Skip to main content

Fáilte curtha ag Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann roimh Fhoilsiú na dTéarmaí Tagartha

Chuir an Ceann Foirne, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, fáilte roimh fhoilsiú na dTéarmaí Tagartha don Bhinse Fiosrúcháin faoi stiúir Breithimh chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht na bpróiseas gearán in Óglaigh na hÉireann agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna san ionad oibre maidir le hidirdhealú, bulaíocht, ciapadh, gnéaschiapadh agus mí-iompar gnéis.
df-logo-light

Is éard a dúirt an Ceann Foirne:

 

“Cuirim fáilte roimh fhógra an lae inniu a rinne an Tánaiste maidir le ceadú na dTéarmaí Tagartha don Bhinse Fiosrúcháin faoi stiúir Breithimh agus cuirim fáilte roimh cheapadh an Bhreithimh Uasail, Ann Power Uasal, ina Cathaoirleach. Ó ceapadh i mo Cheann Foirne in Óglaigh na hÉireann mé, tá sé curtha in iúl agam go soiléir nach bhfuil áit ar bith ann do chineál ar bith d’iompar drochídeach, neamhoiriúnach nó coiriúil in Óglaigh na hÉireann. Tá Óglaigh na hÉireann tiomanta go hiomlán do chomhoibriú leis an mBinse le linn a gcuid oibre agus táim ag súil go ndéanfar cinneadh san fhiosrúchán faoi fhairsinge na saincheisteanna a tháinig chun solais sa tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách.”

 

Dúirt an Ceann Foirne freisin:

 

“Táimid ag obair chun ár nósanna imeachta gearán agus polasaithe acmhainní daonna a athdhearadh, chun ceardlanna éigeantacha maidir le hEitic Ghnéis agus Caidrimh Mheasúla a rolladh amach agus chun daoine a choinneáil le cuntas a thabhairt ar mhí-iompar agus ar dhrochiompar. Tá athrú ar bun agus beidh nósanna imeachta agus polasaithe uasdátaithe mar bhonn agus mar thaca faoi phrionsabail an chóimheasa, na dínite agus an chomhionannais.”

 

CRÍOCH

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

 

Níor stop Óglaigh na hÉireann agus tá siad ag tabhairt freagra ar na saincheisteanna tromchúiseacha inmheánacha cultúir a tarraingníodh anuas sa tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách. Chinn Óglaigh na hÉireann go n-athróidh siad na gnéithe diúltacha a bhaineann lenár gcultúr. I measc na dtionscnamh a tugadh faoi, tá na nithe seo a leanas:

 

  • Ceapadh Ceannasaí sibhialtach Acmhainní Daonna Straitéiseacha agus Ceannasaí Claochlaithe ar Bhord Óglaigh na hÉireann.
  • Tugadh faoi athbhreithniú seachtrach ar nós imeachta gearán inmheánach Óglaigh na hÉireann agus sa chéad chéim eile táthar ar tí an próiseas a athdhearadh go bunúsach.
  • Cuireann Óglaigh na hÉireann gach gearán maidir le cionta gnéasacha líomhnaithe sa Stát ar aghaidh go díreach anois chuig an nGarda Síochána lena bhfiosrú.
  • Tá ceardlanna maidir le hEitic Ghnéis agus Caidrimh Fhreagracha forbartha agus rollta amach ag Óglaigh na hÉireann i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus le hIonad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath, ceardlanna atá éigeantach do gach duine.
  • Tá oiliúint éigeantach maidir le hÉagsúlacht Inscne agus Claonadh Neamh-Chomhfhiosach rollta amach ag Óglaigh na hÉireann do gach duine.