Skip to main content

Fáilte curtha ag an gCeann Foirne roimh bhunú an Bhinse Fiosrúcháin

Fj_wXy0XwAAo2wU-2

Tá fáilte curtha ag Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanantghinearál Seán Clancy,
roimh fhógra an Tánaiste agus an Aire Cosanta, an tUasal Micheál Martin TD, inniu go bhfuil
an Ionstraim Reachtúil sínithe aige a thugann i bhfeidhm an Binse Fiosrúcháin a bunaíodh
chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas gearán in Óglaigh na hÉireann chun
déileáil le ceisteanna san ionad oibre a bhaineann le hidirdhealú, bulaíocht, ciapadh,
ciapadh gnéasach, mí-iompar gnéasach agus úsáid as ceimiceáin ghuaiseacha.

Dúirt an Ceann Foirne, “Fáiltím roimh fhógra an Tánaiste inniu maidir le síniú na hionstraime
reachtúla chun an Binse Fiosrúcháin, a dhéanfaidh scrúdú ar éifeachtacht na bpróiseas
gearán in Óglaigh na hÉireann mar a bhaineann le deacrachtaí san ionad oibre, a bhunú. Tá
Óglaigh na hÉireann an-tiomanta do bheith ag comhoibriú leis an mBinse agus leis an
mBreitheamh Onórach Ann Power ina cuid oibre agus tá gach dóchas agam go ndéanfaidh
an fiosrúchán cinneadh maidir le cé chomh tromchúiseach agus atá na ceisteanna a tugadh
chun solais i dtuarascáil an IRG-DF.”

Dúirt an Ceann Foirne freisin “Ó ceapadh mé tá sé curtha in iúl go soiléir agam nach bhfuil
aon áit d'aon chineál iompar drochídeach in Óglaigh na hÉireann. Táimid ag obair go
dícheallach ar ár ngnásanna casaoide agus ár bpolasaithe Acmhainní Daonna a
athdhearadh, ar cheardlanna éigeantacha ar Eitic Ghnéis agus ar Chaidrimh Mheasúla a
chur i bhfeidhm, agus daoine a choinneáil cuntasach faoi aon mhí-iompar nó aon
drochiompar. Tá tús curtha leis an athrú agus beidh na prionsabail a bhaineann le meas ar a
chéile, le dínit agus le comhionannas mar bhonn agus mar thaca ag na polasaithe
nuashonraithe.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Níor fhan Óglaigh na hÉireann ar an gclaí agus tá sé ag freagairt do na ceisteanna
tromchúiseacha maidir leis an gcultúr inmheánach a tharraing tuarascáil an IRG anuas. Tá
Óglaigh na hÉireann meáite ar na gnéithe diúltacha dár gcultúr a athrú. Seo cuid de na
tionscnaimh a bhfuiltear tar éis tabhairt fúthu:
• Tá sibhialtach ceaptha mar Cheann Acmhainní Daonna Straitéiseacha agus mar
Cheann Claochlaithe ar Bhord Óglaigh na hÉireann.
• Tugadh faoi athbhreithniú seachtrach ar an nós imeachta inmheánach atá in Óglaigh
na hÉireann chun gearáin a dhéanamh agus táthar ar tí tabhairt faoin gcéad chéim eile chun
an próiseas a athdhearadh go bunúsach.

• Cuireann Óglaigh na hÉireann gach gearán faoi chionta gnéis a mhaítear atá déanta
sa Stát, ar aghaidh go díreach chuig an nGarda Síochána lena n-imscrúdú.
• Tá ceardlanna ar Eitic Ghnéis agus Caidreamh Freagrach forbartha agus curtha ar
fáil ag Óglaigh na hÉireann i gcomhar le UCC agus le hIonad Éigeandála um Éigniú Bhaile
Átha Cliath, agus tá siad éigeantach dár ndaoine go léir.
• Tá oiliúint ar Éagsúlacht Inscne agus Claonadh Neamh-chomhfhiosach curtha i
bhfeidhm ag Óglaigh na hÉireann dár ndaoine go léir.