Skip to main content

04 Deireadh Fómhair 2024 - Grianghraif i Liobáin

The Defence Forces Press Office are aware that a number of photographs are being circulated from various locations in Lebanon.
oct_4_photographs_lebanon

Is eol do Phreasoifig Óglaigh na hÉireann go bhfuil roinnt grianghraf á scaipeadh ó áiteanna
éagsúla sa Liobáin. Is féidir na suíomhanna atá in go leor de na híomhánna seo a aithint
agus is cúis imní é go nochtfaí poist UNIFIL (Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa
Liobáin) nó limistéir in aice láimhe trí thimpiste. D’fhéadfadh nochtadh den sórt sin
spriocanna féideartha a dhéanamh de na suíomhanna sin agus sábháilteacht agus folláine
phearsanra UNIFIL a chur i mbaol.

Chun an riosca sin a mhaolú agus chun aon sárú ar an tSlándáil Oibríochtúil a chosc,
iarraimid go gcuirfí gach grianghraf agus íomhá físe a bhaineann leis an staid leanúnach sa
Liobáin faoi bhráid Phreasoifig Óglaigh na hÉireann lena bhfíorú sula bhfoilseofar iad nó
sula roinntear ar líne iad. Tá do chomhoibriú ríthábhachtach chun slándáil agus
sábháilteacht phearsanra agus oibríochtaí na Náisiún Aontaithe a chothabháil.

Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn aon cheist agat.