Skip to main content

09 Deireadh Fómhair 2024 - Nuashonrú an Tráthnóna ó Óglaigh na hÉireann

Is féidir le hÓglaigh na hÉireann a dheimhniú nach bhfuil aon phearsanra ná feithiclí de chuid an IDF tugtha faoi deara i láthair na huaire sa cheantar timpeall ar lonnaíochtaí IrishPolbatt na Líne Goirme.
un_mowag

Ó cuireadh deireadh le gníomhaíocht agus ó tharraing fórsaí
Iosrael siar óna lonnaíochtaí timpeall ar phost na hÉireann, táthar ag déanamh dul chun cinn
leis an bpleanáil mhionsonraithe chun tacú le pearsanra IrishPolbatt i lonnaíochtaí
IrishPolbatt na Líne Goirme a athsholáthar.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí: Meabhraímid arís do na meáin faoin úsáid fhorleathan a bhaineann an
dá pháirtí sa choimhlint as oibríochtaí faisnéise agus faoin tábhacht a bhaineann leis an
bhfaisnéis go léir a dheimhniú sula bhfoilsítear í, agus go ndéanfaidh an oifig seo iarracht
faisnéis a dheimhniú de réir mar is gá.

Mar gheall ar an timpeallacht oibríochtúil agus mar gheall ar an gcás mar atá ar an talamh,
ní féidir linn aon iarratas ó na meáin chun cuairt a thabhairt ar an limistéar a cheadú, agus
cinnte dearfa, ní féidir linn cead a thabhairt do na meáin tréimhsí a chaitheamh in éineacht
leis an gCathlán. Anuas air sin, faraor níl aon bhealach ann faoi láthair inar féidir le
pearsanra atá imscartha sa Liobáin dul faoi agallamh.