10.10in - An dochar bainte as Gaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana a fuarthas i bhfeithicil san
Uaimh
Dé Luain an 17 Nollaig 2018
Go moch maidin inniu, ar iarratas a fháil ón nGarda Síochána, thug Meitheal Diúscartha Buamaí an Airm Gaireas Pléascach Seiftithe Inmharthana (IED) as feithicil i gCnoc Uí Bhrú, An Uaimh, Co. na Mí.
Bhí Meitheal Diúscartha Buamaí an Airm ar an láthair ag 3.20 am agus chun sábháilteacht an phobail a chinntiú, dúnadh an limistéar agus folmhaíodh tithe fad a bhí an oibríocht ar bun. Thángthas ar IED inmharthana i bhfeithicil, baineadh an dochar as agus tugadh chun bealaigh é lena imscrúdú ag teicneoirí. Fógraíodh an áit slán sábháilte ag 8.25 am agus d’fhág an fhoireann an láthair.
Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar mhuinisean den sórt sin, nó ar ábhar a mbeadh amhras orthu faoi, moltar dóibh fanacht glan air agus fios a chur ar an nGarda Síochána.
Déileáil le Foirne Diúscartha Buama Óglaigh na hÉireann cineálacha eile de ghlaoiteoirí a chuimseodh scriosadh coincheap traidisiúnta, mar shampla sean-grenades a d'aimsigh baill den phobal, ceimiceáin éagobhsaí agus feistí a bhfuil drochamhras orthu a fuarthas amach gur gairis bhréige iad.
Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann
Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel
Dáta an Phreasráitis: Dé Luain an 17 Nollaig 2018
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:
Preasoifigeach: An Ceannfort James O'Hara
Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503
Fón Póca : 087 2482130
Ríomhphost: Preasoifigeach