Skip to main content

Ginearáloifigeach i gCeannas nua ceaptha ar Bhriogáid 1, an Briogáidire-Ghinearál Caimin Keogh

Brigadier-General-Caimin-Keogh-Copy

Arna cheapadh ag an rialtas, déantar an Briogáidire-Ghinearál Caimin Keogh a ainmniú ina Ghinearáloifigeach i gCeannas ar Bhriogáid 1 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2024. Ó tharla freagracht air ó thaobh oibríochtaí in iarthar láir na tíre agus i nDeisceart na hÉireann (Gaillimh - Luimneach - Corcaigh - Cill Chainnigh), beidh freagracht air maidir le hoibríochtaí, riarachán agus treoir straitéiseach uile aonaid na Briogáide, maidir le pearsanra agus suíomhanna na Briogáide agus maidir lena maoirsiú agus lena chinntiú go bhfuil an Bhriogáid ullamh ó thaobh oibríochta agus éifeachtach tríd is tríd d’fhonn gealltanais chosanta náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

 

D'fhóin an Briogáidire-Ghinearál ina Stiúrthóir ar Chraobh na Pleanála Straitéisí roimhe seo ó 2022 áit a raibh sé freagrach don Cheann Foirne i ndáil le gnéithe míleata an bheartais chosanta a chur i bhfeidhm, straitéisí Óglaigh na hÉireann a chur i dtoll a chéile agus maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairtí sa timpeallacht chosanta agus slándála idirnáisiúnta i gcomhar leis an Roinn Cosanta.  

 

D'fhóin an Briogáidire-Ghinearál freisin i raon leathan ceapachán idir cheapacháin cheannais agus foirne ar leibhéal Aonaid Coisithe, Briogáide agus Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann feadh a ghairme.  Áirítear ar a thaithí thar lear: 

  • Sé (6) thréimhse imscartha sa Liobáin le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL)
  • Aon (1) thréimhse imscartha amháin sa Libéir le Misean na Náisiún Aontaithe sa Libéir (QRF UNMIL) 
  • Trí (3) sheal dualgais ar mhisin AE lena n-áirítear ceapacháin le OHQ EUFOR Chad/RCA (2007-09), Cathghrúpa Nordach FHQ  (2010-11), agus ina Oifigeach Foirne Míleata AE sa mBruiséil (2014-2017). 

 

I measc cháilíochtaí oideachais Caimin tá Baitsiléir sna hEalaíona ó Ollscoil na Gaillimhe agus Máistir sna hEalaíona i mBainistíocht Ceannaireachta agus Staidéir Chosanta ó NUIM. Is céimí de chuid Chúrsa Ceannais & Foirne Sinsearaí Óglaigh na hÉireann é (2012) chomh maith le cúrsa Forbairt Feidhmeannach Smurfit 2023. 

 

Is as Gaillimh ó dhúchas an Briogáidire-Ghinearál Keogh agus is ann atá cónaí air lena bhean chéile Irene Roberts. Déanann sé traidisiún teaghlaigh a leanúint mar gur fhóin a athair, Patrick Keogh, roimhe ina Ghinearáloifigeach i gCeannas ar 4ú Bhriogáid an Iarthair (Baile Átha Luain).