Skip to main content

Árthach Iascaigh Coinnithe ag an LÉ SAMUEL BECKETT

22ú Lunasa, 2019 - 1 pm
LÉ Samuel Beckett P61

Árthach Iascaigh Coinnithe ag an LÉ SAMUEL BECKETT 200 míle ó Dheas de Charraig Aonair

Tá árthach iascaigh atá cláraithe sa Phortaingéil faoi choinneáil ag árthach de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh, an LÉ SAMUEL BECKETT, thart ar 200 muirmhíle ó dheas de Charraig Aonair. Baineann an choinneáil le sárú a líomhnaítear a rinneadh ar rialacháin iascaireachta.

Tá an t-árthach á tionlacan ag an LÉ SAMUEL BECKETT go Baile Chaisleáin Bhéarra, áit a dtabharfar ar láimh í don Gharda Síochána.

Is í seo an t-ochtú hárthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh go dtí seo in 2019, agus is í an dara árthach faoi choinneáil an tseachtain seo. Tugann Óglaigh na hÉireann cigireachtaí iascaigh i gcrích ar muir i gcomhréir le comhaontú leibhéal seirbhíse leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil don stát.


Dáta an Phreasráitis: 22ú Lúnasa 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach