Skip to main content

Árthach Iascaireachta Coinnithe ag an LÉ Niamh

31st July 2019 - 6.00p.m.
LÉ Niamh P52

Árthach Iascaireachta Coinnithe ag an LÉ Niamh ó Dheas den Seancheann

Choinnigh árthach na Seirbhíse Cabhlaigh, an L.É. NIAMH, árthach iascaireachta atá cláraithe in Éirinn, thart ar 40 muirmhíle ó dheas den Seancheann, Co. Chorcaí. Bhain an choinneáil le sárú a líomhnaítear a rinneadh ar rialacháin iascaireachta.

Rinne an LÉ Niamh an t-árthach a thionlacan go Cuan Chorcaí, áit a dtabharfar ar láimh í don Gharda Síochána.

Is í seo an séú hárthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh go dtí seo in 2019. Cuireann Óglaigh na hÉireann cigireachtaí i gcrích ar iascaigh mhara i gcomhréir le comhaontú leibhéal seirbhíse leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais atáthar a chur ar fáil don stát.


Dáta an Phreasráitis: 31ú Iúil 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach