Skip to main content

An Bhratach Náisiúnta

An Bhratach Náisiúnta

Tá An Bhratach Náisiúnta nó an bhratach trí dhath (glas, bán agus oráiste) ina siombail ar an gcuimsiú agus ar aontas na ndaoine ó thraidisiúin éagsúla ar an oiléan seo, a bhfuil súil leis.

Cé gurbh ann di ó lár na 19ú céad, chuaigh sí i gcionn ar an tsamhlaíocht náisiúnta tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 mar mheirge d’Éire nua réabhlóideach, agus moladh í ar fud na tíre mar Bhratach Náisiúnta. Lean an Saorstát á húsáid ó 1922, agus ansin i 1937 tugadh aitheantas di sa Bhunreacht. Sa lá atá inniu ann tá freagracht ghinearálta ar Roinn an Taoisigh don Bhratach Naisiúnta agus do na prótacail a bhaineann lena húsáid.

Tá an Bhratach Náisiúnta dronuilleogach ó thaobh crutha, an leithead dhá uair a doimhneacht. Tá na trí dhath — glas, bán agus oráiste — ar chóimhéid, agus léirithe go hingearach.

Níor chóir aon bhratach nó bratainn a chur ar foluain os cionn na Brataí Náisiúnta.

An Bhratach Náisiúnta a Iompar agus a Thaispeáint

Nuair a iompraítear an Bhratach Náisiúnta le bratach eile, ba chóir í a iompar in áit onóra (ar an taobh dheis máirseála nó ar chlé breathnadóra a bhfuil na bratacha ag déanamh air). Agus í á hiompar níor chóir an Bhratach Náisiúnta a umhlú mar chúirtéis nó mar chomaoin ach amháin do na mairbh le linn searmanais chuimhneacháin. Níor chóir an bhratach a fhallaingiú ar ardán nó a aghloit trí shluáin nó lógónna, litreoireacht nó pictiúir de chineál ar bith a chur uirthi, mar shampla ag imeachtaí spóirt.

Níor chóir an Bhratach Náisiúnta a fhallaingiú ar charranna, ar thraenacha, ar bháid nó ar mhodhanna eile iompair agus níor chóir í a iompar go cothrom, ach í a iompar in airde agus saor i gcónaí seachas nuair a úsáidtear í chun a fhallaingiú ar chónra, agus ar a leithéid d’ócáid ní mór don ghlas a bheith ag ceann na cónra.

Nuair a bhíonn an Bhratach Náisiúnta ar taispeáint in ionad go cothrománach nó go hingearach ní mór don ghlas a bheith ar thaobh na láimhe deise, (ar thaobh clé an té a bheadh ag breathnú uirthi) sa suíomh cothrománach agus ní mór don ghlas a bheith in uachtar sa suíomh ingearach.

Agus an Bhratach Náisiúnta á cur in airde nó á hísliú, níor chóir ligean di teagmháil a dhéanamh leis an talamh. Agus í á cur in airde ar leathchrann ba chóir an Bhratach a thabhairt go barr an bhratchrainn ar dtús agus ansin í a ísliú go dtí an suíomh leathchrainn. Ba chóir í a thabhairt go barr an chrainn arís sula n-íslítear ar fad í. Tá bratach ar leathchrann in aon suíomh faoi bharr an chrainn ach ní riamh faoi lárphointe an chrainn. Mar threoir ghinearálta féadtar glacadh leis go bhfuil an suíomh ar leathchrann nuair is ionann suíomh do bharr na brataí agus doimhneacht na brataí.

Ócáidí Searmóineacha agus Féiltiúla

Ar ócáidí searmóineacha agus an Bhratach Náisiúnta á cur in airde nó á hísliú, nó nuair a bhíonn sí ag dul thar bráid i bparáid, ba chóir do gach duine (míleata) dá bhfuil i láthair aghaidh a thabhairt uirthi, seasamh ar aire agus cúirtéis a thabhairt. Ba chóir do dhaoine faoi éide ar ghnáth leo cúirtéis a thabhairt leis an lámh cúirtéis láimhe a thabhairt. Ba chóir do dhaoine i bhfeisteas sibhialtach cúirtéis a thabhairt trí sheasamh ar aire. Tugtar an chúirtéis don Bhratach agus í á hiompar thart nuair a bhíonn an Bhratach sé chéim ar shiúl agus coimeádtar an chúirtéis go mbíonn an Bhratach imithe thar bráid.

Nuair a sheinntear Amhrán na bhFiann i láthair na Brataí Náisiúnta ba chóir do na daoine a bhíonn i láthair aghaidh a thabhairt ar an mBratach Náisiúnta, seasamh ar aire agus cúirtéis a thabhairt di, an chúirtéis á coimeád go mbíonn an nóta deiridh den Amhrán thart. Má úsáidtear an bhratach mar mhaisiúchán, ba chóir caitheamh léi i gcónaí leis an ómós cuí. Féadtar í a úsáid mar chnaipe nó róis lipéid discréideach nó mar lármhír do bhord.

I gcás go mbíonn iliomad Bratach Náisiúnta ar foluain ar ócáidí féiltiúla ba chóir go mbeidís ar chomhdhiminsean. Nuair a éiríonn an Bhratach Náisiúnta caite nó scafa níl sí feiliúnach níos mó le dul ar taispeáint agus níor chóir í a úsáid in aon bhealach a thabharfadh easurraim di.

Sochraid Stáit/Mhíleata

An Bhratach Náisiúnta

Ag sochraid Stáit/Mhíleata beidh bratach searmanais leagtha ar bharr na cónra (9 troigh faoi 4.5 troigh le lúba). Leagtar anuas ar an gcónra ar a fhad agus go cothrom í agus an chuid uaine leis an gceann. Nuair a bheidh an Bhratach Náisiúnta leagtha anuas ar an gcónra leagfar an ceannbheart agus an claíomh ar an gcónra:

  • Beidh an ceannbheart leagtha ar cheann na cónra, os cionn an chuid uaine den bhratach, le píce an chaipín nó suaitheantas an beret dírithe i dtreo an ceann.
  • Beidh an claíomh, i gcás oifigeach, leagtha anuas i lár na cónra le dornchla an claímh dírithe i dtreo íochtar na cónra.
  • Beidh Crios an Chulaith Seirbhíse, i gcás pearsanra ar chéim eile, leagtha ar a fhad i lár na cónra leis an gclaspa dúnta.

Sa chás ina mbeidh Bratach Náisiúnta nó Reisiminte in iompar ag sochraid beidh dhá shraoilleán dubh síprise seacht troigh ar fhad agus dhá orlach déag ar leithead ceangailte le barr na slaite díreach faoin Tau.

Ócáidí nuair a bhíonn an Bhratach Náisiúnta ar Foluain

Is idir éirí gréine agus luí gréine amháin ar chóir an Bhratach Náisiúnta a bheith ar taispeáint lasmuigh ach amháin ar ócáid chruinnithe poiblí, mórshiúlanna nó sochraidí nuair is féidir í a bheith ar taispeáint ar feadh ócáidí dá leithéid.

An Bhratach Náisiúnta a Chur in Airde agus a ísliú go Míleata

Chun críocha míleata, meastar gur mar seo a bhíonn éirí gréine agus luí gréine:

Éirí Gréine
Márta go Deireadh Fómhair08:00 Uaire
Samhain go Feabhra08:30 Uaire

Luí Gréine
Eanáir agus Nollaig15:30 Uaire
Feabhra agus Samhain16:30 Uaire
Márta agus Deireadh Fómhair17:30 Uaire
Aibreán18:00 Uaire
Bealtaine agus Meán Fómhair19:00 Uaire
Meitheamh go Lúnasa20:00 Hours