Skip to main content

Stair Aerchór na hÉireann

Stair Aerchór na hÉireann

Thosaigh eitlíocht mhileata na hÉireann sa bhliain 1922 nuair a ceannaíodh eitleán déphlána aon innill, Martinsyde Type A Mark II, ionas go mbeadh an Gin. Mícheál Ó Coileáin in ann éalú as Londain dá dteipfeadh ar na cainteanna Conartha leis an mBreatain. Faoi Mheitheamh 1922 bhí Ceanncheathrú na hAersheirbhíse bunaithe i mBaile Dhónaill, agus 14 phíolóta ann chun 13 aerárthach a eitilt. Is go mall a cuireadh leis an líon pearsanra agus aerárthaí ar dtús, agus faoi 1926 bhí tús curtha le Scéim na nDaltaí chun ábhar píolótaí a roghnú agus a oiliúint, scéim atá i bhfeidhm i gcónaí.

Fuair Baile Dhónaill aitheantas domhanda nuair a trasnaíodh an tAigéan Atlantach anoir siar sa bhliain 1928 mar go raibh Oifigeach ón Aerchór, an Ceannfort James Fitzmaurice, ina bhall den chriú agus mar gur as aeradróm Bhaile Dhónaill a d’imigh an eitilt. Eitilt éachtach a bhí ann agus mhair sí 37 uair an chloig. Ach thuirling an Junkers W33 “Bremen” ar Oileán Greenly sa deireadh agus ba é sin an chéad aerthrasnú rathúil ón Eoraip go dtí Meiriceá Thuaidh curtha i gcrích.

Bhí cúrsaí níos ciúine sna tríochaidí ach ceannaíodh líon beag eitleán traenála níos nua-aimseartha. Agus chuaigh ceithre Gloster Gladiator, sáreitleán troda déphlána, i mbun seirbhíse. Tharla dhá mhór-rud sa bhliain 1936. Bhain an chéad cheann le forbairtí sa traenáil theicniúil mhíleata nuair a cuireadh tús le Scéim Phrintíseachta do Bhuachaillí, rud a chinntigh soláthar leanúnach d’fhoireann theicniúil do chothabháil na n-eitleán. Tá leagan den scéim phrintíseachta ar siúl i mBaile Dhónaill i gcónaí.

An dara mór-rud, chuaigh Aer Lingus, an aerlíne náisiúnta nuabhunaithe, i mbun oibre an 27 Bealtaine 1936. Ag eitilt as Baile Dhónaill go Briostó a bhíothas ar dtús. D’aistrigh Aer Lingus go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath ceithre bliana ina dhiaidh sin agus is as a oibríonn sé i gcónaí.

Faoi dheireadh na dtríochaidí bhí cogadh á thuar san Eoraip agus méadú éigin tagtha ar phearsanra an Aerchóir, agus ar líon agus ar mhianach a chuid trealaimh. Ba é an DH Dragon an chéad eitleán dé-inneallach, ach ba é an Avro Anson an chéad eitleán monaplánach i mbun seirbhíse ar a raibh fearas tuirlingthe in-aistarraingthe. Cuireadh oiliúint ar chriúnna eitilte agus teicniúla agus cuireadh díorma díobh in éineacht leis na heitleáin sin go dtí Rinn Eanaigh, Aerfort na Sionainne sa lá inniu, ar dhualgais phatróil chósta.

Níor taifeadadh aon chomhrac míleata le haerfhórsaí eachtracha le linn an Dara Cogadh Domhanda, ach bhíodh eitleáin troda an Aerchóir, na Hurricanes agus na Gladiators, ag scaoileadh leis na dosaein balún barráiste ar éirigh leo imeacht óna bhfeistiú in áiteanna éagsúla sa RA agus bogadh leo isteach in aerspás na hÉireann. Rud eile, b’iad foirne teicniúla an Aerchóir a bhí freagrach as diúscairt an 163 eitleán eachtrach a rinne tuirlingt éigeandála ar thalamh na hÉireann. Dhéanaidís na harmáin agus na pléascáin sábháilte agus ba mhinic a tarrtháladh aerfhráma iomlán.

Chun dul i ngleic leis an nganntanas píolótaí, féachadh in 1943 le Sáirsint-Phíolótaí a thraenáil, agus d'éirigh le cuid mhór den duine is tríocha sin slí bheatha faoi ghradam a bhaint amach san eitlíocht tráchtála níos faide anonn.

I ndeireadh na ndaichidí tháinig an Seafire, leagan díchabhlaithe den Spitfire cáiliúil, in áit na Hurricanes agus bhí na criúnna an-sásta leis na heitleáin nua. Ceannaíodh an Spitfire T9, leagan traenála dhá shuíochán, go gairid ina dhiaidh sin agus bhí sé sa tseirbhís idir 1951 agus 1961 mar thraenálaí eatramhach ardleibhéil, go dtí gur ceannaíodh aerárthaí nua. Agus chuaigh an Chipmunk agus an Provost, traenálaithe a thug seirbhís fhada, i mbun seirbhíse sna caogaidi agus tháinig ceithre Doves in áit na Ansons a bhí ag dul in aois agus a bhain leis an Eitilt Ghinearálta.

Rinneadh na háiseanna talún a fhorbairt agus bhí rúidbhealaí agus tacsaíbhealaí fada coincréite tógtha faoi 1956 ionas go bhféadfadh Éire dul le ré na scairdeitleán ar an 30 Iúil sa bhliain sin. Tháinig trí scairdeitleán traenála Vampire ó Hatfield in aice le Londain, eitleáin a bhí le bheith an-úsáideach go ceann fiche bliain beagnach nuair a ghlac na scairdeitleáin Fouga Magister a n-áit sa bhliain 1975.

Ba é geimhreadh crua 1962/3 faoi deara héileacaptair a cheannach don Aerchór. Úsáideadh sa chuardach agus tarrtháil iad ar dtús, agus i rólanna eile níos faide anonn, ina measc iompar trúpaí aerthaiscéalaíocht, aeriompar othar, chun fóirithint ar oileáin agus araile. Ocht Alouette III ar fad a bhí in úsáid go dtí an 21 Meán Fómhair 2007, tráth a ndeachaigh siad ar scor agus 44 bliain seirbhíse tugtha acu. Agus bronnadh 14 Bhonn Seirbhíse Dearscna ar chomhaltaí aerchriúnna a chuir a mbeatha i mbaol ar son idéil mhana idirnáisiúnta lucht Chuardaigh agus Tarrthála “Go Mairidís Beo/ That Others Might Live”.

Nuair a thosaigh na tríoblóidí i dTuaisceart Éireann fuarthas líon beag eitleán Cessna 172. Sa phatrólú, san aerthaiscéalaíocht agus i misin tionlacain ar fud na tíre is mó a úsáideadh iad. In Aeradróm Mhic Easmuinn a lonnaíodh iad sin, ach bhog siad go dtí Aeradróm Rinn Mhic Ghormáin i gContae na Mí i 1974. Nuair a cuireadh deireadh le haeroibríochtaí in Aeradróm Rinn Mhic Ghormáin i 2002, d’fhill na Cessnas ar Aeradróm Mhic Easmuinn. Tá siad fós i mbun seirbhíse agus iad ag oibriú as an aeradróm sin. Déanann siad lear mór misean, ina measc traenáil paraisiútála, tuáil targaidí agus suirbhéanna fiadhúlra.

Tharla dhá rud nuair a chuaigh an tír seo isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1973: tionscnaíodh Seirbhís Aeriompair le haghaidh Airí rialtais le scairdeitleán HS125 amháin, agus tionscnaíodh patrólú muirí leanúnach ar ár gcuid limistéar farraige ar bhonn laethúil, le dhá eitleán Beech Super King Air 200. Ghlac an Gulfstream 4 áit an HS125 sna nóchaidí, mar aon le Learjet 45XR do na dualgais bhreise a bhain le hUachtaránacht na hEorpa i 2004. Cuireadh dhá aerárthach CASA CN235 ón Spáinn, aerárthaí níos cumasaí, i mbun dualgais mhuirí i dtús na nóchaidí in áit na King Airs. Rinneadh uasghrádú lársaoil ar threalamh misin na n-aerárthaí sin le deireanas agus tá an chuma orthu anois go mbeidh siad in ann leanúint i mbun seirbhíse. Tá miseanphróifíl bhreise ag an CASA freisin agus feidhmíonn sé mar aerárthach othar anois, ról a bhfeileann cúlrampa lódála an eitleáin dó mar gur féidir sínteáin a rothú caol díreach isteach ar bord.

Bhí tascáil nua ann don Aerchór nuair a bunaíodh Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána i ndeireadh na nóchaidí, tascáil a d’fhás ionas go bhfuil an dá héileacaptar agus Defender amháin, eitleán sciatháin dhobhogtha, á n-eitilt ag píolótaí an Aerchóir as Baile Dhónaill ar mhisin tascála do na Gardaí.
Agus tá na saoráidí á n uasghrádú ar bhonn rialta ar feadh an ama. Ar na feabhsuithe déanacha tá athdhromchlú rúidbhealaí, athchumhdú haingear, stáisiún dóiteáin nua-aimseartha, bloic chóiríochta nuathrealmhaithe agus coimisiúnú Chóras Tuirlingthe Ionstraime.

Tháinig deireadh le rannpháirtíocht an Aerchóir sa chuardach agus tarrtháil sa 21ú haois, óir cineachadh an ról sin go heisiach don Gharda Cósta. Mar a chéile i gcónaí na tascálacha eile uile atá ag an sciathán héileacaptar. Is é atá sa bhflít sciatháin rothlacha nua, sé AW139 agus péire EC135 níos lú, ó scoireadh an Alouette agus na Gazelles. Tá an flít nua héileacaptar lánábalta ag an obair oíche agus é in ann an howitzer 105 mm a ardú ina ról tacaíochta comhraic. Bíonn foireann trealaimh MEDEVAC nua-aimseartha ar bord gach héileacaptair chun a chinntiú go n-aslonnaítear daoine gortaithe go dtí an t ospidéal gan mhoill.

Ar na nithe atá déanta ag an Aerchór ó bunaíodh é, nó ag pearsanra an Aerchóir, tá:-

  • Roinn Eitlíochta Sibhialta a bhunú, ar a dtugtar Údarás Eitlíochta na hÉireann anois
  • Bheith ina cheannródaí eitilte trasna an Aigéin Atlantaigh anoir siar
  • Aerfort na Sionainne a bhunú
  • Rialú aerthráchta sibhialta a bhunú sa stáisiún bád aeir i bhFaing, agus é a aistriú go dtí Aerfort na Sionainne i ndiaidh an Chogaidh
  • Tús a chur le húsáid na scairdeitleán sa Stát i 1956, tráth a seachadadh na scairdeitleáin Vampire — roinnt blianta sular thosaigh an aerlíne náisiúnta ag úsáid na scairdeitleán ar bhonn tráchtála
  • Na chéad héileacaptair a thionscnamh i mbun seirbhíse sa Stát sa bhliain 1963: soláthraíodh seirbhís Chuardaigh agus Tarrthála lae faoi cheann bliana agus bunaíodh seirbhís aerárthaigh othar idir-ospidéil faoi cheann bliana eile, an chéad seirbhís dá leithéid san Eoraip. Agus rinneadh an méid sin uile gan oiread agus héileacaptar ná ball criú amháin a chailliúint. Tá acmhainn idirnáisiúnta isteach san Eoraip ag an tseirbhís le blianta beaga anuas agus is iad an CASA agus an Learjet a úsáidtear d’aistir níos faide. D’fhéadfadh an tseirbhís an tAigéan Atlantach a thrasnú dá mba ghá.
  • Ba iad a chéad-úsáid an chró phíolótaíochta ‘ghloine’ sa bhflít héileacaptar Dauphin, sula raibh an aerlíne náisiúnta trealmhaithe leis an teicneolaíocht.

Is fíor gur aersheirbhís ghnóthach bheoga é an tAerchór, seirbhís atá chomh sciliúil cumasach tiomanta le mórchumhacht aeir ar bith, agus atá lánábalta ar na misin a chur i gcrích a leagtar amach dó le beartais rialtais anois agus amach anseo.