Skip to main content

Searmanas An Gharda Míleata

Beidh paráid ag Garda Míleata Searmóineach ag láthair an Chuimhneacháin Náisiúnta in ómós do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann a fuair bás i seirbhís an Stáit, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, i rith Iúil agus Lúnasa.

Beidh searmanas ar siúl in Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, gach Satharn i rith Iúil agus Lúnasa. Beidh aonaid Óglaigh na hÉireann ón Arm, ón Aerchór agus ón tSeirbhís Chabhlaigh rannpháirteach sna Searmanais Gharda Míleata seo mar chuimhneachán sollúnta ar a gcomhghleacaithe a fuair bás. Mairfidh an searmanas uair an chloig.

An tUachtarán Máire Mhic Ghiolla ͍osa a nocht an Cuimhneachán Náisiúnta i mí na Samhna 2008 agus tá sé tiomnaithe do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann a fuair bás i seirbhís an Stáit. Áit le cuimhneamh agus machnamh a dhéanamh atá ann, ina bhféadfaidh teaghlaigh, gaolta agus an pobal go léir smaoineamh ar an Íobairt atá déanta ag na saighdiúirí, mairnéalaigh agus eitleoirí sin ar son an Stáit.

Leagan amach na Paráide

Cloisfear gairm bhuabhaill faoi dhó le linn an tsearmanais seo - ‘An Ghairm Dheiridh’ sula n-ardaítear an Bhratach Náisiúnta agus ‘Reveille’ ina dhiaidh sin. Tá traidisiún ag Óglaigh na hÉireann úsáid a bhaint as an dá ghairm seo i rith searmanais chuimhneacháin, searmanais ina leagtar fleasca agus sochraidí míleata.

Paráidí an Gharda

Píobaire aonair ag seinm ag láthair an Chuimhneacháin a chuirfidh tús leis an searmanas. Tabharfaidh an Píobaire cúirtéis nuair a bheidh sé réidh agus glacfaidh sé a áit ar an gcosán laistigh. An Leifteanant a mháirseálfaidh an Garda ó Thithe an Rialtais go dtí láthair an Chuimhneacháin. Glacfaidh an Garda a áit ar an gcosán lasmuigh. Deasófar an Garda. Tabharfaidh an Garda onóir don Bhratach Náisiúnta. Áísleofar an Bhratach Náisiúnta go dtí leathchrann ansin.

Post á Ghlacadh ag an nGarda

Máirséalfaidh an Leifteanant an Garda Laistigh chuig láthair an Chuimhneacháin agus glacfaidh an Garda Lasmuigh post ag gach taobh den gheata. Cuirfear na ‘Fairtheoirí’ ina n-áit agus ‘Luí ar Airm Aisiompaithe’ an suíomh a ghlacfaidh siad. Léiríonn an suíomh seo ómós do gach comhalta de chuid Óglaigh na hÉireann a fuair bás i seirbhís an Stáit.

Fleasca a Leagan

Leagfaidh Ceannasaithe Aonaid fleasca. Féadfaidh daoine den phobal an deis seo a thapú chun fleasca nó comharthaí urraime a leagan. Nuair a bheidh gach fleasc leagtha, seinnfidh an Píobaire Olagón.

A Bheith ar Stádar

Tabharfaidh an Leifteanant treoir don Sáirsint leanúint ar aghaidh. Beidh an ceathrar eile, ‘An Garda Lasmuigh’ ar stádar ar an gcosán taobh amuigh de na geataí. Seasfaidh Fairtheoir ar garda ar gach taobh den gheata. Casfaidh an bheirt eile amach agus máirseálfaidh siad an buille ar mhallchéim, ar an taobh clé agus ar an taobh deis den gheata. Nuair a shroichfidh siad deireadh an chosáin, casfaidh na Saighdiúirí timpeall agus máirseálfaidh siad ar ais chuig an ngeata go mall. Ansin déanfaidh na ceithre Saighdiúirí agus an Sáirsint Buíne ‘Airm a Athrú ó Bheith Ar Claon’. Casfaidh siad amach, máirseálfaidh siad an buille agus déanfaidh siad arís é.

Malartú Dualgas

Nuair a bheidh an líon riachtanach buillí tugtha chun críche ag an nGarda Lasmuigh, malartóidh an Garda Laistigh agus an Garda Lasmuigh a gcuid róil. Déanfar sin ar ordú ón Sáirsint Buíne. Máirseálfaidh an Garda Lasmuigh isteach ón gcosán lasmuigh agus glacfaidh áit in aice an Gharda Laistigh. Tabharfar an Garda Laistigh go dtí an suíomh ‘Airm ar Claon’ agus máirseálfar amach iad chun an dualgas buille a dhéanamh. Glacfaidh an Garda Laistigh nua poist agus glacfaidh sé an suíomh ‘Luí ar Airm Aisiompaithe’.

An Searmanas Athrú an Gharda

ceremonial-guard-1070-min

Máirseálfaidh an Leifteanant i gceannas an Sean-Gharda chuig suíomh os comhair an Chuimhneacháin. Téann an Garda Nua go dtí suíomh ar an gcosán amuigh, aghaidh ar an Sean-Gharda. Nuair a dheasaítear an Garda Nua, déanfaidh an Sean-Gharda ‘Airm a Thairiscint’ don Gharda Nua. Déanfaidh an Garda Nua amhlaidh leis an Sean-Gharda. Máirseálfaidh an Leifteanant i gceannas an Gharda Nua an Garda Laistigh nua chuig an Cuimhneachán. Tógfaidh an Sean-Gharda a áit ar an gcosán lasmuigh. Ansin roinnfidh an dá Leifteanant comaoin sula máirseálfar an Sean-Gharda amach. Tabharfaidh Leifteanant an Gharda Nua an t-ordú chun dul i mbun poist. Glacfaidh comhaltaí an Gharda Nua a n-áit nua. Tabharfaidh an Leifteanant ordú don Sáirsint dul i bhfeighil an gharda. Rachaidh an Sáirsint i bhfeighil an Gharda Nua agus rachaidh an Garda Nua ar stádar.

An Garda a Aistarraingt

Nuair a bheidh an líon riachtanach buillí tugtha chun críche, glacfaidh an Leifteanant a áit agus tarraingeoidh siar an Garda Istigh. Rachaidh an Roinn ar paráid arís ar an gcosán lasmuigh de gheata an Chuimhneacháin. Tabharfar an Garda chuig an suíomh ‘Luí ar Airm Aisiompaithe’ don uair dheireanach. Beidh Nóiméad Ciúnais ann ansin. An Maorsháirsint Aonaid a fhógrófar sin. Cuirfear deireadh leis an Nóiméad Ciúnais le buille druma agus séidfear an Ghairm Dheiridh. Glacfaidh an Garda an suíomh ‘Airm ar Iompar’ agus ardófar an Bhratach Náisiúnta go hArdchrann. Déanfaidh an Garda ‘Airm a Thairiscint’ agus seinnfear Reveille. Nuair a bheidh Reveille thart beidh an Searmanas thart. Cuirfidh an Garda ‘Airm ar Claon’, casfaidh ar chlé agus fillfidh ar Thithe an Rialtais.

An Ghairm Dheiridh agus Reveille

Cloisfear dhá ghlaoch bhuabhaill le linn an tsearmanais - ‘An Ghairm Dheiridh’ sula n-ardaítear an Bhratach Náisiúnta agus ‘Reveille’ ina dhiaidh sin. Tá traidisiún ag Óglaigh na hÉireann úsáid a bhaint as an dá ghlaoch seo i rith searmanais chuimhneacháin, searmanais ina leagtar fleasca agus sochraidí míleata. Is léir siombalachas an dá ghairm seo sa chomhthéacs seo nuair a scrúdaítear an úsáid a baineadh astu go stairiúil. Baineadh úsáid as ‘An Ghairm Dheiridh’ go traidisiúnta lena chur in iúl go raibh cigireacht oifigeach dualgas ar gharastún míleata ag deireadh lae tugtha chun críche. Baineadh úsáid as ‘An Ghairm Dheiridh’ le deireadh an chatha a chur in iúl do dhaoine gortaithe sa mhachaire. Baintear úsáid as an ngairm ‘Reveille’ go traidisiúnta chun pearsanra míleata a dhúiseacht ag tús an lae. Ón bhfocal Fraincise ‘réveillé’, a chiallaíonn ‘dúisigh’, a ainmnítear í agus is léiriú í ar thús nua.

Aonaid a bheidh rannpháirteach

Tosóidh an Searmanas gach lá ag 1200 uair. Beidh aonaid ar fud Óglaigh na hÉireann páirteach sa Searmanas ar feadh mhí Iúil agus mhí Lúnasa mar seo a leanas:

Dáta/AmAonad/Stáisiún
Iúil 2018 @ 1200 uair an chloig*
Dé Sathairn 14ú12 Cathlán Coisithe, Dún an tSáirséalaigh, Luimneach agus An 1ú Chathlán Coisithe, Dún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh
Dé Sathairn 21úAn 1ú Reisimint Airtléire, Dún Uí Choileáin, Corcaigh agus An tSeirbhís Chabhlaigh, Inis Sionnach, An Cóbh
Dé Sathairn 28ú6 Cathlán Coisithe, Dún Chostúim, Baile Átha Luain & An 28ú Cathlán Coisithe, Campa Fionnabhair, Béal Átha Seannaidh
Lúnasa 2018 @ 1200 uair an chloig
Dé Sathairn 4úAn tAerchór, Aeradróm Mhic Easmuinn & An 7ú Cathlán Coisithe, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath
Dé Sathairn 11úAn 3ú Cathlán Coisithe, Dún Mhic Stiofáin, Cill Chainnigh agus 1 Armúrtha Scuadrún Marcra, Dún Uí Pluincéid, Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann
Dé Sathairn 18ú

An 2ú Reisimint Airtléire, Dún Chostúim, Baile Átha Luain & 27 Cathlán Coisithe, Dún Mhic Aogáin, Dún Dealgan, Co Lú


Féach ar Léarscáil Mór