Skip to main content

Seirbhísí Teaghlaigh

An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh

Seirbhísí atá ar fáilMionsonraí Teagmhála
Is comhlacht reachtúil é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus tugann sé tacaíocht i leith faisnéis, comhairle agus ionadaíocht a sholáthar i ndáil le raon leathan seirbhísí poiblí agus sóisialta.Teil:  0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9am go 8pm)

is féidir leat cuairt a thabhairt ar an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh i do cheantar.
Idirlíon: www.citizensinformation.ie

Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC)

Is eagraíocht neamhspleách ceart daonna í FLAC agus í tiomnaithe do rochtain chothrom ar cheartas a bhaint amach do gach uile dhuine. Chuige sin, téann sí i mbun feachtas a bhaineann le raon saincheisteanna ach, chomh maith leis sin, tairgeann sí roinnt bunseirbhísí dlí saor in aisce don phobal. Faoi láthair, díríonn FLAC a chuid oibre ar cheithre phríomhréimse: Cúnamh Dlíthiúil, Leas Sóisialach, Creidmheas & Fiachas agus an Dlí maidir le Leas an Phobail.Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce,
13 Sráid Dorset Íochtarach,
Baile Átha Cliath 1,
Éire
Líne Faisnéise & Tarchuir: 1890 350 250
Teil: +353 1 8745690
Facs: +353 1 8745320
Idirlíon: www.flac.ie

Seirbhísí Teaghlaigh AIM

Eagraíocht dheonach is ea í AIM agus tairgeann sí seirbhís neamh-shainchreidmheach chomhairle, idirghabhála teaghlaigh agus dlí do lánúineacha agus do dhaoine aonair a bhfuil fadhbanna acu a bhaineann le cúrsaí pósta, le cúrsaí gaolmhaireachta agus le fadhbanna teaghlaigh.64 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 670 8363
Idirlíon: www.aimfamilyservices.ie

An tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh (FMS)

Is é atá in Idirghabháil Teaghlaigh ná seirbhís chun cabhrú le lánúineacha pósta agus neamhphósta a bhfuil cinneadh déanta acu idirscaradh nó colscaradh a lorg nó atá scartha óna chéile cheana féin. Ina theannta sin, is seirbhís í do thuismitheoirí nár chónaigh in éineacht lena chéile riamh ach a bhfuil leanbh acu agus nach mór dóibh socruithe tuismitheoireachta a chomhaontú.An Phríomh-Oifig
Sráid an Chalaidh,
Cathair Saidhbhín,
Co. Chiarraí.
Teileafón: 066 947 1000 LoCall: 1890 615 200
Facs: 066 947 1035
Ríomhphost: info@legalaidboard.ie
Chun teagmháil a dhéanamh le FMS áitiúil, bain úsáid as an Nasc Seo

ACCORD

Tairgeann ACCORD seirbhís ghairmiúil chomhairle do lánúineacha agus do dhaoine aonair trína ligtear dóibh deacrachtaí a thagann chun cinn ina bpósadh & ina ngaolmhaireacht a scrúdú, machnamh a dhéanamh ar na deacrachtaí sin agus iarracht a dhéanamh na deacrachtaí sin a réiteach.

Oibríonn ACCORD 58 n-ionad ar fud na hÉireann agus tairgeann siad raon cuimsitheach seirbhísí tacaíochta.
Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin ACCORD chun tuilleadh mionsonraí a fháil:

www.accord.ie

Treoir

Is í Treoir an tSeirbhís Náisiúnta Faisnéise Speisialtóireachta do thuismitheoirí neamhphósta agus dá leanaí agus soláthraíonn an tseirbhís faisnéis shoiléir cothrom le dáta do thuismitheoirí nach bhfuil pósta ar a chéile agus do dhaoine atá bainteach leis na tuismitheoirí sin.14 Gandon House,
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC, Baile Átha Cliath 1
LoCall: 1890 252 084
Teil: 00353 1 6700 120
Idirlíon: www.treoir.ie                                          
Ríomhphost: info@treoir.ie

Tusla

Ar an 1 Eanáir 2014, tháinig an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach chun bheith ina heintiteas neamhspleách dlíthiúil ina gcuimsítear Seirbhísí Leanaí & Teaghlaigh FSS, an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais agus, chomh maith leis sin, tá roinnt seirbhísí síceolaíochta ann mar aon le raon seirbhísí a dhéileálann le foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe.
Is í an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach an tsainghníomhaireacht Stáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le feabhas a chur ar leas leanaí agus ar thorthaí cásanna a bhaineann le leanaí.  Is ionann bunú na gníomhaireachta agus an t-athchóiriú is cuimsithí a rinneadh riamh in Éirinn ar sheirbhísí cosanta leanaí, luath-idirghabhála agus tacaíochta teaghlaigh.

An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach,
Bloc D,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8.

Teil: 01 6352854

idirlíon: ww.tusla.ie

Ríomhphost: info@tusla.ie