Skip to main content

Cleachtadh Casta Muirí Frithsceimhlitheoireachta déanta ag Óglaigh na hÉireann

Ráiteas do na Meáin: Dé hAoine an 30 Iúil 2021, 12.15pm Maidin inné, thug Óglaigh na hÉireann faoi chleachtadh casta gar do Chalafort Bhaile Átha Cliath. Ba é Sciathán Fiannóglach an Airm, Tascghrúpa Oibríochtaí Speisialta Óglaigh na hÉireann, a bhí i gceannas ar an gcleachtadh muirí frithsceimhlitheoireachta comhoibríochtaí, le tacaíocht ón Aerchór agus ón tSeirbhís Chabhlaigh le gné Ceannais agus Rialaithe (C2) ó Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann. Ba í acmhainneacht Óglaigh na hÉireann maidir le ceannas agus rialú, cumarsáid, faisnéis agus bailiú faireachais a bhí á tástáil leis an gcás a bhí faoi stiúir na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialta. D'éirigh le Sciathán Fiannóglach an Airm baill d'fhoirne ionsaithe a imlonnú de mhuir agus d'aer ar bhád farantóireachta Stena, agus d'éirigh leo an t-árthach a dhaingniú de réir mar a tháinig sé i dtreo Chalafort Bhaile Átha Cliath. Bhí ról ag LÉ James Joyce agus CASA an Aerchóir i ndáil leis an mBád Farantóireachta a aimsiú agus a rianú, agus faireachas a chur ar fáil uirthi. Chuaigh foirne ionsaithe Sciathán Fiannóglach an Airm ar bord an Bháid Farantóireachta ó Héileacaptair AW139 agus ó Bháid Righin Inséidte ag an am céanna sular dhaingnigh siad an t-árthach. De bharr nádúr dian an, chleachtaidh a raibh an-bhrú ag baint leis, bhí ar phearsanra aghaidh a thabhairt ar thimpeallacht réalaíoch oiliúna ina raibh leibhéal an-ard saineolais, cruinnis agus scile ag teastáil. Ba mhaith le hÓglaigh na hÉireann buíochas a ghabháil le Stena Line as an gcúnamh ar fad a thug siad chun an cleachtadh casta seo a éascú.
Army-Ranger-Wing-assault-team-boarding-the-stern-of-the-vessel

Tabhair ar aird:

 

Is é  'Sciathán Fiannóglach an Airm' an t-ainm oifigiúil atá ar an ARW, a aistrítear go 'The Army Ranger Wing'. Níl aistriúchán díreach ar fáil i mBéarla ar an téarma 'Fiannóglach' agus mar sin, is é 'Ranger' an leagan Béarla a nglactar leis. Is nasc é an focal 'Fiannóglach' idir traidisiúin 'Na Fianna' (Laochra Finscéalaíochta na hÉireann) le hÓglaigh na hÉireann an lae inniu.

 

Breis íomhánna:

https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72157719617016002

 

Píosa Scannánaíochta:

https://wetransfer.com/downloads/d473c2ce548134b7c185c6f7d744b0fb20210730105637/226895627a7f97452ec2f8f1bf1b736d20210730105637/c15712