Skip to main content

Ginearálta

Ceisteanna Ginearálta faoi Óglaigh na hÉireann

Céard iad na difríochtaí­ idir liostáil mar Oifigigh, mar Phrintíseach nó sa tSeirbhís Ghinearálta?

Dalta Oifigigh  - i ndiaidh a gcáilithe do na daoine seo tagann siad a bheith ina Oifigigh ar Óglaigh na hÉireann.

Printíseach  - i ndiaidh a gcáilithe do na daoine seo is ceardaithe lánchreidiónaithe FAS iad a imscartar go Cór theicnióla Éagsúla.

Seirbhís Ghinearálta -  i ndiaidh a gcáilithe do na daoine seo tugann siad seirbhís mar Shaighdúirí, mar Mhairnéalaigh nó mar Eitleoirí­.

Tá taifead coiriúil i mo leith. An féidir liom dul isteach in Óglaigh na hÉireann?

Bíonn Óglaigh na hÉireann ag braith go mór ar iontaoibh a bheith as daoine agus mar sin daoine atá iontaofa agus ar féidir braith orthu a bhíonn á lorg sna hÓglaigh. Ar an gcúis sin déanann an Garda Síochána grinnfhiosrúchán slándála i leith gach iarratasúra agus déantar aon chiontú a mheasúnú ag braith ar thromchúis an chiona.

Cén sórt lá oibre a bheidh agam in Óglaigh na hÉireann?

Ceann de phrí­omhghnéithe an tsaoil san Arm ná go mbeidh Éagsúlacht ag baint le do chuid oibre agus is iomaí­ gnú difriúil a bheith á dhéanamh agat. Fad a bhí­onn tú i mbunáit bí­onn do chuid oibre mórán mar a chéile le haon post eile ó 9 go 5. Ach caithfidh tú tréimhsí­ amuigh as an mbunáit i mbun traenála in áiteanna eile nó ar imscaradh thar lear.

An mbeidh mé in ann fanacht i dteagmháil le mo theaghlach agus mo
chairde fad a bheidh mé ag déanamh an chúrsa traenála tosaigh?

Fad a bheidh tú i mbun traenála beidh neart ama agat le bheith i dteagmháil le do theaghlach agus do chairde.

Cén fhad is féidir liom fanacht in Óglaigh na hÉireann?

Maidir le daoine a liostálann do Sheirbhís Ghinearálta, féadfaidh siad a bheith ar fónamh ar feadh tréimhse cúig (5) bliana. Maidir le daoine a liostálann faoi na scéimeanna Daltais agus Printí­seachta, féadfaidh siad a bheith ar fónamh ar feadh dhá bhliain déag (12). Braithfidh na tréimhsí seirbhíse sin ar pas a fháil sa chúrsa traenála tosaithe, an grádí liachta a thugtar duit a choimeád agus ar d'éifeachtúlacht seirbhí­se.

Bím ag imirt spóirt ag léibhéal iomaí­och. An féidir liom leanúint ag imirt fad a bheidh mé san Arm?

Má bhí­onn tú ag imirt spóirt d'aon chineál ag barrleibhéal, cinnteoidh Óglaigh na hÉireann, nuair is féidir, go mbeidh deis agat dul san iomaíocht. Tá fir agus mná spóirt in Óglaigh na hÉireann a bhí­onn san iomaí­ocht ag leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus a chomhlí­onann a gcuid gnáthdhualgas chomh maith.

 

Cén teidlíocht saoire a bheidh agam?

Pearsanra na Seirbhíse Ginearálta agus Printísigh:
Tá pearsanra i dteideal 28 lá saoire sa bhliain.

Oifigigh agus Daltaí Oifigigh:
Is féidir suas go 31 lá saoire sa bhliain a cheadú do dhaltaíagus d'oifigigh shísearacha. Is féidir 43 lá saoire sa bhliain a cheadú d'oifigigh shinsearacha.

Conas is féidir dul isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm?

Is féidir le pearsanra, tar éis dóibh traenáil tosaigh a chrí­ochnú go rathúil, iarratas a dhéanamh chun an Cúrsa Roghnaithe le haghaidh Sciathán Fiannóglaigh an Airm a dhéanamh. Má mheastar gur éirigh leis an iarratasóir ar an gcúrsa, ansin glacfar leis/léi isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm.

An féidir iarratas a dhéanamh chun dul isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm má táim sa RDF?

Ní féidir. Baill de Bhuan-Óglaigh na hÉreann amháin atá i dteideal iarratas a dhéanamh chun dul isteach i Sciathán Fiannóglaigh an Airm.

Céard í an tSeirbhís Chabhlaigh?

Is eilimint d'Óglaigh na hÉireann í an Seirbhís Chabalaigh a bhfuil Uachtarín na hÉireann ina (h)Ardcheannasaí uirthi. Tá an Seirbhís Chabalaigh faoi cheannas FOCNS a bhfuil a b(h)unáit i HQ an Chabhlaigh ag Bunáit an Chabhlaigh, Haulbowline i gCuan Chorcaí. Faoi láthair oibrimid naoi long nua-aimseartha,L.É. Eithne, L.É. Niamh, L.É. Róisín, L.É. Aisling L.É. Aoife, L.É. Ciara, L.É. Orla, L.É. Samuel Beckett, L.É. James Joyce, L.É WB Yeats and L.É George Bernard Shaw. Ciallaíonn an réimír L.É. Long Eireannach. Is í an NS príomhghníomhaireacht farraige an Stáit agus leagtar cúram uirthi i leith Chosaint Muirí, Chosaint Iascaigh, Dualgas Thoirmeasc Contrabhanna, SAR agus dlithe/reachtaíocht na hÉireann agus an EU a chur i bhfeidhm laistigh de Chrios Eacnamaíoch na hÉireann. I láthair na huaire clúdaíonn an chrios 132,000 míle cearnach. Tá an limistéar sin thart ar 5 oiread achar na hÉireann agus is ionann é agus thart ar 16% d'uiscí uile an EU.

 

Céard é Coláiste Náisiúnta Muirí­ na hÉireann?

Is ionad oiliúna mara nua den scoth é an NMCI. Is comhfhiontar í idir Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus an tSeirbhís Chabhlaigh. Tá cuid de na háiseanna oiliúna muirí is nua-aimseartha sa choláiste, mar shampla insamhlóirí droichead, insamhlóirí seomra inneall, saoráidí comhrac dóiteáin, linnte marthanais mara etc. Cuirfidh Oifigigh na Seirbhíse Cabhlaigh céim i gcrích in innealtóireacht mhuirí nó in eolaíocht mhara. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an NMCI, téigh chuig www.nmci.ie.