainn na gCór agus cumainn ar féidir le gach iarshaighdiúir dlúthbhaint a bheith aige leo i láthair”.