Skip to main content

Ionadaí Míleata na hÉireann chuig an EUMC

Is sa bhliain 1983 a coimisiúnaíodh an Briogáidire-Ghinearál Gerard Buckley isteach sa Chór Airtléire. Ghlac sé le post le tamall anuas mar Ionadaí Míleata san Aontas Eorpach agus mar PfP NATO.

Seirbhís Mhíleata

Bhí réimse ceapachán aige ina dhiaidh sin laistigh den Chór. Chomh maith leis sin bhí ceapacháin aige ag Leibhéil Briogáidire agus i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann (DFHQ), áit a bhfuair sé taithí mhór ar oibríochtaí, ar phleanáil straitéiseach, ar lóistíocht agus ar réimsí airgeadais. An post is déanaí a bhí aige ná post ina Stiúrthóir Óglaigh na hÉireann maidir le Tacaíocht Chomhraic agus ISTAR agus bhí freagracht bhreise air as Fórsaí Cúltaca Óglaigh na hÉireann. Roimhe sin, d'fhóin sé ina Stiúrthóir Comh-Lóistíochta, chun tacaíocht a chur ar fáil d'oibríochtaí Óglaigh na hÉireann, ar fud na seirbhísí ar fad, sa bhaile agus thar lear. Roimh an gceapachán sin, chaith sé roinnt blianta ina J8 (Airgeadas) Óglaigh na hÉireann.

Seirbhís Thar Lear

Tá réimse leathan taithí thar lear ag an mBriogáidire-Ghinearál Buckley, agus é ag oibriú ar fud réimse leathan de thimpeallachtaí slándála a bhfuil réimse gníomhaithe slándála ag dul leo. I measc na n-imscartha seo, áirítear coimhlint a chosc agus coimeád síochána leis na Náisiúin Aontaithe, bainistiú géarchéimeanna le NATO,  réiteach iarchoimhlinte leis an OSCE agus athchóiriú na hearnála slándála leis an AE. Áirítear ar an taithí sin trí sheal dualgais in UNIFIL, le Cathlán na hÉireann ar dtús agus le gairid, chaith sé bliain ina Cheann Foirne Speisialta do Cheann an Mhisin agus don Cheannasaí Fórsa. Bhí sé ina Oifigeach Éireannach Sinsearach le linn na tréimhse sin chomh maith. Chomh maith leis sin, d'fhóin sé ina Bhreathnadóir Míleata UN in UNPREDEP sa Mhacadóin Thuaidh, le Ceanncheathrú Mhisean OSCE sa Bhoisnia, Craobh J35 i gCeanncheathrú ISAF i gCabúl, agus bliain ina Cheann Foirne Misin ar Mhisean Oiliúna an AE sa tSomáil, nuair a bhí an misean sin ag aistriú go Mogaidisiú.

Oideachas

Tá bunchéim aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá céim máistir aige ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Bhain an Briogáidire-Ghinearál Buckley céim amach sa Choláiste Náisiúnta Ceannais agus Foirne. Chomh maith leis sin, tá teastas aige i gceannaireacht Straitéiseach, ar tionscnamh sinsearach ceannaireachta é de chuid Óglaigh na hÉireann.

Eolas Pearsanta

Is as Dairbhre, Co. Chiarraí é ó dhúchas ach tá sé ina chónaí sa Mhuileann gCearr le fada, tá sé pósta le Emer agus tá iníon acu, Moya atá ag staidéar i mBaile Átha Cliath. Baineann sé sult as réimse leathan spórt, lena n-áirítear galf agus peil ghaelach.

Eolais faoi Imscaradh Thar Lear

Léigh faoi ranníocaíocht na hÉireann le imscaradh síochánaíochta ar fud an domhain

Leas-Cheannasaí Fórsa UNDOF

Beathaisnéis don Briogáidire-Ghinearál Maureen O'Brien Leas-Cheannasaí Fórsa UNDOF

Ionadaí Míleata na hÉireann chuig an EUMC

Beathaisnéis don Briogáidire-Ghinearál Gerard Buckley an Ionadaí Míleata na hÉireann chuig an EUMC

Iar-Mhisin Thar Lear

Ó 1958 i leith bhí saighdiúirí Éireannacha ar mhisin cothaithe síochána ar fud an domhain. Tá taifead bródúil ag Óglaigh na hÉireann ar sheirbhís síochánaithe gan bhriseadh ó shin i leith. Léigh faoi chuid de na misin a bhí ann roimhe seo.

Misin Reatha

I measc na misean atá againn faoi láthair tá trúpaí i bhfeidhm san Afraic, sa Mheánoirthear agus san Eoraip

An Chathghrúpa

Is éard atá sa An Cath Ghrúpa ná foirm faoi leith d'eilimintí mearfhreagartha de chuid an AE a d'fhéadfadh freagra a thabhairt ar an soláthar tráthúil d’acmhainní riachtanacha a bheadh de dhíth i gcomhair oibríocht mearfhreagartha de chuid an AE.

Traenáil Roimh Imscaradh Thar Lear

Roimh imscaradh déanfaidh gach Briogáid ceannais Cleachtaí Ullmhachta Misin dá cathlán. Tá ról le himirt ag Scoil Traenála na Náisiún Aontaithe in Éireann (UNTSI) freisin i bpearsanra a ullmhú chun dul ar fónamh thar lear.

Teaghlaigh agus Imscaradh Thar Lear

Is féidir le imscaradh thar lear a bheith dúshlánach don phearsanra atá ag fónamh thar lear agus a dteaghlaigh.

Rolla Onóra

Is é seo Liosta de phearsanra Óglaigh na hÉireann a fuair bás agus é ag fónamh ar a bhfuil misean taobh amuigh d'Éirinn.