Skip to main content

Ardú ar an Aois Scoir Éigeantach do Phearsanra Óglaigh na hÉireann

Fáilte curtha ag an gCeann Foirne roimh an Ardú ar an Aois Scoir Éigeantach do Phearsanra Óglaigh na hÉireann
mra

Tá fáilte curtha ag Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, roimh fhógra an Tánaiste agus an Aire Cosanta, an tUasal Mícheál Martin, go n-ardófar na haoiseanna scoir éigeantacha do gach oifigeach agus pearsanra liostáilte atá ag fónamh in Óglaigh na hÉireann go dtí 60 bliain d’aois, agus go n-ardófar an aois uasta earcaíochta go 39 bliain d'aois. Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy: 

  

“Tá lúcháir orm faoi fhógra an lae inniu a ardóidh na haoiseanna scoir éigeantacha do gach oifigeach agus pearsanra liostáilte atá ag fónamh in Óglaigh na hÉireann go dtí 60 bliain d’aois. Is iad mná agus fir Óglaigh na hÉireann an tsócmhainn is mó atá ag ár n-eagraíocht agus tá siad lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Sin an fáth a bhfuil ardú na n-aoiseanna scoir éigeantacha do gach céim agus an chinnteacht tionachta a sholáthraíonn sé, ina thosaíocht iomlán domsa mar Cheann Foirne agus do Bhord Óglaigh na hÉireann i gcoitinne.” 

  

Is é seo an chéad ardú ar aoiseanna scoir éigeantacha do phearsanra Óglaigh na hÉireann ó 1963 agus léiríonn sé ar bhealach níos fearr an t-ardú ar ionchas saoil shláintiúil atá againn go léir. Tá an t-ardú ag teacht go ginearálta leis na harduithe atá curtha i bhfeidhm in eagraíochtaí míleata eile san iarthar. Ligfidh an beart seo do phearsanra oilte agus a bhfuil taithí acu fanacht ina bpoist ar feadh tréimhse níos faide, ag éascú meántuilleamh gairme níos airde agus ag soláthar cinnteacht tionachta do chomhaltaí uile Óglaigh na hÉireann. 

  

Dúirt an Ceann Foirne, an Leifteanant Ginearálta Seán Clancy freisin: 

  

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Tánaiste agus Aire Cosanta, an tUasal Micheál Martin TD as a thacaíocht mhór don tionscnamh seo, chomh maith le tacaíocht an Ard-Rúnaí agus chomhaltaí na Roinne Cosanta. Níos tábhachtaí fós, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m’fhoireann féin in Óglaigh na hÉireann, as a gcuid oibre ar an bpríomhbheart coinneála agus earcaíochta seo.”