Skip to main content

Cad é Dalta Aerchór (Píolóta)

Liostálann Dalta Aer-Chóir (Píolóta) le haghaidh Daltais d’fhonn teacht chun bheith ina Oifigeach/hOifigeach sna hÓglaigh. Tar éis dó/di an Cúrsa Traenála Dalta a chríochnú go rathúil sa Choláiste Míleata agus sa Scoil Traenála Eitilte i gColáiste an Aer-Chóir, déantar Dalta Aer-Chóir a choimisiúnú isteach i gCéimeanna Oifigigh an Aer-Chóir mar Dhara Leifteanant nó mar Leifteanant.  

An Cineál Duine a Theastaíonn Uainn

Is iad na hoifigigh na bainisteoirí, na cinnteoirí agus na ceannairí in Óglaigh na hÉireann. Is ionann Oifigeach Eitilte Aerchóir freisin agus eitleoir míleata atá cáilithe leis an iliomad aerárthaí a fheidhmíonn Óglaigh na hÉireann a eitilt. Tá dúshláin fhisiciúla agus intinne ag gabháil leis an ról sin, agus táthar ag súil go mbeidh Oifigigh mar cheannródaithe beag beann ar chúinsí. Ní mór do Dhaltaí Oifigeach nó d’Oifigigh atá i mbun traenála tabhairt faoi 9 mí traenála sa Choláiste Míleata. Clúdaíonn an traenáil sin roinnt mhaith réimsí staidéir sula dtosaítear ar an traenáil Eitilte don Dalta Oifigeach in Aeradróm Bhaile Dhónaill, Baile ítha Cliath.

Tá daoine á lorg ag Óglaigh na hÉireann a bhfuil na buanna seo a leanas acu

  • Cumas nithe a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a eagrú
  • Cumas le hanailís chúramach a dhéanamh ar fhadhbanna, chun na réitigh chuí a aimsiú
  • Cumas teicniúil agus fisiciúil atá riachtanach le haerárthach míleata a phíolótú le linn imthosca dúshlánacha
  • Scileanna cumarsáide soiléir, gonta agus éifeachtach
  • Cumas daoine eile a spreagadh chun oibriú mar fhoireann
  • An cumas é sin ar fad a dhéanamh fad atáthar ag feidhmiú i dtimpeallacht a bhfuil dúshlán fisiciúil agus brú ard ann.

Cáilíochtaí

Chun a fháil amach an bhfuil na cáilíochtaí íosta a theastaíonn uait agat chun iarratas a dhéanamh mar Oifigh san Aer Chór, Íoslodáil an Bhileog eolais seo (As Béarla).

B'fhéidir go mbeadh gá le cáilíochtaí oideachais bhreise le linn Comórtas Cadet agus beidh siad seo liostaithe sna Téarmaí agus Coinníollacha don chomórtas sin.

Teorainneacha Aoise

A bheith 18 bliana d'aois nó os a chionn agus faoi bhun 26 mbliana d'aois ar an dáta a luaitear san fhógra don chomórtas reatha.

Ionduchtú

Tionóltar Comórtas do Dhaltaí san Aerchór nuair is gá píolótaí nua faoi oiliúint a ionduchtú agus is é sin an t-aon bhealach d’iarrthóirí ionchasacha dul isteach in Óglaigh na hÉireann le bheith ina nOifigigh Eitilte san Aerchór.

Cuirfear iarrthóirí trí thástáil aclaíochta, agallamh tosaigh a bheidh bunaithe ar inniúlacht, agallamh síceolaíoch, tástáil shíciméadrach agus shícealuaile agus déanfar scrúdú liachta orthu. Beidh ar iarrthóirí a dtairiscítear agallamh dóibh Foirm Iarratais Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a chomhlánú agus a shíniú. De bhun Alt 8 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, beidh an Garda Síochána údaraithe leis sin ráiteas a chur faoi bhráid Óglaigh na hÉireann, ag rá nach bhfuil aon chiontú taifeadta in aghaidh aon iarrthóra, nó ráiteas ciontuithe, de réir mar is cuí.

Traenáil

Is é an cuspóir atá le traenáil Dalta Oifigeach ná scileanna ceannaireachta agus carachtair a fhorbairt agus mothúchán dualgais agus freagrachta a chothú sna Daltaí, chomh maith lena gcáiliú mar Eitleoirí Míleata. Le buntáiste a bhaint as an traenáil sin, a reachtáiltear i dtimpeallacht ina bhfuil diansmacht, ní mór don Dalta Oifigeach a bheith géarchúiseach agus aclaí. Caitheann Daltaí Aerchóir 7 mí i mbun traenála le Rang Daltaí Airm áit a bhfoghlaimíonn siad scileanna bunúsacha míleata agus ina ndéantar forbairt ar a gcumas ceannaireachta sula mbogann siad ar aghaidh chuig an traenáil eitilte leis an Aerchór.

Dul Chun Cinn Gairme

Tar éis a gcoimisiúnú ní mór d'oifigigh Aerchóir rogha a dhéanamh idir speisialú a dhéanamh idir aerárthach sciathán dobhogtha nó aerárthach sciathán rothlach. D’fhéadfadh Aerárthach Othar, iompar trúpaí agus Scairdeitleán an Rialtais a bheith san áireamh ina gcuid dualgais nua eitilte.