Skip to main content

Incháilithecht

Ceisteanna Coitianta a bhaineann le hincháilitheacht chun liostáil in Óglaigh na hÉireann

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar liostáil isteach in Óglaigh na hÉireann?

  • Saoránaigh Éireannacha
  • Dídeanaith faoi Acht na nDídeanaithe 1996
  • Na Náisiúnaigh de na Stáit Limistéir Eacnamaíochta Eorpacha, is éard atá i Limistéar Eacnamaíoch na hEorpa ná ballstáit an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua
  • Áiritheoidh iarratasóir go bhfuil an teidlíocht dhleathach aige nó aici cónaí sa Stát ar feadh na tréimhse seirbhíse dá bhforáiltear in alt 53 den Acht Cosanta 1954 ie. téarma na liostála bunaidh atá 12 bhliain. Is féidir leis an tréimhse 12 bliana seo a bheith comhdhéanta de 5 bliana sna Buan-Óglaigh agus 7 mbliana sna hÓglaigh Chúltaca d'earcaigh seirbhíse ginearálta.

Cad iad na himthosca a dhéanfadh duine neamh-incháilithe le liostáil?

Tá roinnt cúinsí a dhéanfadh duine neamh-inchá¡ilithe le liostáil sna Buan Óglaigh agus sna hÓglaigh Cúltaca. Seo roinnt de na cúinsí sin:

  • Duine a scaoileadh saor ó Óglaigh na hÉireann (Buan nó Cúltaca) nó ó Sheirbhí­s Mhí­leata nó Aeir nó ó Phóilí­ní Cabhlaigh tí­r nó stát ar bith eile mar gheall ar mhí­-iompar nó mar thoradh ar a bheith neamhábalta de réir míochaine
  • Comhaltaí­ de chuid an Gharda Síochána
  • Duine a ciontaíodh i gcúirt shibhialta i gcion tromchóiseach
  • Duine a bhfuil pinsean mí­chumais á fháil acu
  • Duine atá i mbun printíseachta
  • Iarrthór tearmainn.

Tá tatúnna orm. An bhféadfaidh mé dul isteach in Óglaigh na hÉireann?

Cuirfidh tatúnna atá le feiceáil os cionn choiléar léine cosc ar dhul isteach in Óglaigh na hÉireann.