Skip to main content

Athbhreithniú an Aire ar an 122ú Cathlán Coisithe UNIFIL i nDún an tSáirséalaigh, Luimneach

ARinne an Tánaiste agus an tAire Cosanta, an tUasal Micheál Martin T.D., i dteannta Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, athbhreithniú ar an 122ú Cathlán Coisithe UNIFIL inné ag 5pm i nDún an tSáirséalaigh, Luimneach.
52871083758_b784d140fd_o

Faoi cheannas an Leifteanantchoirnéil Cathal Keohane, tá an 122ú Cathlán Coisithe i mbun traenála le dhá mhí anuas agus táthar chun iad a imscaradh chun na Liobáine níos deireanaí an mhí seo le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL). Is ionann misean an UNIFIL agus an t-imscaradh is mó atá ag Éirinn thar lear.

Cuirfear 347 pearsanra den 122ú Cathlán Coisithe chuig limistéar oibríochta UNIFIL (9 Máltach agus 338 Éireannach). Is ó Dhún an tSáirséalaigh, Luimneach, formhór thrúpaí an 122ú Cathlán Coisithe a thógfaidh áit an 121ú Cathlán Coisithe as Gaillimh a imscaradh chun na Liobáine mí na Samhna seo caite. Tá 85 saighdiúir sa 122ú Cathlán Coisithe á n-imscaradh chuig a gcéad mhisean síochánaíochta thar lear. Tá cúigear pearsanra mná á n-imscaradh freisin.

Bhí an searmanas comhdhéanta de pharáid, beannacht ar bhratach aonaid an 122ú Cathlán Coisithe, cigireacht agus óráid ón Aire i nDún an tSáirséalaigh.

Pic 1: An 122ú Cathlán Coisithe ar paráid i nDún an tSáirséalaigh, Luimneach

Pic 2: Athbhreithniú á dhéanamh ag an Tánaiste agus Aire Cosanta, an tUasal Micheál Martin T.D., ar fhir agus mná an 122ú Cathlán Coisithe.

Pic 3: Cúirtéis á tabhairt ag Comhaltaí an 122ú Cathlán Coisithe don Tánaiste agus Aire Cosanta, an tUasal Micheál Martin T.D.

Pic 4: Comhaltaí an 122ú Grúpa Coisithe á máirseáil isteach ina n-áit i nDún an tSáirséalaigh, Luimneach

Beathaisnéis an Leifteanantchoirnéil, Cathal Keohane

Is é an Leifteanantchoirnéal Cathal Keohane an t-oifigeach i gceannas ar an 122ú Cathlán Coisithe. Is as an Sciobairín in Iarthar Chorcaí dó ó dhúchas agus thosaigh sé leis an 71ú Rang Daltaí i nDeireadh Fómhair na bliana 1994. Coimisiúnaíodh é go dtí an 30ú Cathlán Coisithe i gCill Chainnigh in Iúil na bliana 1996. Is oifigeach coisithe é an Leifteanantchoirnéal Keohane a raibh poist éagsúla oiliúna

agus cheannasaíochta aige in Éirinn lena n-áirítear; Oifigeach i gCeannas ar Ionad Oiliúna na Chéad Bhriogáide, Ceannasaí ISTAR Coy an Chathghrúpa Nordaigh sa bhliain 2015, Príomhtheagascóir i Scoil na nDaltaí agus le déanaí bhí sé ina Oifigeach i gCeannas ar an 12ú Cathlán Coisithe i nDún an tSáirséalaigh, Luimneach.

Cuireadh oideachas Míleata Gairmiúil fairsing ar an Leifteanantchoirnéal Keohane, tá céim Baitsiléara aige san Innealtóireacht Shibhialta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG) agus tá Máistir Ealaíon aige i gCeannaireacht, Bainistíocht agus i Léann Cosanta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Is é seo an seachtú misean thar lear don Leifteanantchoirnéal Keohane a bhfuil seirbhís déanta aige roimhe seo lena n-áirítear; imscaradh é ina Cheannasaí Buíne Coisithe san Eiritré agus ina Leascheannasaí Complachta sa Libéir. D’fhóin sé ina oifigeach foirne i gCeanncheathrú EUFOR sa Bhoisnia agus sa tSualainn lena chois sin mar chuid de Cheanncheathrú NBG. Is é an t-am a chaith sé le Ceanncheathrú EUBG leabaithe laistigh de DSK, Rannán Aeriompartha na Gearmáine, an taithí thar lear is déanaí atá aige. Tá seirbhís déanta ag an Leifteanantchoirnéal Keohane roimhe seo sa Liobáin leis an 111ú Cathlán Coisithe sa bhliain 2018, áit a raibh sé ina Leas-Oifigeach i gCeannas agus ina Cheann Foirne ar an gCathlán.

Fear mór spóirt é Cathal agus taitníonn sé leis a bheith ag cóitseáil agus ag forbairt foirne óga spóirt agus bíonn sé san iomaíocht, nuair a bhíonn am aige, i gcomórtais seasmhachta faid d’fhoirne. Is i mBaile an Róistigh i gCorcaigh atá sé ina chónaí in éineacht lena bhean chéile Connie agus tá ceathrar iníonacha acu, Aoibhinn, Sadhbh, Doireann agus Réailtín.

CRÍOCH