Skip to main content

An Láraonad Leighis tar éis an Chéad Áit a bhaint amach in Exercise Arduous Serpent 2024

Tá an chéad áit in Exercise Arduous Serpent 2024, bronnta ar Láraonad Leighis (CMU) Óglaigh na hÉireann, éacht stairiúil mar gurb é seo an chéad uair riamh ar bhuaigh foireann de chuid na hÉireann an dianchomórtas idirnáisiúnta seo.
Arduous-Serpent-Team-Photo

Is comórtas míleata idirnáisiúnta é Exercise Arduous Serpent atá deartha chun cumas agus
ullmhacht na nAonad Liachta Míleata a thástáil trí shraith de shuíomhanna dúshlánacha.
Reáchtáladh Exercise Arduous Serpent 2024 thar thréimhse dhian 14 uair an chloig i
Limistéar Oiliúna Otterburn i Sasana agus ba iad Fórsaí Armtha na Breataine a d'eagraigh
agus a reáchtáil é. Is éard atá i gceist leis an gcomórtas ná sraith de shuíomhanna deacra, a
bhfuil gach ceann acu deartha chun gnéithe ar leith de scileanna míleata agus de chumas
sa leigheas a thástáil agus ag an am céanna seasmhacht fhisiciúil agus mheabhrach na
nAonad a bhíonn páirteach a thástáil. Ar na suíomhanna seo bhí:


1. Triáis – daoine gortaithe a mheas agus a chur in ord tosaíochta le haghaidh cóir
leighis.

Triage-Stand-2

2. Frith-fhaireachas / Faireachas gan foireann ón aer (C-UAS) - Déileáil le bagairtí ó
fhaireachas dróin.

CBRN-Stand

3. Gluais chun Tosaigh le haghaidh Teagmhála - Gluaiseacht chun tosaigh chun dul i
ngleic leis an namhaid.

Advance-to-Contact

4. Aitheantas - Feithiclí Troda Armúrtha (AFVanna) agus siombailí míleata a aithint.

5. Druileanna Frith-Luíochán - Ag freagairt do luíocháin agus á gcur ó mhaith.

6. Cóir leighis a thabhairt & Aslonnú - Cúram leighis a sholáthar agus daoine gortaithe a
aslonnú faoi bhrú.

7. Tochailt nó Bás - Teicnící tochailte cosanta a chur i bhfeidhm agus ionsaí baráiste
neamhdhíreach á dhéanamh (ionsaí airtléire agus moirtéir)

8. Bagairtí Ceimiceacha, Bitheolaíocha, Raideolaíocha, agus Núicléacha (CBRN) -
Freagairt do bhagairtí a bhaineann le hábhair ghuaiseacha.


Tá an cleachtadh ceaptha chun aithris a dhéanamh ar fhíor-chomhrac agus ar chásanna
géarchéime, d’fhonn tástáil a dhéanamh ar ullmhacht, cumas oirbheartaíochta agus cumas
leighis na n-aonad atá rannpháirteach, agus a gcumas a bheith in ann oibriú faoi strus mór.


Ní hamháin go ndéanann an comórtas measúnú ar scileanna an duine aonair ach déanann
sé measúnú freisin ar obair foirne agus ar an gcomhordú atá riachtanach le bheith rathúil i
dtimpeallachtaí a bhfuil sé casta oibriú iontu.


Fuair an CMU 827 pointe -scór an-ard, agus an scór is airde i bhformhór na seastán.
Léiríonn an t-éacht seo an tiomantas agus na caighdeáin arda oiliúna agus ullmhachta atá
laistigh dár gCór Liachta. Is léiriú é freisin ar a thiomanta atá Óglaigh na hÉireann barr
feabhais a bhaint amach ar bhonn leanúnach agus léiríonn sé go mbíonn scileanna agus
cumas ár bpearsanra á bhforbairt i rith an ama.