Skip to main content

08 Deireadh Fómhair 2024 - Nuashonrú Meán

Tá líon mór iarrataí ar fhaisnéis á bhfáil againn i láthair na huaire, leibhéal nach bhfacthas riamh cheana, agus táthar ag súil go mbeidh cúrsaí ar an gcaoi sin go ceann i bhfad.
unifil_peacekeepers

Tabhair faoi deara, go n-eiseoidh Preasoifig Óglaigh na hÉireann nuashonrú ar chúrsaí sa Liobáin
chuig an liosta seachadta seo faoi dhó sa lá, an chéad cheann ag 10:00am agus an dara
ceann ag 7:00pm. Tabharfar aghaidh ar gach ceist agus iarraidh ar fhaisnéis a fhaightear i
rith an lae idir an dá nuashonrú seo i nuashonrú an tráthnóna. Má tá forbairt shuntasach
tagtha ar chúrsaí, eiseofar nuashonrú lasmuigh de na huaireanta sin, de réir mar is gá.

Meabhraímid arís do na meáin faoin úsáid fhorleathan a bhaineann an dá pháirtí sa
choimhlint as oibríochtaí faisnéise agus faoin tábhacht a bhaineann leis an bhfaisnéis go léir
a dheimhniú sula bhfoilsítear í, agus déanfaidh an oifig seo iarracht faisnéis a dheimhniú de
réir mar is gá.

Gabhaimid buíochas leat as do chomhoibriú.