Skip to main content

Fógra maidir le Bás sa tSeirbhís - Leifteanant Conal Sheeran

Is le croí trom a dheimhníonn Óglaigh na hÉireann go bhfuil an Leifteanant Conal Sheeran ó Aerchór na hÉireann tar éis bháis. Tháinig comhghleacaithe an Leifteanant Sheeran air i riocht neamhfhreagrach in Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill.
Lieutenant Conal Sheeran in dress uniform

Ba as Contae na hIarmhí ó dhúchas an Leifteanant Sheeran agus bhí sé 30 bliain d'aois. Chuaigh an Leifteanant Sheeran isteach in Óglaigh na hÉireann in 2012 ina Earcach sa 1ú Cathlán Coisithe sula ndeachaigh sé isteach i Rang Printíseach an 70ú Aerchór in 2012 chomh maith. Thug sé a thraenáil chun críche sa bhliain 2016 agus ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach sa 36ú Rang Daltaí Aerchóir in 2017. Chríochnaigh sé a thraenáil agus coimisiúnaíodh é ina Oifigeach san Aerchór sa bhliain 2020. Bhí 11 bliain seirbhíse curtha de ag an Leifteanant Sheeran le hÓglaigh na hÉireann agus é mórtasach as sin. Rinne sé seirbhís freisin i roinnt ceapachán, lena n-áirítear sa Scoil Oiliúna Eitilte, i Scuadrún 506 agus i gCeanncheathrú Oibríochtaí Sciatháin Uimh.5.  Bhain sé Céim Bhaitsiléara Innealtóireachta sa Teicneolaíocht Eitlíochta Míleata amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freisin.

 

Is éard a dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, “chaill an tAerchór agus Óglaigh na hÉireann comhghleacaí breá agus cara níos breátha fós inniu. Déanaimid ar fad anseo in Óglaigh na hÉireann comhbhrón ó chroí le muintir agus le cairde an Leifteanant Sheeran agus le duine ar bith a raibh sé d’ádh orthu aithne a chur air i cibé cáil. Aireoimid uainn é ach ní ligfear i ndearmad é. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”