Skip to main content

Sliabh na mBan

Sliabh na mBan

Tá Sliabh na mBan, lena ndeirtí ‘Slievenamon’ tráth níos luaithe ag tagairt don leagan Béarlaithe, ar cheann de na trí cinn déag de Charranna Armúrtha Rolls Royce (ARR) de chineál 1920 a fuair Saorstát Éireann ó rialtas na Breataine tar éis an Conradh Angla-Éireannach a aontú i mí na Nollag 1921. Ba leagan a bhí leasaithe de bheagán é carr na bliana 1920 den charr armúrtha Rolls Royce de chineál 1914, a rinneadh an chéaduair d'Aimiréalacht na Breataine (Seirbhís Aeir an Chabhlaigh Ríoga) le linn an Chéad Chogaidh Domhanda.

Le Complachtaí Carranna Armúrtha de chuid na Breataine sa Mheasapatáim a cuireadh an chéad chuid de na carranna ARR de chineál na bliana 1920 in úsáid. D'fhág an scéal a bheith ag dul in olcas ó thaobh na Breataine de le linn Chogadh na Saoirse a bhris amach i mí Eanáir 1919 gur cuireadh na carranna anall le húsáid ag an 5ú Complacht Carranna Armúrtha sa Chór Ríoga Tancanna.

Cuireadh na carranna armúrtha Rolls Royce chun feidhme in Éirinn, áit a raibh carranna armúrtha Peerless agus carranna armúrtha Lancia chomh maith, ach chonacthas gur ag an gcarr Rolls Royce a bhí an bua gluaisteachta ba mhó eatarthu sin ar fad. Tugadh ‘an Fuipéad' de leasainm air in Éirinn ina dhiaidh sin mar gheall ar an déanamh caol a bhí air.

Is é a d'fhág go mbeadh cuimhne ar an Sliabh na mBan i stair na hÉireann go raibh sé mar chuid den chonbhua ag an nGinearál Micheál Ó Coileáin a ndearnadh luíochán air an 22 Lúnasa 1922 i mBéal na mBláth in iarthar Chorcaí. Tharla bás an Ghinearáil Uí Choileáin mar gheall ar an luíochán sin, tráth a raibh sé ina Ard-Cheannasaí ar an Arm Náisiúnta (agus an Ginearál Risteard Ó Maolchatha ina Cheann Foirne).

Faoi Mhárta na bliana 1947, bhí líon na ndaoine in Óglaigh na hÉireann íslithe go dtí 8,803 agus ní raibh aon chall leis an gcarr ARR san Arm le linn am síochána. Baineadh as úsáid iad, gan mórán mar gheall air, i gCampa an Churaigh ach d'fhág cúram neamhoifigiúil a dhéanamh de Shliabh na mBan gur tugadh slán é trí bhlianta na 1940idí agus na 1950idí. Is léir ó thaifid sa Chartlann Mhíleata gur cuireadh dhá cheann déag de charranna ARR (a raibh an túirín agus an pláta armúrtha bainte díobh) ar ceant go poiblí i nDún Mhic Aoidh ar an 28 Aibreán 1954 agus go bhfuarthas praghsanna idir £27 agus £60 orthu. Luaitear i litir dar dáta an 26 Márta 1954 áfach ó Rúnaí na Roinne Cosanta chuig an Aire Cosanta go raibh carr armúrtha Rolls Royce amháin á choinneáil ar caomhnú mar ábhar iarsmalainne i gceardlanna an Mharcra, chomh maith le ceann eile d'innill na gcarranna ARR a choinneáil in iosta an Mharcra ar mhaithe le cúrsaí teagaisc. Dá réir sin, ní luaitear feithicil Rolls Royce YI 6450 - arb é ARR 2 - Sliabh na mBan atá ann - ar an liosta do cheant an lae sin. Is a bhuíochas do shaineolas na foirne míleata agus sibhialta i gCeardlanna an Mharcra ó na 1950idí i leith a cinntíodh gur mhair Sliabh na mBan ó sin mar shainghné shuntasach faoi leith d'oidhreacht mhíleata na hÉireann.

Tá carr Armúrtha Rolls Royce eile de chineál na bliana 1920 (cé nach ceann de charranna ARR na hÉireann atá ann) ar caomhnú san iarsmalann ag Cór Ríoga Tancanna na Ríochta Aontaithe in Bovington, agus tá bailitheoir príobháideach a rinne cóiriú le gairid ar an Tom Keogh, carr ARR1. Ina ainneoin sin, is le Sliabh na mBan, tús áite orthu i gcónaí ar an bhfeithicil is sine de chuid an Chóir Marcra agus tá sé anois i gcóir shainiúil oibre tar éis athchóiriú forleitheadach a dhéanamh air i rith shamhradh na bliana 2011, faoi mhaoirseacht ghéar ag Ceardlanna Bhunáit Feithiclí Óglaigh na hÉireann.

Sliabh na mBan - Sonraí
Lucht a Dhéanta1920 Rolls Royce agus Vickers
InneallRolls-Royce 40/50 H.P 6 Shorcóir
Toilleadh Ciúbach   7434cc
Cumhacht40/50hp Silver Ghost
BreoslaPeitreal
FuarthóirUisce
Giarbhoscaceithre ghiar chun cinn + giar amháin ar gcúl
CrochadhSpriongaí lannóg, le maolairí turrainge den chineál frithchuimilte
Rothaí & Acastóir2 roth aerbhoinn chun tosaigh agus 4 roth chun deiridh, 2 acastóir
Luas60 míle san uair ar an mbóthar
Meáchan4.57 tonna faoi ualach 3.56 tonna gan ualach
Fad16’ 8.5”
Leithead7’ 2”
Airde7’ 8”
Foireann3
Armáilinneallghunna Vickers .303
Armúr0.335 orlach

Eolas Tábhachtach

Tá an carr armúrtha Sliabh na mBan ar taispeáint i Músaem Míleata an Churraigh.

Is féidir an carr seo a fheiceáil gan foláireamh a thabhairt le linn uaireanta oscailte an Mhúsaeim.

Chun díomá a sheachaint, le do thoil, glaoch ar an músaem Chun fháil amach má tá an fheithicil ar taispeáint, an lá do chuairte, mar tá lá nach bhfuil an fheithicil ar fáil.