Skip to main content

Inscne, Éagsúlacht, Comhionannas

PSS Gender Divesiry Hero

Inscne, Comhionannas & Éagsúlacht

Inscne

Tá Óglaigh na hÉireann tiomanta do chomhionannas inscne agus tá sin i bhfeidhm inár gcuid polasaithe agus rialachán ar fad. Tuigimid gur ionann Comhionannas Inscne is cearta, freagrachtaí agus deiseanna comhionanna a bheith ag mná agus ag fir, ag buachaillí agus ag cailíní. Ní hionann comhionannas go mbeadh mná agus fir mar an gcéanna, ach ciallaíonn sé NACH mbeidh cearta, freagrachtaí agus deiseanna na mban agus na bhfear ag brath ar cibé an fear nó bean iad.

Ciallaíonn peirspictíocht inscne a bheith in ann a aithint go bhféadfadh aon chás ar leith tionchar éagsúil a bheith aige ar fhir agus ar mhná agus a bheith in ann freagairt dá réir sin. Tá Óglaigh na hÉireann ag obair faoi láthair ar phróiseas príomhshruthaithe inscne agus ar ár dtiomantas faoi UNSCR 1325, Clár Oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil a chomhlíonadh.

Fostaíonn Óglaigh na hÉireann Comhairleoirí Míleata Inscne chun oideachas maidir le peirspictíocht inscne agus feasacht ar fhoréigean bunaithe ar inscne i gcoimhlint agus i suíomhanna eile a chur ar fáil. Is eagraíocht ionchuimsitheach í Óglaigh na hÉireann a spreagann rannpháirtíocht na mban ag gach leibhéal. Tá gach ról oscailte do mhná agus d'fhir ar bhonn fiúntais agus comhdheiseanna.

I gcás oibríochtaí míleata spreagaimid aonaid a mbíonn fir agus mná iontu d'fhonn pearsanra a bheith ar fáil chun freagairt d'aon chás ar leith. Nuair a imscartar patróil, a mbíonn mná agus fir i gceist, bímid feistithe níos fearr chun freagra a thabhairt ar éagsúlacht cúinsí a d'fhéadfadh tarlú i dtimpeallacht chasta slándála an lae inniu lena n-áirítear fir agus mná a bheith ar fáil d'oibríochtaí uirbeacha, oibríochtaí cuardaigh, le bheith ag obair ag seicphointí, le dul i mbun patróil ar shráidbhailte agus ar bhailte, agus a bheith ag freagairt dó chásanna foréigin bunaithe ar inscne.

Is gá freisin go mbeadh fir agus mná araon imscartha ar oibríochtaí farraige, mar shampla chun freagairt do riachtanais ban, fear, buachaillí agus cailíní in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála. Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar ár sochaí, tugann Óglaigh na hÉireann spreagadh láidir do mhná a bheith páirteach chun cuidiú linn fórsa míleata níos éifeachtaí a bhaint amach.

Comhionannas

Tá Óglaigh na hÉireann tiomanta do chomhionannas i ngach gné dár gcuid oibre a chur chun cinn, sa bhaile agus thar lear araon, ar muir agus san aer. Is éard atá i gceist le Comhionannas ná a chinntiú go gcaitear go cothrom le gach duine agus go bhfuil na deiseanna céanna ar fáil do gach duine. Measann Óglaigh na hÉireann chomh maith go bhfuil cothromas riachtanach chun na deiseanna agus na hacmhainní is gá a sholáthar chun comhionannas a bhaint amach.

Cinntíonn Polasaithe Comhionannais Óglaigh na hÉireann go bhfuilimid ag cloí go hiomlán leis na hAchtanna um Chomhionannas 1998-2015 (féach thíos le do thoil). Cuireann Óglaigh na hÉireann prionsabail an chomhionannais deiseanna i bhfeidhm inár bpolasaithe, nósanna imeachta, treoracha agus rialacháin go léir. Cuirimid láthair oibre ionchuimsitheach chun cinn ina léirítear dínit agus meas ar chách, beag beann ar chéim, inscne, cine, creideamh, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéis agus ballraíocht den lucht siúil.

Cinntíonn Cairt Dínite Óglaigh na hÉireann go bhfuilimid tiomanta ceart chun na dínite san ionad oibre a spreagadh agus a thacú. NÍ GHLACTAR le bulaíocht, gnéaschiapadh ná ciapadh i bhfoirm ar bith. Faoin Alt 42 den Acht fá Choimisiún um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014 tá dualgas dearfach ar na hearnála poiblí aird a bheith acu maidir le hidirdhealú a scriosadh, comhionannas a spreagadh, agus cearta an duine a chosaint, ina gcuid oibre gach lá.

De réir ár ndualgas san earnáil phoiblí bunaíodh Líonra Ban Óglaigh na hÉireann chun tacú le mná i ngach gné dá gcuid oibre agus tá é mar aidhm aige acmhainn láidir ban in Óglaigh na hÉireann a fhorbairt. I measc na dtionscnamh eile tá Defend With Pride, líonra tacaíochta LGBTI, bunaithe a bhfuil sé mar aidhm aige faisnéis tacaíochta agus treoir a chur ar fáil do phearsanra LGBTI agus a gComhghuaillithe ar mian leo tacú lena dteaghlaigh agus lena gcairde.

Éagsúlacht

Tagraíonn éagsúlacht do mheascán comhchoiteann difríochtaí agus cosúlachtaí lena n-áirítear mar shampla tréithe, creidimh, eispéiris, cúlraí, roghanna agus iompar an duine aonair agus na heagraíochta. Tá sé mar aidhm ag Óglaigh na hÉireann feasacht a ardú maidir le héagsúlacht na bpost agus na ndeiseanna atá ar fáil taobh istigh d'fhórsa míleata nua-aimseartha ionchuimsitheach. D'fhonn léiriú a thabhairt ar an tsochaí ar a bhfreastalaímid tá sé mar aidhm ag Óglaigh na hÉireann baill amach anseo a mhealladh ó gach cúlra.

Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach éagsúlacht a bhainistiú agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn mar fhreagra ar shochaí níos éagsúlaithe. I dtimpeallacht slándála atá ag éirí níos casta tá gá le fórsa míleata éagsúil chun dul i ngleic le himeachtaí agus bagairtí gan choinne. I measc na mbuntáistí eile atá ann tá pearsanra a bhraitheann go bhfuil siad rannpháirteach agus cumhachtaithe chun cur leis an tsochaí ar bhealach dearfach.

Nuair a léirítear meas ar dhifríocht, cabhraítear le cultúr réitithe fadhbanna níos nuálaí a chruthú le cuir chuigí nua agus peirspictíochtaí úra a théann chun tairbhe na heagraíochta trí thimpeallacht a chruthú inar féidir le gach fostaí a bheith rannpháirteach. Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar ár sochaí, tugann Óglaigh na hÉireann spreagadh láidir do dhaoine ó chúlraí mionlaigh dul sna hÓglaigh chun cuidiú linn fórsa míleata níos éifeachtaí a bhaint amach.