Skip to main content

Paraid Lá Cuimhnithe 1916

Lá Cuimhnithe 1916 ag an GPO

Breac-chuntas ar an Searmanas Comórtha

Glacann Óglaigh na hÉireann páirt i gClár Cuimhneacháin Éirí Amach 1916. Bíonn an pharáid ar siúl ag Ard-Oifig an Phoist maidin Dhomhnach Cásca. De ghnáth, bíonn Uachtarán na hÉireann, an Taoiseach, an tAire Cosanta, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, agus Ionadaithe de chuid an Gharda Síochána agus Ardfhoireann Óglaigh na hÉireann i láthair ag an imeacht.

Bíonn ionadaithe as gach cuid d’Óglaigh na hÉireann bainteach leis an searmanas, lena n-áirítear na Buan-Óglaigh Chúltaca, Briogáid 1 agus Briogáid 2, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, an tAer-Chór agus an tSeirbhís Chabhlaigh. Soláthraíonn meascán de Bhannaí Práis, Feaguirlisí agus Píob Óglaigh na hÉireann an ceol le haghaidh an tsearmanais.

Tagann na trúpaí rannpháirteacha ar láthair na paráide ó 11.30 ar aghaidh agus glacann siad a n-ionaid lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist. Is ó Scoil na nDaltaí sa Choláiste Míleata a thagann an príomh-Gharda Onóra. Ina theannta sin, bíonn 107 nduine ann i nGarda Onóra an uachtaráin agus tagann siad sin ó cheann de chathláin na nÓglach Cúltaca.

Tionlacann Coimhdeacht Onóra shearmóineach an Uachtaráin, a fhaightear ó Scuadrún Marcra 2, an tUachtarán ó Áras an Uachtaráin go dtí Ard-Oifig an Phoist. Nuair a thagann coimhdeacht an Uachtaráin ar an láthair, tugtar an tUachtarán chuig láthair na paráide agus tugann na trúpaí ar paráid Onóracha Míleata don Uachtarán agus, ansin, iarrtar ar an Uachtarán cigireacht a dhéanamh ar Gharda Onóra.

Le linn an tsearmanais shollúnta a mbíonn an tUachtarán, an Taoiseach agus an tAire Cosanta i gceannas air, bíonn paidreacha cuimhneacháin agus léamh an Fhorógra ann, mar aon le leagan bláthfhleisce ag an Uachtarán. Ag meán lae, íslítear an Bhratach Náisiúnta agus léann comhalta d’Óglaigh na hÉireann an Forógra ar chéimeanna Ard-Oifig an Phoist. Ar 12.30 p.m. déanann an tAer-Chór tareitilt i gceithre (4) aerárthach Pilatus PC9.

Iarrtar ar dhaoine den phobal a bheith ina n-áiteanna sa limistéar breathnóireachta poiblí lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist faoi 11.15 a.m. Cuirtear fís-scáileáin mhóra in airde ar gach taobh d’Ard-Oifig an Phoist chun an searmanas a chur ar taispeáint don phobal.

Anailís Mhíleata ar Éirí Amach na Cásca leis an gCeannfort Liam Campbell (Cumann Árachais Oifigeach an Ghnáth-Airm - CAOGA)

Is é atá sa deacracht is mó a bhíonn againn le linn iompar míleata an Éirí Amach a scrúdú ná gur léir nach bhfuil aon chóip d’Ordú Oibríochta na gceannairceach ar marthain. Dá ainneoin sin, ba chinneadh fónta é an cinneadh chun cathair Bhaile Átha Cliath a úsáid mar líomatáiste oibríochtaí. Sa lá atá inniu ann, tugtar troid i líomatáiste foirgneamh (FIBUA) ar oibríochtaí a dtugtar fúthu i dtimpeallacht uirbeach. Cuireann FIBUA ar chumas fórsa éadrom-armtha gan mórán trealaimh troid in aghaidh namhaid atá i bhfad níos láidre agus a bhfuil acmhainní níos fearr acu. Éilíonn sé mioneolas ar an líomatáiste uirbeach lena mbaineann, traenáil speisialaithe, agus caighdeán an-ard ceannaireachta ar gach leibhéal. Chomh maith le suíomhanna seasta a chosaint, ní mór d’fhórsa cosanta fórsa suaiteach soghluaiste a bheith aige chun bearnaí sa chosaint a chlúdach agus ní mór cúltaca láidir soghluaiste a bheith ann. Baineann deacrachtaí móra le FIBUA maidir le hathsholáthairtí a fháil agus taismigh a aslonnú, gan trácht ar ardráta úsáide lóin lámhaigh.

Trúpaí ar Paráid

  • Grúpaí Ionadaitheacha de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh, an Aer-Chóir, agus Briogáidí agus Eagar Airm
  • Garda Onóra Captaein
  • Coimhdeacht Onóra Captaein - Coimhdeacht an Uachtaráin
  • Garda Onóra Captaein - na Buan-Óglaigh Chúltaca
  • Bannaí Míleata - Banna Práis & Feaguirlisí agus Píob
  • Tareitilt ag Pilates PC9-anna