Tionóltar Lá Cuimhnithe 1916 Bliantúil i mí Bealtaine i Séipéal an Chroí Ró-Naofa, Cnoc an Arbhair, Baile ítha Cliath. Is é an tAire Cosanta a óstaíonn an searmanas ina bhfuil Aifreann na Marbh agus searmanais ag an Uaigh do Cheannairí 1916.
Rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann
Tá rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann sna searmanais comhdhéanta de:
- Coimhdeacht Onóra an Chaptaein ó Áras an Uachtaráin go Cnoc an Arbhair
- Séiplínigh don Uachtarán, don Taoiseach agus d’Ardmhéara Bhaile Átha Cliath
- Garda Onóra an Chaptaein
- Banna Uimh. 1 an Airm
- Garda Onóra Oifigeach, Meitheal Bhratach le coimhdeacht, Trumpadóirí agus Drumadóiri chun onóracha ceoil a thabhairt don Sacraimint Ró-Naofa
- Garda Onóra Daltaí
- Banna an Airm don pharáid agus do searmanas an Chuimhneacháin