Skip to main content

1 Deireadh Fómhair 2024 - Ráiteas ó Óglaigh na hÉireann

Cé go bhfuil cúrsaí corraithe is féidir le hÓglaigh na hÉireann a dheimhniú go bhfuil tuairisc fós ar gach pearsanra dá gcuid agus go bhfuil siad slán.
proud_oct1

Tá siad fós ar an airdeall agus tá
bearta cosanta fórsa á gcoinneáil acu. Bíonn ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann i
dteagmháil go rialta lenár bpearsanra ar an talamh.

Ag labhairt dó faoin timpeallacht chinéiteach mhéadaithe i nDeisceart na Liobáine, dúirt
Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanantghinearál Seán Clancy: "Tar éis na n-
imeachtaí i nDeisceart na Liobáine aréir agus ar maidin, ba mhaith liom a dhearbhú arís do
theaghlaigh ár bpearsanra atá imscartha sa réigiún go dtugaimid tús áite do shábháilteacht
ár dtrúpaí, agus is mór againn an tacaíocht óna dteaghlaigh le linn na tréimhse seo. Táimid i
dteagmháil leo go seasta agus táimid ag déanamh monatóireacht ghníomhach ar chúrsaí ar
an talamh. Cé go bhfuil na cúinsí reatha dúshlánach, tá ár bpearsanra fós tiomanta dá
misean síochánaíochta agus tá oiliúint mhaith faighte acu chun aon míshocracht mhéadaithe
a láimhseáil."

Maidir le teaghlaigh pearsanra atá ag fónamh sa Liobáin, tá tacaíocht ar fáil trínár Seirbhís
Tacaíochta Pearsanra ar féidir teagmháil a dhéanamh léi ach ríomhphost a sheoladh chuig
pss@defenceforces.ie agus trí Oifigigh Idirchaidrimh Aonaid ar féidir teagmháil a dhéanamh
leo trí do Bheairic áitiúil.