Skip to main content

Athbhreithniú 2022 Óglaigh na hÉireann ar an mBliain

Tá achoimre i ndeireadh na bliana déanta ag Óglaigh na hÉireann ar oibríochtaí slándála agus oiliúint Óglaigh na hÉireann i rith 2022 sa bhaile agus thar lear. Más mian leat féachaint ar chuid de na híomhánna atá againn den Arm, den tSeirbhís Chabhlaigh, den Aerchór agus den tSeirbhís Thar Lear in 2022, níl lé déanamh ach na naisc atá i ndeireadh an ráitis seo a úsáid le dul go dtí an cuntas Flickr atá againn.
0_CC-SYRIA-BOUND-TROOPS4690438701

Thit eachtraí tragóideacha amach i ndeireadh 2022 i gcás Óglaigh na hÉireann sa Liobáin Theas, eachtraí a chuireann i gcuimhne dúinn go bhfuil an baol mar chuid de shaol an airm agus go gcailleann daoine a mbeatha in uaireanta.

Mar shaighdiúirí, mar mhairnéalaigh agus mar bhaill den aerchriú, tá an-tuiscint go deo againn ar an ngealltanas atá tugtha againn an misean a bhaint amach. Cé nach ndéanfaidh aon duine againn dearmad choíche ar Sheán Rooney, leanfaimid an sampla atá tugtha ag na fir agus na mná sa 121ú cathlán coisithe a thugann ómós dá gcomhghleacaithe agus dá dteaghlach gach lá agus iad imscartha sa dóigh agus iad fós ag tabhairt go cróga faoina misean. Inspioráid dúinn go léir atá sa tiomantas atá siad a léiriú i rith an ama i leith timpeallacht chónaithe shlán sheasmhach a thabhairt do ghnáthmhuintir na Liobáine Theas lena gclann a thógáil.

 

OIBRÍOCHTAÍ INTÍRE IN 2022

OIBRÍOCHTAÍ TALÚN

Thug Óglaigh na hÉireann faoi réimse leathan Oibríochtaí Cosanta agus Slándála in 2022. I measc na samplaí eile den imscaradh (seachas gníomhaíochtaí bainteach le cúrsaí COVID-19) bhí oibríochtaí a bhain le Cúnamh don Chumhacht Shibhialta agus Cúnamh don Údarás Sibhialta gach lá chun tacú leis an nGarda Síochána, le hÚdaráis Áitiúla agus le gníomhaireachtaí tábhachtacha eile sa Stát. Seo a leanas samplaí de chuid de na gníomhaíochtaí sin:

Thug an tArm faoi bhreis agus 128 Oibríocht a bhain le Cúnamh don Chumhacht Shibhialta chun tacú leis an nGarda Síochána, lena n-áirítear glaonna amach den Diúscairt Ordanáis Phléascaigh (Scuad Buamaí), Tionlacan do Phríosúnaithe, Tionlacan i gCásanna Pléasctha, Tionlacan agus Airgead Tirim á iompar agus Oibríochtaí Cuardaigh.

Anuas air sin, cuireann baill d’Óglaigh na hÉireann seirbhís garda faoi airm ar fáil 365 lá den bhliain i bPríosún Phort Laoise, an t-aon phríosún ar an uasmhéid slándála atá in Éirinn, agus an tseirbhís chéanna don Bhanc Ceannais, do Phléascáin Thionsclaíocha Éireann agus do Thithe an Rialtais.

Rinneadh pearsanra a imscaradh i gcaitheamh na bliana le cúnamh a thabhairt do na húdaráis shibhialta agus oibríochtaí go leor ar bun, mar shampla, droichead sealadach bábhúin a thógáil le dul trasna na Bóinne nuair a bhí tuilte ann; criúnna ón Aerchór a mhúch dóiteáin aitinn i Maigh Eo, i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath, chomh maith le cúnamh don imeacht ar mhaithe le carthanacht “Climb with Charlie” i gContae Mhaigh Eo.

 

GNÍOMHAÍOCHTAÍ MUIRÍ

Chuaigh an tSeirbhís Chabhlaigh ar bord 350 árthach iascaireachta agus bhí trí (3) chás coinneála ann dá bharr. Déanann an tSeirbhís Chabhlaigh patról ar 220 acra muirí farraige (níos mó ná a dhá oiread déag mhórchríoch na hÉireann) arb ionann an limistéar sin agus 15% d’iascaigh na hEorpa. Chuathas ar bord árthaigh iascaireachta ó Éirinn, ón Ríocht Aontaithe, ón bhFrainc, ón Spáinn, ón Ísiltír, ón Iorua, ón Rúis agus ón mBeilg in 2022 le cigireacht a dhéanamh orthu.

Rinneadh Rannóg Tumadóireachta na Seirbhíse Cabhlaigh a imscaradh ceithre (4) huaire. I measc na n-oibríochtaí a bhí ann bhí oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála chun daoine a bhí ar iarraidh a aimsiú.

Cuardach agus Tarrtháil - bhí cúig (5) cinn faoi leith de fhreagairtí cuardaigh agus tarrthála ann ón tSeirbhís Chabhlaigh in 2022.

Bhí an Comh-Thascfhórsa ar Dhrugaí i bhfeidhm agus iarracht chomhpháirteach atá ann a bhfuil an tSeirbhís Chabhlaigh, an tAerchór, na Coimisinéirí Ioncaim agus AGS páirteach ann.

Thug an tSeirbhís Chabhlaigh faoi dheich gcinn (10) de chuairteanna eachtracha in 2022, an Ríocht Aontaithe, an Phortaingéil, an Spáinn, an Ísiltír, na Stáit Aontaithe agus Ceanada ina measc.

 

AER

Tá róil éagsúla ag an Aerchór i bhfearann an aeir chomh maith le sócmhainní aeir a sholáthar le tacaíocht a thabhairt do chodanna eile d’Óglaigh na hÉireann ar muir agus ar talamh. Anuas ar oibríochtaí náisiúnta, tá an tAerchór tar éis tabhairt faoi oibríochtaí idirnáisiúnta chun tacú le hÓglaigh na hÉireann agus ranna Rialtais an t-aerloingeas d’aerárthach sciathán dobhogtha agus aerárthach sciathán rothlach a úsáid. San achoimre seo tá cuid de na hoibríochtaí a rinneadh in 2022:

  • Thug an tAerchór freagra ar bhreis agus 415 misean de chuid na Seirbhíse Éigeandála Aeraileighis inar tugadh tacaíocht don tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna le seirbhís leighis a chur ar fáil d’othair a bhí go dona breoite.
  • Rinne an tAerchór breis agus 450 uair an chloig d’eitiltí don Phatról Faireachais Mhuirí.
  • Rinne an tAerchór 49 tasc otharchairr ó ospidéal go hospidéil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chun na Ríochta Aontaithe agus go mórthír na hEorpa.
  • Thug an tAerchór freagairt ar chúpla iarratas le comhrac dóiteáin ón aer a chur ar fáil i Maigh Eo, Cill Mhantáin agus Baile Átha Cliath chun maoin i ról Cúnamh don Chumhacht Shibhialta a chosaint.
  • Thug an tAerchór tacaíocht d’oibríochtaí de chuid Aonad Tacaíochta Aeir an Gharda Síochána ar bhonn leanúnach.
  • Chuir an tAerchór eitiltí ar fál ar bhonn leanúnach don Gharda Síochána de réir mar a theastaigh chun daoine a fholaítear le horduithe baint anuas agus eisiaimh ón AE a aisdúichiú.

 

Oibríochtaí Idirnáisiúnta in 2022

Is ag Óglaigh na hÉireann an tréimhse is faide ar fiannas thar lear sna Náisiúin Aontaithe as tír ar bith eile ar domhan ó chuathas den chéad uair ar mhisean de chuid na Náisiún Aontaithe sa bhliain 1958.    

In 2022, rinneadh pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann a imscaradh ar oibríochtaí de chuid na Náisiún Aontaithe, CnS (Comhpháirtíocht na Síochána) ECAT, CBSC (Comhbheartas Slándála agus Cosanta an AE agus Oibríochtaí Tacaíochta Síochána agus Bainistithe Géarchéime in 13 mhisean in 11 thír. Tá 550 duine de phearsanra Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear faoi láthair.     

An t-imscaradh is mó thar lear atá ag Óglaigh na hÉireann ná Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (FENAL), mar a bhfuil 353 saighdiúir Éireannach ar fiannas. Mar chuid de sin tá Cathlán Coisithe atá ar patról le taobh na Líne Goirme (líne teorann idir an Liobáin agus Iosrael) i nDeisceart na Tíre ionas go mbeidh timpeallacht ann a bheidh slán sábháilte. Ó bhí Samhain 2019 ann tá Éire ag obair i gcomhar leis an bPolainn ar an misean seo, rud a dhéanann forbairt ar an idir-inoibritheacht atá againn le Náisiúin ar Comhpháirtithe iad. Cuireann Fórsaí Armtha Mhálta agus Fórsaí Armtha na hUngáire pearsanra ar fáil do IRISHPOLBATT.

An dara himscaradh is mó atá ag Óglaigh na hÉireann ná Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (FBDNA) in Arda Golan sa tSiria, áit a bhfuil 134 saighdiúir Éireannach ar fiannas faoi láthair. Cuireann Grúpa Coisithe na hÉireann Complacht Cúltaca an Fhórsa ar fáil atá ag feidhmiú mar Fhórsa Mearfhreagartha an mhisin. Tá oifigigh foirne de chuid na hÉireann ar fiannas i gceanncheathrú FBDNA chomh maith.    

Tá 14 shaighdiúir in Óglaigh na hÉireann atá ar fiannas le Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh (MOAE) i Mailí chun oideachas agus oiliúint a chur ar fáil d’Fhórsaí Armtha Mhailí. I Meán Fómhair 2022, tháinig deireadh le ról Óglaigh na hÉireann i Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí agus i dTascaonad de Sciathán Fiannóglaigh an Airm ar fiannas le Taiscéalaíocht Faireachais Faisnéise, an Ghearmáin i gceannas, in oirthear na tíre ó bhí 2019 ann.

Tá saighdiúirí ag Óglaigh na hÉireann atá imscartha chuig misin mar EUFOR sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus KFOR sa Chosaiv.  Ó luath i Nollaig 2022, tá oifigeach foirne amháin de chuid Óglaigh na hÉireann imscartha i Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin.  Tá an tOifigeach Foirne seo mar pháirt de chill phleanála atá ag obair chun oiliúint a chur ar fáil d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine a chomhordú le Foireann Mhíleata an AE sa Bhruiséil.   Tá sé beartaithe ag Óglaigh na hÉireann líon beag foirne a imscaradh chuig an misean seo in 2023 ag brath ar chinneadh ón Rialtas.

Tá triúr den phearsanra in Óglaigh na hÉireann (2 x Seirbhís Chabhlaigh, 1 x Aerchór) imscartha do Cheanncheathrú Oibríochtúla Oibríocht na Meánmhara Fhórsa Cabhlaigh (EUNAVFORMED), is é sin ‘Irini’ (‘síocháin’ sa Ghréigis) sa Róimh. Is é is príomhchúram don oibríocht sócmhainní aeir, satailíte agus muirí a úsáid chun trádbhac arm na NA ar an Libia a chur chun feidhme. Ceann de na cúraimí tánaisteacha atá ann ná cur as do mhúnla gnó na líonraí smuigléireachta agus gáinneála ar dhaoine.    

Ó chuaigh an stát isteach sna Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1955, tá Éire tar éis a bheith ar an gComhairle Slándála ceithre huaire: 1962; 1981 - 1982; agus 2001 - 2002. Chuir Éire tús leis an gceathrú tréimhse ar an gComhairle Slándála an 01 Eanáir 2021 le tionchar tairbheach a imirt chun coinbhleachtaí a chosc agus síocháin a chothú ar fud na cruinne.  

 

NUÁLAÍOCHT AGUS COMHOIBRIÚ in 2022 

Cistiú ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóiriú trí OPS2020 do Thionscadal an Aerchóir ‘I’m Safe’.  

Don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile d’éirigh le hÓglaigh na hÉireann deontas a fháil ó Chiste Nuálaíochta 2020 OPS. Tá an deontas €43,000 sin ag tacú leis an tionscadal ‘I’M SAFE’. Is éard atá sa tionscadal meascán de riachtanas oibriúcháin atá sainithe go soiléir, próiseas agus teicneolaíocht a bhainfidh toradh amach mar fheidhmchlár cliste a chuirfidh ar a gcumas do lucht úsáide an Aerchóir rianú a dhéanamh ar gach rátáil i gcás gach píolóta agus ball den aerchriú.

Ár Seirbhís Phoiblí  

Tá Ár Seirbhís Phoiblí ag dul ó neart go neart i gcónaí. Tá Óglaigh na hÉireann ag cur go mór i rith an ama leis an tionscnamh seo ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá cainteanna tugtha ag ionadaithe ón Arm, ón gCabhlach agus ón Aerchór mar chuid d’imeachtaí a bhain le Ár Seirbhís Phoiblí i gcaitheamh na bliana. 

Aonad don Teicneolaíocht agus Nuálaíocht sa Taighde (TNT). 

Chuir Óglaigh na hÉireann comhaonad sibhialta/míleata TNT le chéile in Eanáir 2021.  Tá an t-aonad seo mar phointe lárnach in éiceachóras na Nuálaíochta i gcúrsaí Cosanta, mar na nascóirí sa Rialtas, Tionscadal, Saol Acadúil agus pobal Nuathionscanta na hÉireann.  Anuas air sin, tá freagrachtaí agus cuspóirí glactha ag an Aonad as an gCoiste Fiontair Cosanta agus é ag gníomhú mar an Lárionad Náisiúnta le gur féidir leis an tionscadal plé leis an gCiste Eorpach Cosanta. Táthar i ndiaidh ardchaighdeáin a bhaint amach sa nuálaíocht taighde mar thoradh ar Óglaigh na hÉireann a bheith ag obair i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann agus tá duaiseanna na craoibhe, €1.0m agus €0.5m, le fógairt in Eanáir 2023 tar éis do phainéal neamhspleách idirnáisiúnta de shaineolaithe seachtracha acadúla athbhreithniú a dhéanamh ar na hiontrálacha. Tá an t-aonad TNT go gníomhach ag iarraidh teacht ar dheiseanna comhoibrithe agus comhpháirtíochtaí eile a chuideoidh linn athrú ón mbonn.  Tá dhá chlár nuálaíochta forbartha ag an aonad TNT i rith 2022. Cuireann ‘Defence Innovate’ (Nuálaíocht na nÓglach) ar a gcumas do phearsanra ar fud na heagraíochta iarratas a dhéanamh ar suas le cistiú €15,000 a bheadh mar thacaíocht le haghaidh fuascailt nuálaíochta. Is éard is ‘Defence Sparx’ ann clár luathaithe nuálaíochta 3 mhí ina dtugtar faoi théamaí ó thaobh dúshlán eagraíochta de. Tabharfaidh cúig fhoireann cur i láthair feidhmeannach bunaithe ar na fuascailtí coincheapúla. Níor dearadh an t-aonad leis an am atá le teacht a thuar, dearadh é le smaointe agus daoine breátha a tharraingt le chéile. 

Gradaim Nuálaíochta an Chinn Foirne

Reáchtálfar Gradaim Nuálaíochta an Chinn Foirne in Ionad Fiontar Guinness go luath in 2023 le go mbeifear ag teacht leis na cuir i láthair dheireanacha i gClár Sparx atá ag Óglaigh na hÉireann. Bhí ardchaighdeán ann arís i measc na ndaoine a ghlac páirt, rud a chuir le chomh maith agus a d’éirigh leis na gradaim i mblianta eile. Tá éagsúlacht agus neamhspleáchas fós le fáil sa phróiseas moltóireachta agus ionadaithe ann ó Acadamh Nuálaíochta COBÁC agus ó Microsoft Éireann a thug a n-anailís agus breithiúnas saineolach féin. 

 

EARCAÍOCHT in 2022

Ionduchtú

Rinneadh 350 Earcaí don tSeirbhís Ghinearálta (mná iad 24 duine acu) a ionduchtú in 2022, chomh maith le 20 Printíseach Teicneoirí Aerárthaigh don Aerchór (bean í duine [1] acu).

Rinneadh 42 Dalta (mná iad deichniúr [10] acu) a ionduchtú in Óglaigh na hÉireann agus chuir siad tús lena n-oiliúint mhíleata in 2022. Baill ar fiannas iad seachtar de na daltaí sin a tháinig ó chéimeanna liostáilte.     

Tá 14 bhall a bhí ar scor roimhe seo i ndiaidh teacht isteach arís in Óglaigh na hÉireann i ngach céim, cór agus seirbhís in 2022.     

 

OILIÚINT agus OIDEACHAS in 2022

I dtuarascáil 2022 ón gCoimisiún um Óglaigh na hÉireann tá cur síos ar an oiliúint agus oideachas in Óglaigh na hÉireann mar bhunchloch sa saol míleata agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad ar na torthaí is tábhachtaí a bhaintear amach san eagraíocht. Ar an ábhar sin, nuair nach mbíonn baill ar oibríochtaí, is é is príomhchuspóir d’Óglaigh na hÉireann an Oiliúint agus Oideachas a fhorbairt agus a sholáthar.

Bhí na gníomhaíochtaí seo fós lárnach in 2022 ó thaobh daoine cumasacha a choinneáil linn agus a fhorbairt.  Sa tábla seo thíos tá achoimre ar na torthaí a bhain Brainse Oiliúna agus Oideachais Óglaigh na hÉireann amach le linn na bliana. 

 

 

Cúrsaí Teagaórsca

Cúrsaí Scileanna

Cúrsaí Gairme

Cúrsaí Eile*

Iomlán

An líon cúrsaí a cuireadh i gcrích i mbunáiteanna oiliúna Óglaigh na hÉireann

28

775

49

 660

1512

Líon na Mac Léinn

309

8466

887

9415

19077

 

*Is éard is cúrsaí eile ann cúrsaí den chineál a dhéantar gach bliain, mar shampla, Láimhsiú Sábháilte, Cruinniú Faisnéise den Fhoireann Freagartha agus Cruinnithe Faisnéise feasachta maidir le COVID-19. Déantar na cruinnithe faisnéise seo a thaifeadadh mar chúrsa le haghaidh deimhniúcháin atá curtha i gcrích.

 

Is féidir dul chun cinn gairme a dhéanamh in Óglaigh na hÉireann ach na bunchúrsaí conaire gairme cuí a dhéanamh.  Le linn 2022 chuir 426 pearsanra ar an iomlán 18 mbunchúrsa conaire gairme i gcrích i réimsí éagsúla, mar atá le feiceáil seo thíos. 

 

Bunchúrsa Conaire Gairme ar tugadh faoi

Teideal an Chúrsa

Líon Cúrsaí

Líon na Mac Léinn

Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe (an tSeirbhís Chabhlaigh)

1

23

Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe (ONC, an tArm) 

2

69

Ábhar ONC (Aerchór) AC1

1

19

Ábhar ONC (Aerchór) AC2

0

0

ONC Sóisearach - Cúrsa Lóistíochta

3

37

Gnáthchúrsa ONC (an tSeirbhís Chabhlaigh)

1

17

Gnáthchúrsa ONC (gach cór)

3

69

Gnáthchúrsa ONC - airm go léir

2

116

Cúrsa na nOifigeach Óg (gach Cór) (2 cheann fós ar siúl)

3 acu críochnaithe

26

Cúrsa Ceannais Talún agus Foirne

1

27

Comhchúrsa Ceannais agus Foirne 

23

Iomlán

18

426

 

Le linn 2022, rinneadh forbairt leanúnach ar an gclár Staidéar Ceannaireachta, Bainistíochta agus Cosanta (SCBC) do phearsanra liostáilte agus d’éirigh go seoigh le baill Óglaigh na hÉireann air. Ar an 12 Eanáir 2023, bhronn Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt dámhachtainí a baineadh amach in 2022 ar 206 duine den phearsanra, Teastas Ardleibhéil in SCBC (Leibhéal 6) ar 64 duine acu, Miondámhachtain in SCBC (Leibhéal 7) ar 81 duine acu agus BA in SCBC (Lóistíocht) (Leibhéal 7) ar 53 duine acu.  Bronnfar céimeanna máistreachta ar ochtar (8) den phearsanra: Cúigear (5) a bhain Máistreacht Eolaíochta amach sa Bhainistíocht Teicneolaíochta Cumarsáide agus triúr (3) a fuair Máistreacht Innealtóireachta. Tá dámhachtainí bronnta ar 1,816 duine den phearsanra ag IT Cheatharlach/Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt faoin gclár SCBC ó cuireadh tús leis in 2012. Déanann Oiliúna agus Oideachais Óglaigh na hÉireann buntáistí an chláir a chur chun cinn i measc saighdiúirí, mairnéalaigh agus aerchriú ón gcéim phríobháideach 3* chomh maith le hiad a mhealladh le clár SCBC a dhéanamh.

 

Bhí Oifigigh de chuid Óglaigh na hÉireann páirteach sa chlár comhoibríoch SCBC le hOllscoil Mhá Nuad i rith 2022. Bhronn Ollscoil Mhá Nuad 102 dámhachtain san iomlán i Samhain 2022. Mar chuid de sin bhí 51 Dámhachtain Shainchuspóireach (SCBC) ar Leibhéal 7 ann a bhain leis an Oiliúint do Dhaltaí. Bronnadh Ard-Dioplóma Leibhéal 8 sa Cheannaireacht agus Slándáil Chuimsitheach ar 27 duine den phearsanra don Chúrsa Ceannais Talún agus Foirne. Chuir 24 duine den phearsanra Máistreacht sna hEalaíona (Leibhéal 9 - SCBC) i gcrích a bhain leis an gComhchúrsa Ceannais agus Foirne.

 

AN SCÉIM TRÍÚ LEIBHÉAL D’OIFIGIGH

Faoin Scéim Tríú Leibhéal d’Oifigigh, tabharfar deis d’Oifigigh Choimisiúnaithe Óglaigh na hÉireann nach raibh céim baitsiléara ar Leibhéal 8 curtha i gcrích acu faoin am ar tugadh ionduchtú dóibh i Scoil na nDaltaí céim oiriúnach a bhaint amach.  Tá 130 Oifigeach ag freastal ar Institiúidí Ardoideachais faoi láthair.  Chuir 17 nduine den phearsanra a gcuid staidéir tríú leibhéal i gcrích in 2022. 

 

AN CLÁR I STAIDÉAR CEANNAIREACHTA, BAINISTÍOCHTA AGUS CABHLAIGH  

In 2022, bhronn Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann dámhachtainí sa Staidéar Ceannaireachta, Bainistíochta agus Cabhlaigh ar Leibhéal 6 ar 26 duine den phearsanra agus ar Leibhéal 7 ar 10 (deichniúr) den phearsanra.  Bhronn an Coláiste dámhachtainí BSc san Eolaíocht Loingseoireachta ar 6 (seisear) den phearsanra ar Leibhéal 7 agus ar 6 (seisear) den phearsanra ar Leibhéal 8.

 

AN SCÉIM TEICNEOIRÍ FAOI OILIÚINT

Tá Scéim do Theicneoirí faoi Oiliúint ag Óglaigh na hÉireann chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh oideachas teicniúil de.  Tá roghanna sa scéim, cuir i gcás ceirdeanna traidisiúnta amhail siúinéireacht, pluiméireacht agus obair leictreora sa Chór Innealtóirí, meicneoir feithiclí troma sa Chór Iompair agus ansin róil atá níos speisialaithe a bhaineann le cúrsaí míleata teicniúla mar shampla armadóir sa Chór Ordanáis, nó teicneoirí Seirbhísí Faisnéise Cumarsáide sa Chor sin.  Tugann an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tAerchór faoi oiliúint theicniúil le go mbeidh pearsanra cáilithe sna scileanna teicniúla a bhaineann leis na róil atá acu. 

 

Le linn 2022, bhain 28 duine den phearsanra cáilíocht amach faoi Scéim an Airm do Theicneoirí faoi Oiliúint.  Ina measc siúd a bhain cáilíocht amach bhí 14 mhac léinn ó na Seirbhísí Faisnéise Cumarsáide (Leibhéal 7), 8 mac léinn ón gCór Ordanáis (Leibhéal 7) agus 6 mac léinn ón gCór Innealtóirí (Leibhéal 6).

 

Sa tSeirbhís Chabhlaigh in 2022, bronnadh dámhachtain ar 18 nduine den phearsanra faoin Scéim Teicneoirí faoi Oiliúint atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh. Bronnadh Teastas Ceirde Náisiúnta (Leibhéal 6) ar sheisear (6) den phearsanra agus bronnadh Baitsiléir Innealtóireachta Leibhéal 7 ar 12 dhuine den phearsanra ó Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan. 

 

San Aerchór in 2022, bronnadh Baitsiléir Innealtóireachta (Leibhéal 7) ar 19 bprintíseach ó Ollscoil Teicneolaíochta BÁC nuair a chuir siad a bprintíseacht i gcrích mar Theicneoirí Aerárthaigh.

 

OIDEACHAS SEACHTRACH

 

Seo a leanas an líon pearsanra a thug faoi chúrsaí seachtracha in Éirinn nó cúrsaí/oiliúint thar lear:

 

Pearsanra a d’fhreastail ar ghníomhaíochtaí oiliúna thar lear go dtí seo - 456

Pearsanra a d’fhreastail ar chúrsaí seachtracha in Éirinn - 2,337

 

OILIÚINT DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ THAR LEAR 

I rith 2022, Brainse Oiliúna agus Oideachais Óglaigh na hÉireann i gcomhar leis an gColáiste Míleata in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, agus cúnamh acu ón múnlú ceannais, a rinne an comhordú ar an Oiliúint riachtanach Réamh-Imscartha, i gcás aonaid agus daoine aonair a bhí le himscaradh ar mhisin thar lear (mar shampla, FENAL, FBDNA agus MOAE i Mailí. 

 

Tugadh faoi cheithre Ghníomhaíocht Ullmhachta Misin le haghaidh cúpla imscaradh níos mó de thrúpaí chuig FENAL agus FBDNA, 828 trúpa a bhí i gceist. An chúis leis na gníomhaíochtaí ná leis an gcaighdeán agus inniúlacht íosta a dheimhniú roimh an imscaradh. Baineadh feidhm as an tSamhail Meastóireachta ó Ghníomhaíocht Intíre den chéad uair in 2022 leis na ceithre cinn de Ghníomhaíochtaí Oiliúna Allamuigh a mheas a cuireadh i gcrích mar chuid de na Gníomhaíochtaí Ullmhachta Misin do FENAL agus FBDNA. Fágann an tSamhail seo gur féidir meastóireacht a dhéanamh i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus tugann tuarascáil tosaigh agus deiridh aiseolais don cheannasaí.  Tugadh faoi dhá cheann eile de Chúrsaí Cáilíochta Thar Lear i gcás 40 duine den phearsanra a cuireadh ar imscaradh chuig Misin níos lú.

 

Ar a bharr sin, thug Óglaigh na hÉireann faoi ghníomhaíochtaí seachtracha agus eachtracha oiliúna agus oideachais in 2022 le go mbeadh foghlaim ar leibhéal na heagraíochta ann agus lena chinntiú gur féidir bearnaí oiliúna, oideachais agus forbartha cumais a shonrú agus a leigheas.  San iomlán, bhí Óglaigh na hÉireann páirteach in 182 gníomhaíocht eachtrach agus bhí 456 duine den phearsanra i gceist iontu. Tá an rannpháirtíocht seo mar chuidiú lena chinntiú go mbeidh Óglaigh na hÉireann i gcónaí cothrom le dáta i gcás dea-chleachtas sa smaointeoireacht agus saineolas míleata agus déanann a chinntiú go mbeidh Óglaigh na hÉireann fós idir-inoibritheach in Éirinn agus thar lear.

 

ATHBHREITHNIÚ AR BHLIAIN NA SEARMANAS IN 2022

Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i nach mór 40 imeachta suntasach searmanais míleata agus Stáit in 2022.   I mí Eanáir bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanas Stáit le céad bliain a chomóradh ó tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath ar ais go foirmiúil. Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair aige sin.

Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i gCuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáladh i mbliana i Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin agus bhí an Taoiseach i láthair aige.

Bronnadh onóracha searmanais ar Uachtarán na hÉireann agus é ag imeacht go Málta ar chuairt stáit i mí na Bealtaine. Tugadh onóracha searmanais nuair a thug Uachtarán Phoblacht na Portaingéile cuairt stáit i mí Dheireadh Fómhair. Tugadh onóracha míleata d’Uachtarán Fhidsí chomh maith nuair a thug sé cuairt ar Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe, Ionad Oiliúna Óglaigh na hÉireann, i mí Iúil.

Rinne Óglaigh na hÉireann ceiliúradh ar Lá na nIarshaighdiúirí i nDún Mhic Aoidh i mí Mheithimh, agus bhí baill ó ONE, IUNVA agus ARCO ag siúl taobh le Cumainn Iarshaighdiúirí na nAonad.

Bhí searmanas i mBéal na Blá, Co. Chorcaí, i Lúnasa chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó fuair an Gin. Micheál Ó Coileáin bás. Thug Óglaigh na hÉireann an-tacaíocht don imeacht seo.

Tionóladh Searmanas Cuimhneacháin Óglaigh na hÉireann ag an gCuimhneachán Náisiúnta, Cearnóg Mhuirfean, i mí na Samhna chun comóradh a dhéanamh ar an 10 ball d’Óglaigh na hÉireann a fuair bás le 12 mhí anuas. Mar chuid den searmanas seo rinne an tAire Stáit Cosanta, an Ceann Foirne agus teaghlaigh daoine a fuair bás fleasca a leagan in aice leis an gCuimhneachán Náisiúnta.

I mí na Nollag reáchtáladh searmanas i nDún Chostúim, faoi cheannas an Aire Cosanta, le cloch chomórtha a nochtadh in ómós don tacaíocht a thug teaghlaigh Chomplacht A, an 35ú Cathlán Coisithe ONUC le linn Chath Jadotville

Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanais chomórtha bhliantúla an Stáit, lenar áiríodh, comóradh 106ú bliain Éirí Amach na Cásca ag Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Comóradh do Cheannairí 1916 ar Chnoc an Arbhair agus an Lá Náisiúnta Cuimhneacháin san Ard-Mhúsaem, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.    

Bhí ceithre (4) shúil siar aireachta ann do dhíormaí thar lear ar fud na tíre lena n-imeacht a chomóradh agus iad ar shiúl chun dualgais coimeádta síochána a chomhlíonadh le FBDNA agus FENAL.

Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach in 11 shearmanas in Áras an Uachtaráin mar ar chuir 33 Ambasadóir ar an iomlán a gCáipéisí Aitheantais faoi bhráid Uachtarán na hÉireann.      

Thug baill d’Óglaigh na hÉireann faoi dhualgais searmanais agus tacaíochta eile i rith 2022 mar thacaíocht don Stát agus mar chuid d’imeachtaí searmanais eile.

 

Oibríochtaí Comh-Thascfhórsa in 2022

 

FORLÉARGAS AR OIBRÍOCHT ‘FORTITUDE’ IN 2022

Ón am ar seoladh Oibríocht FORTITUDE, tá Óglaigh na hÉireann, i gcomhréir leis an bplean náisiúnta trasrialtais, tar éis díriú ar thacaíocht a thabhairt d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Bhí an Comh-Thascfhórsa fós ag obair le cumas Óglaigh na hÉireann a chomhordú in 2022 agus ceithre cinn (4) de cheanntheidil oibriúcháin i bhfeidhm: Tástáil, Rianú, Vacsaíniú, agus Lóistíocht. Theastaigh 7739 lá oibre ó Óglaigh na hÉireann agus 1810 gluaiseacht feithicle amhail an 03 NOLLAIG 2022. 

Tástáil in 2022

(1)        San iomlán, tá 1406 lá oibre caite ag Óglaigh na hÉireann ar Oibríochtaí Tástála in 2022.

(2)        An tasc tástála deireanach a bhí ann ná an 04 MÁRTA 22.

(3)        Is éard atá i gceist leis an oibríocht seo ná Imscaradh na nÓglach Cúltaca Muirí, Marascail, tástáil Antaigine, trealamh agus samplaí tástála a iompar.  

(4)         Baineadh feidhm as Imscaradh na nÓglach Cúltaca Muirí i Luimneach, Fionnghlas, Sligeach, Baile Bhlainséir, Tamhlacht, Cill Dhéagláin, Áth an Ghainimh, Iarthar na Cathrach, Corcaigh, Cill Chainnigh, Gaillimh, Port Láirge agus Cluain Meala.

Rianú Teagmhálaithe in 2022

(1)        San iomlán, tá 1078 lá oibre caite ag Óglaigh na hÉireann ar Oibríochtaí Rianaithe Teagmhálaithe in 2022.

(2)        Tháinig deireadh leis na línte rianaithe teagmhálaithe i mBeairic Stiofáin i gCill Chainnigh, i gCampa Fhionnúrach i nDún na nGall agus i bhFoirgneamh Eir i mBaile Cliath in 2022. An dáta deiridh oibríochta a bhí ann ná an 19 Feabhra 2022.

Vacsaíniú in 2022

(1)        Chuir Óglaigh na hÉireann pleanálaí míleata sinsearach ar fáil don Tascfhórsa Ardleibhéil um Vacsaíniú chun tacú leis na hoibríochtaí lóistíochta agus i slabhra an tsoláthair a thug maoirseacht don chlár vacsaínithe ar éirigh go geal leis.

(2)        San iomlán, tá 3015 lá oibre caite ag Óglaigh na hÉireann ar Oibríochtaí Vacsaínithe in 2022.

(3)        Bhí pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann bainteach le 10 gClinic Láraithe Vacsaínithe i ról tacaíochta lóistíochta. Cuid de na háiteanna a bhí i gceist ná Maigh Eo, Gaillimh, Luimneach, Port Láirge, Corcaigh, Dún na nGall agus Baile Átha Cliath.

(4)        Tharraing Óglaigh na hÉireann siar ón vacsaíniú an 27 Bealtaine 2022.

Lóistíocht 2022

(1)        Thug Óglaigh na hÉireann freagra ar iarrataí ar thacaíocht lóistíochta agus tacaíochta eile i rith 2022, lena n-áirítear:

(2)        San iomlán, tá 2240 lá oibre caite ag Óglaigh na hÉireann ar obair lóistíochta, obair a chuimsigh an Comh-Thascfhórsa, canbhás, tacaíocht lóistíochta, iompar, etc.

(3)       Otharcharranna de chuid Óglaigh na hÉireann a chur ar fáil chun tacú le FSS/leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. 

(4)        Canbhás a chur ar fáil in Ionaid Tástála agus Vacsaínithe COVID-19, in áiteanna FSS agus de réir mar a bhí ag teastáil in áiteanna eile ar nós saoráidí gléasra feola agus saoráidí céim síos. 

(5)        Ar na cineálacha eile tacaíochta a cuireadh ar fáil in 2022 bhí:

 

Comhordú idir Gníomhaireachtaí

Bhí gníomhaíochtaí suntasacha teagmhála agus idirghníomhaireachta ann i rith 2022 agus tugadh tús áite d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá an Comh-Thascfhórsa fós ar chúpla Meitheal de chuid FSS, lena n-áirítear Acmhainneacht Borrtha, Tobláithreáin na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna agus an Tascfhórsa Ardleibhéil um Vacsaíniú. Seo samplaí den obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile: Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Chorcaí; an tÚdarás Calafoirt i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh, an Oifig Pleanála Éigeandála; Coimisiún Shoilse na hÉireann; Uisce Éireann; BSL; Vodafone; EIR; agus an Post.

 

ATHBHREITHNIÚ AR OIBRÍOCHT FAIRWAY IN 2022

Ar threoir ón Rialtas, bhí Óglaigh na hÉireann le pearsanra agus lóistíocht a chur ar fáil a bheadh ar fuireachas i mbeairicí le go ndéanfaí iad a imscaradh chun rochtain ball foirne agus soláthraithe seirbhísí a rialú in Aerfort Bhaile Átha Cliath ón 06 Iúil 2022 go dtí an 15 Lúnasa 2022. 

(1)        Theastaigh 2118 lá oibre ó Óglaigh na hÉireann leis sin a dhéanamh

(2)        Cuireadh 3778 duine san iomlán de phearsanra Óglaigh na hÉireann ar fáil don oibríocht seo.

(3)        Rinneadh 127 gluaiseacht feithicle san iomlán.

 

ATHBHREITHNIÚ AR OIBRÍOCHT FÁILTE IN 2022

Rinne Óglaigh na hÉireann oibríochtaí Cúnamh don Chumhacht Shibhialta le héifeacht ón 21 Márta 2022 chun tacú leis an RLCMLÓ agus chun cur leis an iarracht náisiúnta chun fáilte a chur rompu siúd ón Úcráin a gheobhaidh cosaint shealadach agus chun cóiríocht agus cothú a chur ar fáil dóibh.

Rinne an Comh-Thascfhórsa acmhainní Óglaigh na hÉireann a chomhordú i rith 2022 agus tacaíocht á cur ar fáil faoi thrí cinn den cheannteidil oibriúcháin: Cóiríocht, Lóistíocht agus Ionaid Glaonna IRC Theastaigh 3289 lá oibre ó Óglaigh na hÉireann agus 326 gluaiseacht feithicle don iarracht seo amhail an 03 NOLLAIG 2022 

Cóiríocht in 2022

(1)        San iomlán, tá Óglaigh na hÉireann tar éis 1999 lá oibre ar oibríochtaí Cóiríochta in 2022.

Áirítear leis seo: 

  1. Dhá (2) Ionad Cóiríochta agus Glactha Éigeandála i gCampa Mhic Gormáin agus i gCampa Chill Bhríde.
  2. Pubaill a sholáthar don Ionad i gCnoc an Lisín agus don cheann in Iarthar na Cathrach
  3. Teagmháil sna hIonaid Éigeandála
  4. Baint ó chéile an Ionaid Éigeandála i gCampa Mhic Gormáin

 

Lóistíocht 2022

(1)        San iomlán, tá 347 lá oibre caite ag Óglaigh na hÉireann ar oibríochtaí Lóistíochta in 2022

(2)        Áirítear leis seo:

(3)         Tacaíocht lóistíochta in Iarthar na Cathrach

 

Ionaid Glaonna Chros Dhearg na hÉireann in 2022

(1) San iomlán, tá Óglaigh na hÉireann tar éis 943 lá oibre ar oibríochtaí in Ionaid Glaonna in 2022.

(2) Áirítear leis seo:

  1. Ionaid Glaonna Chros Dhearg na hÉireann a reáchtáil

           

Naisc chuig Albaim Flickr:

Seirbhís thar lear:                https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720304960336

An tArm:                              https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720304960336

An tSeirbhís Chabhlaigh:     https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720304960105

An tAerchór:                        https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720304978768