Skip to main content

An tEolas is Déanaí ó Óglaigh na hÉireann - Bás comhalta de chuid Óglaigh na hÉireann a bhí ar fónamh i dtimpiste pharaisiútála

An tEolas is Déanaí ó Óglaigh na hÉireann - Bás comhalta de chuid Óglaigh na hÉireann a bhí ar fónamh i dtimpiste pharaisiútála
ARSM-O-Connell

Ba as Contae Chill Dara ó dhúchas don Mhórshairsint Gníomhach O’Connell agus 54 bliain d’aois a bhí sé. Bhí sé ag tabhairt faoi chúrsa sibhialtach paraisiútála do theagascóirí sa Spáinn, i gcáil phríobháideach agus ní raibh sé ar dualgas, Dé Domhnaigh an 12 Feabhra 2023 nuair a tharla an eachtra thragóideach.

Ba mhaith le hÓglaigh na hÉireann comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach agus cairde an Mhórsháirsint Ghníomhaigh Declan O’Connell.

Thosaigh an Mórsháirsint Gníomhach O’Connell le hÓglaigh na hÉireann i bhFeabhra na bliana 1990 agus ba í Scoil na nDaltaí, an Coláiste Míleata in Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann i gCampa an Churraigh an t-aonad baile a bhí aige.

Bhí slí bheatha shuntasach 33 bliain ag an Mórsháirsint Gníomhach O’Connell le hÓglaigh na hÉireann. Chríochnaigh sé méid áirithe cúrsaí míleata idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Cúrsa Catha do Sháirsintí Buíne mór le rá le Fórsaí Armtha na Ríochta Aontaithe agus cúrsaí ceannaireachta i Scoil NATO in Oberammergau sa Ghearmáin. Bhí sé ina theagascóir corpoiliúna, teagascóir oiliúna muiníne, teagascóir tiomána, teagascóir APC agus traenálaí oirbheartaíochta bheo-lámhaigh agus chuir sé oiliúint ar dhaltaí oifigigh i Scoil na nDaltaí le níos mó ná 20 bliain anuas.

D’fhóin sé thar lear naoi (9) n-uaire le hÓglaigh na hÉireann sa Liobáin, sa Chosaiv, i Mailí agus sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

Bhí sé freisin ina pharaisiútaí agus ina mhaoirseoir léime díocasach. Rinne sé cúrsa ar Línte Seasta Airm sa Churrach sa bhliain 2004 agus cúrsa eile sa Bheilg le Scoil na nDaltaí sa bhliain 2008. Bhain sé cáilíocht amach mar mhaoirseoir léime míleata sa bhliain 2018 agus rinne sé beagnach 700 léim.

Déanann Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, comhbhrón ó chroí le teaghlach an Mhórsháirsint Ghníomhaigh O’Connell agus dúirt sé “saighdiúir agus ceannaire sármhaith a bhí i Declan agus bhí ardmheas ag gach duine a raibh sé de phléisiúr acu a bheith ar fónamh leis air.  Aireoidh a theaghlach in Óglaigh na hÉireann go mór é agus tá mé ag smaoineamh ar a theaghlach agus déanaim comhbhrón leo ag an am fíordheacair seo.”

Is éard a dúirt Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) Óglaigh na hÉireann agus Uachtarán Paraisiútála Óglaigh na hÉireann, an Maor-Ghinearál Adrian Ó Murchú, “Bhí an Mórsháirsint Gníomhach Declan ‘Doc’ O’Connell ina eiseamláir do gach ní maith a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann. Bhí sé ina phríomhchomhalta de ‘Black Knights’, Foireann Taispeántais Paraisiútála Óglaigh na hÉireann chomh maith lena shlí bheatha mhíleata den scoth, a sheirbhís thar lear agus go leor gaiscí eile a bhí aige. Sa cháil sin bhíodh sé i gcónaí ar an gcéad duine a bhíodh ar fáil, ar fáil chun páirt a ghlacadh sa taispeántas nó chun tacú leis an bhfoireann mar Rialtóir Limistéir Léime, fiú dá gciallódh sé sin nach mbeadh sé féin in ann léim. Ba cheannaire agus teagascóir nádúrtha é. Bhí sé ina mheantóir iontach ag léimneoirí óga agus cé go raibh sé ina theagascóir sárcháilithe in go leor réimsí, bhíodh sé féin i gcónaí sásta nithe nua a fhoghlaim. Léiríodh an méid sin mar cé go raibh sé ina mhaoirseoir léime míleata cáilithe, bhí sé ag oibriú i dtreo cáilíocht chomhlántach spóirt a bhaint amach ina chuid ama féin. Thacaigh sé go mór le luachanna uile Óglaigh na hÉireann, go háirithe misneach morálta agus fisiciúil, neamhleithleasachas agus ionracas. Thar aon ní eile bhí Doc ina shaighdiúir iontach agus ina chomhimreoir agus cara do gach duine a raibh aithne acu air. Ba cheannaire ó nádúr é a thug spreagadh do go leor daltaí ar chuir sé oiliúint orthu i gcaitheamh na mblianta.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”

 

CRÍOCH