Sa bhliain 1958 a chuaigh Óglaigh na hÉireann isteach sa tsíochánaíocht an chéad uair nuair a sannadh thart ar chaoga oifigeach ar Grúpa Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNOGIL) mar bhreathnóirí feadh na Líne Dheighilte Sos Cogaidh (ADL) idir an Liobáin agus Iosrael. Nuair a bhí an misean le UNOGIL críochnaithe d’aistrigh roinnt oifigeach go dtí Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh (UNTSO), eagraíocht a bunaíodh in 1948.
Ba é an Operation des Nations Unies au Congo (ONUC) an chéad mhisean síochánaíochta ar cuireadh meitheal armtha Éireannach chuige, ó 1960 go dtí 1964. B’oifigeach as Éireann, Lt Gin S McKeown, a bhí ina Cheannasaí Fórsa ar ONUC ó Eanáir 1961 go dtí Márta 1962 agus d’fhóin os cionn 6,000 Éireannach ar an misean seo. Fuair 26 díobh sin bás. Is meithle armtha ó bhallstáit a chuirtear faoi cheannas na Náisiún Aontaithe a dhéanann Oibríochtaí Síochánaíochta.
Ó shin i leith tá meitheal armtha á cur ag Óglaigh na hÉireann chuig na NA, ach amháin le linn na tréimhse ó Bhealtaine 1974 go dtí Bealtaine 1978. De ghnáth is cathlán coisithe thart ar 600 duine nó grúpa coisithe os cionn 400 duine a bhíonn sna meithle sin.
D’fhóin grúpa coisithe le Fórsa na Náisiún Aontaithe sa Chipir (UNFICYP) ó 1964 go dtí 1973. Ó shin i leith chuir Éire oifigigh agus NCOanna ar fáil d'fhoireann an UNFICYP go dtí gur tháinig deireadh lena tiomantas ina leith sa bhliain 2005.
I mí Deireadh Fómhair 1973 aistríodh an grúpa coisithe as an Chipir go dtí An Dara Fórsa Éigeandála de chuid na Náisiún Aontaithe (UNEF II) sa Síonáí chun maoirseoireacht a dhéanamh ar an sos comhraic idir an Iosrael agus an Éigipt tar éis Chogadh Yom Kippur. Baineadh trúpaí na hÉireann amach as UNEF II i mí Iúil 1974 tar éis na mbuamaí i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán.
UNIFIL a chur i ngníomh sa bhliain 1978 an chéad tiomantas eile a thug Éire d’fhórsa síochánaíochta. D’fhóin os cionn 30,000 pearsanra sa Liobáin go dtí seo.
Is cathláin choisithe a bhíonn sna meithle in oibríochtaí síochánaíochta, de ghnáth, agus ní bhíonn siad armtha ach go héadrom, dá gcosaint féin agus sin amháin. Déanann Sainórdú na NA chun Fórsa Síochánaíochta a bhunú soláthar d’arm a úsáid i gcás féin-chosanta. Deir na téarmaí tagartha d’Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) mar shampla, go n-áirítear ar fhéin-chosaint gníomhú i gcoinne iarrachtaí foréigneacha cosc a chur ar UNIFIL a chuid dualgas a chur i bhfeidhm faoin Sainordú.
Shínigh Éire Meabhrán Tuisceana leis na Náisiúin Aontaithe an 15 Deireadh Fómhair 1998, a gheallann go mbeidh Óglaigh na hÉireann páirteach i gCóras Socruithe Cúltaca na Náisiún Aontaithe (UNSAS). Trí dhul isteach in UNSAS, tugann Éire tairiscint suas le 850 duine de chuid Óglaigh na hÉireann a chur ar fáil d’oibríochtaí síochánaíochta na NA ag am ar bith.
Chuir an AE tús leis an oibríocht bainistithe géarchéime ESDP is mó riamh go luath i mí na Nollag 2004 — Oibríocht Althea. Is éard atá san oibríocht misean iardain ar mhisean SFOR faoi cheannas NATO, a raibh sainordú aige ó na NA, chuig Boisnia agus an Heirseagaivéin. Bhí aonad póilíní míleata i gceist leis an gcéad imscaradh SFOR a rinne Óglaigh na hÉireann. Baineadh na póilíní míleata siar ó SFOR i mí Eanáir 2003 ach lean 12 comhalta d’Óglaigh na hÉireann ar aghaidh ar fónamh ag ceanncheathrú SFOR in Sarajevo. Tugadh an misean seo go dtí EUFOR ina dhiaidh sin.
Misin thar lear
Bíonn na misin sin faoi cheannas nó faoi cheadú eagraíochtaí éagsúla.
Oibríochtaí faoi cheannas na NA.
Cabhraíonn Síochánaíocht na Náisiún Aontaithe le tíortha a bhfuil coimhlint á fulaingt acu coinníollacha a chruthú le go mbeidh síocháin bhuan acu. Tá na NA comhdhéanta de phearsanra sibhialta, míleata agus póilíní. Chomh maith le síocháin agus slándáil a chothabháil, tugtar de dhualgas ar chaomhnóirí síochána cabhrú le próisis pholaitiúla; córais bhreithiúnacha a athchóiriú; oiliúint a chur ar fhórsaí forfheidhmithe dlí agus póilíní; iar-chomhraiceoirí a dhí-armáil agus a ath-lánpháirtiú; tacú le teifigh agus le daoine a cuireadh as a n-áit féin laistigh den tÁr a chur ar ais abhaile.
Sa bhliain 1958 a chuaigh Óglaigh na hÉireann isteach sa tsíochánaíocht an chéad uair nuair a sannadh thart ar chaoga oifigeach ar Ghrúpa Breathnóireachta na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNOGIL) mar bhreathnóirí feadh na Líne Dheighilte Sos Cogaidh (ADL) idir an Liobáin agus Iosrael.
Tá 29 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ar fónamh leis na Náisiúin Aontaithe i dtíortha éagsúla — an Congó, an tSiria, an Iordáin, An Liobáin, an Sahára Thiar agus Ceanncheathrú na NA i Nua Eabhrac.
Oibríochtaí faoi stiúir na hEorpa
Tá na Ballstáit tiomanta do Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála don Aontas Eorpach. Is é aidhm an Bheartais Eorpaigh Slándála agus Cosanta cumas seachtrach an AE a neartú ó thaobh gniomhú trí chumais shibhialta agus mhíleata a fhorbairt maidir le Coinbhleacht a Chosc agus Géarchéim a Bhainistiú. Tá smachtbhannaí taidhleoireacha nó eacnamaíocha leagtha amach ag an AE chun tionchar a imirt ar bheartais a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta nó cearta daonna, nó ar bheartais nach léiríonn meas ar riail an dlí nó ar phrionsabail daonlathacha. Tá an AE ar cheann de na gníomhaithe domhanda ceannais sa troid in aghaidh airm bheaga agus armán éadrom neamhcheadaithe a bhailiú agus a dhíol.
Thug Ballstáit an Aontais Eorpaigh gealltanas cur leis an gcomhoibriú ar ghnóthaí idirnáisiúnta i gConradh Maastricht Treaty 1992, trí Chomhaontas Eachtrach agus Slándála (CFSP). Rinne Conradh Amstardam tuilleadh forbartha ar an CFSP agus léiríonn Conradh an Aontais Eorpaigh tascanna Petersberg anois. Tá pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ar fónamh le dhá Oibríocht faoi cheannas an AE — tá cúigear leis an EUTM sa tSomáil agus tá daichead ar fónamh sa Bhhoisnia agus sa Heirseagaivéin.
Oibriochtaí faoi cheannas NATO-PfP
Is éard atá i gComhpháirtíocht na Síochána (PfP) clár de chomhoibriú déthaobhach praiticiúil idir tíortha Chomhpháirtíochta aonair agus NATO. Bunaithe ar thiomantas do na prionsabail daonlathacha atá mar bhonn taca don Chomhghuaillíocht féin, is éard is aidhm le Comhpháirtíocht na Síochána cobhsaíocht a mhéadú, bagairtí ar an síocháin a laghdú agus caidreamh neartaithe ó thaobh na slándála a chruthú idir thíortha Comhpháirtíochta aonair agus NATO, chomh maith le idir na tíortha Comhpháirtíochta.
Chuaigh Éire isteach i gclár Comhpháirtíochta na Síochána (PfP) de chuid NATO i mí na Nollag 1999 agus chuaigh isteach i bPróiseas Pleanála agus Athbhreithnithe an PfP (PARP) sa bhliain 2001. ComhaontaÁodh Spriocanna Comhpháirtíochta Tosaigh, spriocanna a roghnaíodh le súil agus cur le hidir-inoibritheacht d’oibríochtaÁ tacaíochta síochána faoi cheannas NATO-PfP.
Tá tiomantas do mhisin Pfop againn faoi láthair le haghaidh 12 pearsanra in KFOR — an Chosaiv agus le haghaidh 7 pearsanra in ISAF — an Afganastáin.
Oibríochtaí faoi cheannas OSCE
Shínigh Éire Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus cuirimid pearsanra ar fáil d’oibríochtaí na hEagraíochta um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip OSCE.
Léiríonn na tiomantais idirnáisiúnta sin cumas agus ullmhacht Óglaigh na hÉireann a bheith páirteach in oibríochtaí síochánaíochta ilnáisiúnta le tíortha a bhfuil traidisiún síochánaíochta i gcomhar eadrainn, agus cinntíonn siad gur féidir le hÉirinn leanúint uirthi ag cur go mór le hoibríochtaí tacaíochta síochána.
Is féidir éifeachtacht Óglaigh na hÉireann maidir leis an sprioc straitéiseach sin a mheas de réir dul chun cinn sna réimsÁ seo a leanas:
Cur le forbairt Bheartas Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe agus le ESDP.
Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin OSCE
Cúnamh Daonnúil
Cuireann na trúpaí s’againne a bhíonn ar fónamh thar lear cúnamh daonnúil ar fáil do na daoine áitiúla. Áirítear air sin:
- Cúram liachta agus fiaclóireachta.
- Seirbhisí riachtanacha a athchóiriú agus a dheisiú.
- Séipéil, moscanna, scoileanna áitiúla a atógáil agus a dheisiú.
- Cúnamh d’fhiontair áitiúla.
Misin Daonnúla1ú IRSG | Lúnasa - Nollaig 1994 | 39 |
IRAM | Bealtaine - Meitheamh 1999 | |
2ú IRSG | Eanáir - Feabhra 2000 | 21 |
3ú IRSG | Eanáir - Feabhra 2001 | 15 |
UNJCC in Srí Lanka | Eanáir - Márta 2005 | 4 |
Tá oifigigh curtha ar iasacht ag Óglaigh na hÉireann chuig Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (UNRWA) sa Mheánoirthear agus chuig Goal, Concern agus an ICRC sa tSomáil, sa tSudáin agus in Angóla le déanaí.