Skip to main content

Searmanas Coimisiúnaithe Oifigeach na Seirbhíse Cabhlaigh

5th Iúíl 2019, 11.45in - Inis Sionnach
naval-commissioning

Freastalóidh an tAire ar a bhfuil freagracht maidir le Cosaint, an tUasal Paul Kehoe T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Aimiréal Mark Mellett DSM, ar Shearmanas Coimisiúnaithe Oifigeach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh sa Bhunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach, Corcaigh, an 5 Iúil 2019, ag 12pm.

Lá bródúil, tábhachtach é do chomhaltaí an 57ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh agus a gCoimisiún á fháil acu. Seo é a luach saothair i ndiaidh dhá bhliain de dhian-traenáil loingseoireachta agus míleata a bheith tugtha chun críche acu.

Thug an naonúr Daltaí cúrsa thar a bheith deacair, dúshlánach agus fiúntach i mbun-traenáil Oifigigh chun críche. I measc na n-ábhar a ndearna siad staidéar orthu bhí loingseoireacht, uiscíocht, mairnéalacht, ceannaireacht, cumarsáid, innealtóireacht muirí agus cogaíocht cabhlaigh, agus thug siad faoi chúrsa straitéisí in Ollscoil na hÉireann Má Nuad.

Fuair na Daltaí taithí ar an bhfarraige ar fud flít na Seirbhíse Cabhlaigh agus chuir siad tús leis an gcéad bhliain de staidéar acadúil do Bhaitsiléir Eolaíochta san Eolaíocht Loingseoireachta i gColáiste Náisiúnta Muirí na hÉireann.