Skip to main content

AN tEOLAS IS DÉANAÍ Ó ÓGLAIGH NA hÉIREANN - RIOCHT SLÁINTE AN TRÚIPÉARA SHANE KEARNEY

Tá an Trúipéir Shane Kearney le scaoileadh abhaile as Ospidéal Beaumont inniu, Dé hAoine an 03 Feabhra, agus leanfaidh sé air ag teacht chuige féin anois sa bhaile.
Fj_wXy0XwAAo2wU-2

Beidh tuilleadh cóir leighis ag teastáil uaidh amach sa bhliain ach tá an fhoireann leighis sásta leis an dul chun cinn leanúnach seasta atá á dhéanamh aige agus cuireann sin ar a chumas a bheith ag teacht chuige féin sa bhaile in éineacht lena theaghlach. 

Tá Óglaigh na hÉireann agus muintir Kearney ag iarraidh ar na soláthraithe meán cumarsáide ar fad leanúint de mheas a bheith acu ar phríobháideachas Shane i rith an ama seo.