Skip to main content

An Leifteanantghinearál Seán Clancy, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an chéad Éireannach a ceapadh ina Chathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh

Tá Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanantghinearál Seán Clancy, ceaptha ina Chathaoirleach ar Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh. Tá sé le dul i mbun an chúraim sin i mí Bealtaine 2025 agus tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an gCathaoirleach reatha, an Ginearál Robert Brieger as Fórsaí Armtha na hOstáire.
COS-Irish

Is é Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh an comhlacht míleata is airde céim sa Chomhairle. Is iad
a bhíonn ar an gCoiste, na Cinn Foirne Cosanta as gach ceann de na 27 mBallstát. Déanann
buanionadaí míleata an bhallstáit ionadaíocht thar ceann an Chinn Foirne go rialta. Is é an Coiste
an fóram don chomhairliúchán agus don chomhoibriú míleata idir ballstáit an AE i ndáil le cosc
coinbhleachta agus bainistíocht i gcásanna géarchéime. Déanann an Coiste stiúrú ar an
mbeartaíocht mhíleata ar fad faoi chreat an AE, go háirithe an phleanáil agus an cur i bhfeidhm
maidir le misin agus oibríochtaí míleata faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC)
agus an acmhainn mhíleata a thabhairt chun cinn. Déantar, bunaithe ar chomhthoil, stiúir mhíleata
a chur ar fáil d'Fhoireann Míleata an Aontais Eorpaigh (FMAE).

Is ról lánaimseartha ar feadh téarma
trí bliana atá i gceist agus ní raibh Cathaoirleach as Éirinn ar an gCoiste go dtí seo. Beidh
preasócáid á eagrú i nDún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais ag 2:30 i.n., Déardaoin an 16
Bealtaine 2024 ag a labhróidh an Leifteanantghinearál Clancy faoina cheapadh sa phost
gradamúil seo agus tugtar cuireadh do lucht na meán cumarsáide a theacht. Beidh deis ag
lucht na meán cumarsáide ag an ócáid seo ceisteanna a chur ar an Leifteanantghinearál
Clancy faoin ról nua. Socrófar deiseanna maithe grianghrafadóireachta freisin i rith na
hócáide agus ina diaidh.

Dáta/Am: Déardaoin, an 16 Bealtaine 2024, 2:30 i.n. (ba cheart do lucht na meán
cumarsáide a bheith i láthair faoin 2:00 i.n.).
Áit: Dún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais. Is ceart a theacht chuig Príomhgheata Dhún
Chathail Bhrugha via An Bóthar Míleata, Ráth Maonais.
Duine Teagmhála: An Captaein Kevin Kenny, Preasoifig Óglaigh na hÉireann; 087 673 8395.

Más mian leat an deis seo a thapú, deimhnigh le do thoil, faoin 11:00 r.n., Déardaoin an 16
Bealtaine ainm an iriseora a bheidh ag teacht i láthair tríd an eolas sin a sheoladh chuig
press@military.ie. Iarrtar ar gach duine a bheidh ag teacht i láthair creidiúnú cuí agus
dindiúirí aitheantais a bheith acu chun dul isteach sa Dún.