Skip to main content

Seoladh Chomórtas Daltaí 2019 Óglaigh na hÉireann

Déardaoin an 18 Aibreán 2019, 12.00pm
CAD É OIFIGEACH ARM DALTA

Tá seoladh Chomórtas Daltaí 2019 do na Buan-Óglaigh (PDF) fógartha inniu ag an Aire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD. Is é is aidhm leis an gcomórtas i mbliana 100 dalta a liostáil san Arm, sa tSeirbhís Cabhlaigh agus san Aerchór.

Is deis atá sa chomórtas daltaí do dhaoine óga fónamh ar son a dtíre ina n-oifigigh i réimsí éagsúla Óglaigh na hÉireann. Beidh deis ag oifigigh nua-choimisiúnaithe fónamh d'Éirinn sa tír seo agus ar mhisin thar lear, chomh maith le taithí a fháil ar réimse leathan traenála agus oideachais a bhaineann lena réimse seirbhíse, ar an daltas a chur i gcrích.

Maidir leis an seoladh inniu, leag an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD béim ar na "deiseanna a chuirtear ar fáil d'fhir agus do mhná óga chun scileanna riachtanacha saoil a fhoghlaim, an cumas ceannaireachta atá iontu a fhorbairt, tabhairt faoi thraenáil den chéad scoth agus cur lena gcuid oideachais trí thabhairt faoi ghairm ina n-oifigigh in Óglaigh na hÉireann. Níos luaithe i mbliana, coimisiúnaíodh 77 ndalta ón 94ú Rang Dalta - bhí 17 mbean sa rang sin - an líon ban ba mhó riamh a coimisiúnaíodh as aon Rang Dalta amháin. Táim dáiríre faoi fhorbairt a dhéanamh ar an dul chun cinn sin in 2019. Is í an earcaíocht bun agus barr Óglaigh na hÉireann agus is cuid riachtanach í maidir le cumas Óglaigh na hÉireann a forbairt."

Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leas-Aimiréal Mark Mellett DSM maidir le seoladh an chomórtais. ‘Is eispéireas dúshlánach agus fiúntach é tabhairt faoi dhaltas in Óglaigh na hÉireann trína n-ullmhaítear fir agus mná óga le bheith ina gceannairí agus ina gcinnteoirí san Airm, sa tSeirbhís Cabhlaigh agus san Aerchór. Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg daoine óga atá fuinniúil agus cumasach agus a ghníomhaíonn de réir ár mbunluachanna.’

Is ó Déardaoin an 18 Aibreán go dtí Dé Domhnaigh an 12 Bealtaine a bheidh an comórtas seo ar oscailt agus féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar military.ie.


Dáta an Phreasráitis: Déardaoin an 18 Aibreán 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach