Skip to main content

Searmanas Comórtha 20 Bliain an Rescue 111

Máirt, 2ú Iúil 2019
Air Corps commemorates 111 accident

Ar an lá seo scór bliain ó shin, bhásaigh ceathrar de chriú an Aerchóir nuair a thuairteáil an Héileacaptar Dauphin ina raibh siad, Rescue 111, de bharr ceo trom ar thrá Thrá Mhór i gContae Phort Láirge. Bhásaigh an Captaen Dave O'Flaherty, an Captaen Mick Baker, an Sáirsint Paddy Mooney agus an Chorparáil Niall Byrne nuair a bhí siad i mbun misean cuardaigh agus tarrthála.

Tháinig a muintireacha, cairde agus comhghleacaithe le chéile inniu san áit a raibh an ceathrar bunaithe, ag Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Dhónaill agus ag láthair na tuairte sa Trá Mhór le comóradh a dhéanamh orthu. Tugadh ómós don tseirbhís a bhí tugtha acu agus don íobairt a rinne siad ar son an Stáit agus ar son mhuintir na hÉireann. Rinne an tAerchór garda onóra míleata agus tareitilt searmanais 'missing man'.

Tharla an timpiste nuair a thug an Rescue 111 a haghaidh ar Aerfort Phort Láirge i ndiaidh don chriú bád a bhí ar iarraidh a aimsiú agus Bád Tarrthála Heilbhic a chur chomh fada léi. Bhí an aimsir imithe in olcas agus theagmhaigh an héileacaptar le dumhach nuair a bhí sí ag teacht anuas ar an trá sa Trá Mhór.

Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha.


Dáta an Phreasráitis: Dé Máirt 2ú Iúil 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach