Saintréithe éagsúla de chuid na tréimhse roimh imscaradh is ea iad smaointe atá bainteach le séanadh agus le himeacht duine ionúin. De réir mar a bhítear ag tarraingt níos gaire don dáta imeachta, is minic a chuireann céilí agus páirtnéirí an cheist seo a leanas: “An amhlaidh go gcaithfidh tú imeacht?”
Sa deireadh, éiríonn sé níos soiléire ná riamh go bhfuil an t-imscaradh le bheith ann go luath de bharr na traenála agus an ullmhúcháin níos déine le haghaidh imscaradh agus de bharr na dtréimhsí níos faide a chaitear ar shiúl ón mbaile. Tosóidh do chéile/pháirtnéir ag caint níos mó ná riamh faoin misean atá le bheith ann go luath agus faoin aonad ina bhfuil sé/sí. Is cuid den phróiseas ‘comrádaíochta’ é sin agus is cuid riachtanach de chomhtháthú an aonaid é rud atá an-tábhachtach i dtaca le himscaradh sábháilte rathúil. Sa bhaile, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le leibhéal méadaithe coimhthís, idir mhothúchánach agus fhisiciúil, do chéilí agus do pháirtnéirí míleata. Mar thoradh ar fhrustrachas, déanann cuid mhór céilí an gearán seo a leanas: “B’fhearr liom dá mbeifeá imithe cheana féin.” Tá sé mar a bheadh an céile/páirtnéir ionúin “imscartha go síceolaíoch” cheana féin.
Nuair a thuigtear réadúlacht an imscartha go hiomlán, déanann teaghlaigh iarracht a gcuid gnóthaí a réiteach. Ullmhaítear liostaí “rudaí atá le déanamh” chun déileáil le gach saghas ní lena n-áirítear na nithe seo a leanas: deisiúcháin sa bhaile, cúrsaí slándála (glais dorais agus fuinneoige, aláram buirgléireachta etc.), cothabháil gluaisteáin, cúrsaí airgeadais, pleananna cúraim leanaí agus uachtanna, gan trácht ar rudaí eile. Ag an am céanna, déanann cuid mhór lánúineacha iarracht caidreamh níos dlúithe a bhunú eatarthu. Déantar pleananna don Nollaig “is fearr riamh” nó don tsaoire “is fearr riamh". Uaireanta, luaitear ábhar imní faoi dhílseacht ó thaobh cúrsaí pósta de nó d’fhéadfadh sé go bhfanfaidh an t-ábhar imní sin gan lua. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i measc na n-ábhar imní a luaitear go minic: “Conas a dhéileálfaidh na leanaí leis an scaradh?” “An féidir liom déanamh gan é/í?” “An mairfidh mo phósadh?” Is aimsir an-ghnóthach é agus bíonn rudaí trína chéile uaireanta, agus is minic nach mbítear in ann réiteach sásúil a fháil ar na saincheisteanna sin ar fad, nach mbítear in ann na tascanna iomadúla a chur i gcrích go sásúil nó nach mbítear in ann gach rud a dhéanamh a bhfuiltear ag súil leis.
Ní rud neamhghnách é argóint shuntasach a bheith ann tamall gairid roimh an imscaradh. I gcás lánúineacha atá le chéile ar feadh i bhfad nó a bhfuil taithí acu roimhe sin ar imscaradh, is furasta an argóint sin a chur i leith ghnáthshaol an phósta. I gcás lánúineacha níos óige, go háirithe lánúineacha atá ag scaradh óna chéile den chéad uair, is féidir le hargóint den sórt sin a bheith ina cúis le himní go bhfuil deireadh leis an ngaolmhaireacht agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina ábhar mór imní don dá pháirtí. Nuair a fhéachtar siar orthu, tuigtear gurbh é ba chúis leis na hargóintí sin ná an strus a bhaineann leis an scaradh a bhí le tarlú go luath. Ó thaobh cúrsaí síceolaíochta de, is fusa a bheith feargach ná déileáil leis an gcrá croí a bhaineann le slán a fhágáil go ceann sé mhí nó níos mó.
Ach d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann mar gheall ar ábhair imní nach réitítear, is é sin le rá, sna háiteanna ina bhfuil an misean ar siúl agus sa bhaile. I gcás ina bhfuil imní ar Shaighdiúir, ar Mhairnéalach nó ar Eitleoir is furasta cur isteach air/uirthi nó d’fhéadfadh sé nach mbeidh sé/sí in ann tascanna riachtanacha a chur i gcrích. D’fhéadfadh timpiste thromchúiseach a bheith ann dá bharr sin nó d’fhéadfadh dianstrus a bheith ann dá bharr. Sa bhaile, is féidir le míshuaimhneas shuntasach i dtaca le céilí de cur isteach ar ghnáthchúraimí a choimeád ar bun, ar dhíriú ar chúrsaí oibre agus ar aird a thabhairt ar riachtanais na leanaí. Ar an gceann is measa de, d’fhéadfadh sé sin cur le himní leanaí nach bhfuil na tuismitheoirí in ann cúram dóthanach a thabhairt dóibh nó, fiú amháin, nach bhfillfidh an tuismitheoir tar éis an mhisin. Samplaí d’iompar dochrach i measc leanaí is ea iad gol dobrónach, fuarchúis, taghdanna agus iompar aischéimnitheach eile.
Cé gur fusa é a rá ná é a dhéanamh, is minic a chabhraíonn sé le teaghlaigh agus do pháirtnéirí Óglaigh na hÉireann - i rith na tréimhse roimh an imscaradh - plé mionsonraithe a dhéanamh faoin méid a bhfuil siad ag súil leis óna chéile i rith an imscartha. D’fhéadfadh raon rudaí éagsúla a bheith i gceist, lena n-áirítear an méid seo a leanas: saoirse chun cinntí neamhspleácha a dhéanamh, teagmháil le daoine den inscne eile (dílseacht), ag dul amach le cairde, buiséadú, tógáil na leanaí, agus fiú amháin cé chomh minic a chuirfear litreacha nó cé chomh minic a dhéanfar teagmháil leis na daoine sa bhaile. Is minic a tharlaíonn sé, i gcás nach gcuirtear na nithe sin, agus nithe eile a bhfuiltear ag súil leo, in iúl go cruinn go gcothaítear míthuiscint, saobhadh agus crá níos déanaí le linn an imscartha. Is deacair mór-easaontais pósta a réiteach nuair a bhíonn na páirtithe ar an láthair chéanna, gan trácht ar réiteach a fháil nuair a bhíonn na páirtithe na mílte míle ar shiúl óna chéile.