Skip to main content

Cleachtadh Ullmhachta Misin Roimh Imscaradh an 59ú Grúpa Coisithe

Dé Luain an 11 Márta, 12.00pm
News-MRE

Cleachtadh Ullmhachta Misin Roimh Imscaradh an 59ú Grúpa Coisithe UNDOF (An tSiria)

Dé Máirt (an 12 Márta) tabharfaidh an tAire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, an tUas. Paul Kehoe TD, in éineacht le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Seachaimiréal Mark Mellett DSM, cuairt ar an 59ú Grúpa Coisithe agus iad i mbun ullmhaithe dá n-imscaradh chun na Siria go luath. Chomh maith leis sin, seolfaidh an tAire feachtas earcaíochta seirbhíse ginearálta 2019 an Airm go hoifigiúil mar chuid den chuairt.

Tá 130 trúpa de chuid Óglaigh na hÉireann ón 59ú Grúpa Coisithe ag tabhairt faoin gcéim deiridh den traenáil mar ullmhúchán don imscaradh chuig Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) atá lonnaithe sa tSiria. I nGleann Ó Máil, Co. Chill Mhantáin, atá an traenáil sin ar siúl. Tá meascán taithí ag pearsanra an aonaid ó shaighdiúirí agus oifigigh ar a gcéad turas go dtí ceannasaithe agus Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe Sinsearacha (NCO-anna) a bhfuil go leor taithí acu.

Sa Chleachtadh Ullmhachta Misin tugann ceannasaithe agus saighdiúirí faoi dhiansraith imeachtaí bunaithe ar an staid sa Mheánoirthear faoi láthair agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh titim amach i limistéar luaineach an mhisin. Tabharfaidh na trúpaí aghaidh ar ionsaithe pléascacha ionsamhlaithe, iarrfar orthu pearsanra a aimsiú, a tharrtháil agus a aslonnú, agus cleachtfaidh siad taicticí frith-luíocháin, pleanáil oibríochta mionsonraithe. Cuirfear an 59ú Grúpa Coisithe chun na Siria ag deireadh mhí an Mhárta, agus glacfaidh an Grúpa dualgais an 58ú Grúpa Coisithe atá ar fónamh le UNDOF ó mhí Mheán Fómhair 2018 orthu féin. Beidh siad ar an dara meitheal as Éirinn le himscaradh go díreach chun na Siria ó ghlac an 57ú Grúpa Coisithe seilbh ar Champa Faouar anuraidh. Cuirfidh an cleachtadh sárdheiseanna grianghrafadóireachta agus físeáin ar fáil agus beidh am ann baill na meithle a chur faoi agallamh. Tugtar cuireadh do na meáin a bheith i láthair. Seol RSVP faoin 6.00pm Dé Luain an 11 Márta.


Dáta an Phreasráitis: Dé Luain an 11 Márta, 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach