Skip to main content

Cad is Dalta Innealtóir san Airm?

GRADUATE IMAGE IN IRISH

Dalta Innealtóireachta an Arm

Cuireadh an Cór Innealtóirí ar bun an 1 Deireadh Fómhair 1924 chun obair taca innealtóireachta a chur ar fáil d'Óglaigh na hÉireann in Éirinn agus i mbun oibríochta thar lear.  Is é is misean don Chór Innealtóirí tacaíocht innealtóireachta comhraic a chur ar fáil mar chuid den Bhriogáid Coisithe, cosaint in éadan fogha armtha, tacaíocht Innealtóireachta a chur ar fáil i gCabhair ar an gCumhacht Shibhialta le béim ar chuardach speisialtóireachta, tacaíocht Innealtóireachta a chur ar fáil i gCabhair ar na hÚdaráis Shibhialta sa chás go dtarlaíonn tubaiste nádúrtha nó tubaiste eile, tacaíocht Innealtóireachta a chur ar fáil ar mhisin de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid na Náisiún Aontaithe agus obair chothabhála agus uasghrádaithe a dhéanamh ar shócmhainní de chuid an Airm, an Aerchóir agus na Seirbhíse Cabhlaigh, mar shampla, foirgnimh, tailte agus raonta.

An Dalta Innealtóireachta

Téann Daltaí Innealtóireachta faoin gcúrsa céanna oiliúna le Daltaí Airm faoi mar a leagtar amach thuas.  Ar Dhaltas Innealtóirí a chríochnú go sásúil, beidh an Dalta incháilithe, i gcomhréir le hAlt 24, le ceapadh ina (h)Oifigeach Coimisiúnta i gcéim Leifteanaint, ar phá Ráta 2, sa Chór Innealtóirí.

Ar a c(h)eapadh sa Chór Innealtóirí, bítear ag súil go ndéanfaidh Oifigeach Innealtóirí Cúrsa Oifigeach Óg Innealtóirí Airm tuairim is 12-15 mí a chríochnú go sásúil.  Bronnfar céim MSc i mBainistíocht Innealtóireachta Airm (Leibhéal 9 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) arna creidiúnú ag an Institiúid Teicneolaíochta, Ceatharlach ar chéimithe an chúrsa sin. 

An tOifigeach Innealtóirí nach gcríochnaíonn an Cúrsaí Oifigeach Óg Innealtóirí, déanfar an tOifigeach sin a cheapadh i gCeapachán Oifigigh Líne, taobh amuigh den Chór Innealtóirí agus ar ais ar phá Ráta 1 ar mholadh ón Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht).

Cáilíochtaí - An tArm (An Cór Innealtóirí)

Íoslódáil an Íosriachtanais Oideachais Bhróisiúr

Íoslódáil an Innealtóir Airm Clár Céimí Bróisiúr (PDF 2 Mb)