Cuireadh an smaoineamh maidir le Scoil Cheoil Airm a bhunú i láthair i Mí na Samhna, 1922. Ba é an Ginearál Risteard Ó Maolchatha, a bhí ina Cheann Foirne ag an am, a dúirt “ ... Teastaíonn uaim go mbeadh bannaí ceoil agam a dhéanfadh soláthar ar cheol agus ar thuiscint ceoil ar ardchaighdéan don phobal...". Faoi stiúir dhíreach An Ghinearáil Uí Mhaolchatha agus An Dr. J.F. Larchet, comhairleoir ceoil an Airm, tosaíodh ar an togra.
Ba é an chéad riachtanas ná saincheoltóirí míleata a fháil le dul i mbun bannaí a thraenáil. Theip ar iarrachtaí chun cabhair a fháil ón mBanna Francach Garde Republicaine, an banna ab fhearr gaothuirlise san Eoraip ag an am. Bhí toradh níos fearr ag fiosrúcháin sa Ghearmáin.
Bhí ceoltóir amháin ar leith, an Cornál Wilhelm Fritz Brase, ina chéad rogha. Bhí dea-chlú ar Brase i gcomhluadar bhannaí ceoil míleata na Gearmáine roimh chogadh 1914-1918. Bhí sé ina iarchéimí mór le rá ag Conservatoire Leipzig agus rinne sé staidéar chomh maith ag Acadamh Bheirlín. Faoi 1907 bhí sé ina “Stiúrthóir Ríoga Ceoil” agus i 1911 ceapadh é mar stiúrthóir ar Bhanna na gCéad Gránádóirí, ceann de na poist ba mhó measa i gCeol Míleata na Gearmáine. Stiúir sé a cheolchoirm dheireanach ollbhanna i Mí na Nollag 1917 os comhair an Kaiser, na Ginearáil Von Hindenberg agus Ludendorf agus Foireann Ghinearálta na Gearmáine.
Nuair a fuair sé an tairiscint teacht go hÉirinn, ghlac sé leis agus dúirt sé gur theastaigh uaidh Christian Sauerzweig, ceoltóir eile míleata as an nGearmáin a thabhairt ina theannta le bheith ina chúntóir aige. Iarchéimí d’Acadamh Ríoga Bheirlín, le nótáil “thar barr”, rud neamhchoitianta, ab ea Sauerzweig agus é ar a chumas raon uirlisí ceoil a sheinm. Le linn dó a bheith i mBeirlín, bhí sé rannpháirteach go rialta i gCeolfhoireann Fiolarmónach Bheirlín, agus bhíodh ardéileamh ar leith air do pháirteanna don oboe d’amore agus don oboe da caccia i saothair Johann Sebastian Bach.
Tháinig an beirt ceoltóirí seo go hÉirinn an chéad lá Márta 1923 agus chuadar i mbun eagrúcháin le seirbhís cheoil a sholáthar. Cuireadh tús le próiseas earcaíochta, agus tar éis míosa chuir an Cornal Brase tuairisc chuig an GHQ go raibh banna curtha le chéile agus go raibh ar a gcumas iomainn agus roinnt máirseáileacha a sheinm. Faoi Dheireadh Fómhair na bliana 1923 bhraith sé go raibh an cumas ag an mbanna ceadal poiblí a thabhairt ag an Amharclann Ríoga i mBaile Átha Cliath. D’eirigh thar barr leis sin. In Eanáir na bliana 1924 aistríodh an oibríocht iomlán ó Champa an Churraigh, Co. Chill Dara go Dún Sceach an Bhacaigh i mBaile Átha Cliath. Idir 1924 agus 1936 bunaíodh scoil agus trí bhanna breise míleata, iad uile faoi theideal an Chóir, Scoil Cheoil an Airm. Déanadh cothú ar smaoineamh an Ghinearáil Uí Mhaolchatha maidir le ceol agus taibhithe de chaighdeán maith a chur ar fáil don phobal agus de réir a chéile tháinig rath air.
Sa bhreis ar ghnáthobair an tsearmanais mhíleata, glacadh le raon fairsing oibre ceadail. Rinneadh obair cheannródaíochta maidir le tús a chur le ceolchoirmeacha scoile. Bhí ról cuimsitheach ag stiúrthóirí agus ionstraimithe i gceolchoirmeacha ceolfhoirneacha agus i dtaibhithe drámaíochta agus bailé ar fud na tíre. Fuair an Cornal Brase bás i 1940 agus ba é an Cornal Sauerzweig a tháinig i gcomharbacht air, agus bhí seisean ina Stiúrthóir go dtí 1947. Fuair na Ceoltóirí Éireannacha a tháinig i gcomharbacht ar an Stiúrthóir seilbh ar oidhreacht de thraidisiún agus struchtúr seanbhunaithe.
Ba é an chéad duine díobh seo ná an Cornal James Doyle, a tháinig isteach san Arm ina dhalta airm i 1923 agus bhí an post aige idir 1947 agus 1971. Bhí an Cornal John Brennock ina stiúrthóir idir 1971 agus 1981. Bhí an chéad bheirt eile ina mbuachaillí ceoil sula bhfuair siad a gcoimisiúin, is iad sin, an Cornal Fred O’Callaghan (1981—1987) agus an Cornal Jim McGee (1987—1988) agus bhí sé le maíomh ag an gCornál Jim McGee gurbh é an duine é ag a raibh an tseirbhís b’fhaide tugtha aige (nach mór caoga bliain) in Óglaigh na hÉireann. Ba é an Cornal Neil O’Brien a tháinig i gcomharbacht air. I 1997 rinneadh athstruchtúrú ar Óglaigh na hÉireann rud a chuimsigh laghdú sa láidreacht iomlán. Chaith bannaí Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann géilleadh don phróiseas seo chomh maith.
Faraoir cuireadh deireadh leis an mBanna ag Ceannasaíocht an Churraigh, (Ghlaoití Banna Uimh.3 an Airm orthu agus níos déanaí ghlaoití Banna Champa Traenála an Churraigh orthu), aonad le stair fada seirbhíse. Bunaíodh an Banna seo i 1925 agus go dtí gur scoradh é bhí sé ina chuid dhílis de phobal sibhialta agus de phobal míleata Champa an Churraigh.
Choimeád Banna Uimhir 1 an Airm a theideal agus tá sé fós comhlonnaithe leis an Stiúrthóireacht agus an Scoil ag Beairic Chathal Brugha, Baile Átha Cliath. Tá teideal nua ar Bhanna Cheannasaíocht an Deiscirt (Beairic Uí Choileáin, i gCorcaigh) agus anois glaoitear Banna 1 Briogáid an Deiscirt air, agus glaoitear Banna 4 Briogáid an Iarthair (Dún Chostúim, Baile Átha Luain) ar Bhanna Cheannasaíocht an Iarthair.