Skip to main content

4.10pm 04 Deireadh Fómhair 2024 - Imscaradh an 124ú Cathlán Coisithe chuig UNIFIL thart

proud_of_my_peacekeeper

Bíonn Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann i dteagmháil go rialta lenár lucht ceannaireachta
ar an talamh, ag fáil nuashonruithe ar an staid leanúnach inár dtrí limistéar misin (UNDOF,
UNTSO agus UNIFIL). Tá sábháilteacht agus slándáil ár bpearsanra atá lonnaithe sa
réigiún fós ina n-ábhar mór imní don Cheannfhoireann, agus ba mhaith linn ár mbuíochas ó
chroí a ghabháil le teaghlaigh agus le cairde ár bpearsanra as a dtacaíocht dhaingean le linn
an imscartha seo.

Tá treoir tugtha ag Ceanncheathrú UNIFIL do gach cathlán gluaiseachtaí a theorannú i
bhfianaise na staide leanúnaí. Rinneadh measúnuithe ar chonair an tsoláthair ó thuaidh ó
Litani go Béiriút ag tús an ghéaraithe agus cinneadh nach bhfuil an timpeallacht reatha
fabhrach do ghluaiseacht conbhuanna móra.

Tugadh treoir do phearsanra atá ar saoire faoi láthair a dtaisteal fillte chun na Liobáine a
choinneáil agus fanacht ar fuireachas go dtí go mbeidh tréimhse shlán ar fáil chun go
mbeifear in ann iad a thabhairt ar ais chuig UNP 2-45. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar na
pleananna seo ar bhonn laethúil.