Skip to main content

Dún Uí Mhaoilíosa Museum

Museaum Dún uí Mhaoilíosa

Ráiteas Misin

Tá an músaem seo tiomnaithe do chuimhne na bhfear agus na mban seo a choinneáil slán, caitheamh go homósach, agus le dínit, le gach duine acu, agus a gcuid scéalta a chur ar fáil do ghlún an lae inniu.

Tháinig grúpaí éagsúla trí gheataí Dhún Uí Mhaoilíosa ó na 1880idí i leith, ina measc na Connaught Rangers, na Irish Volunteers, grúpaí ón dá thaobh i gCogadh na gCarad agus An Chéad Chath (1ú Cathlán Coisithe). Chuaigh saighdiúirí ón Dún seo amach go dtí an India, go dtí Cogadh na mBórach, go dtí an Fronta Thiar agus go Gallipoli. Bhí comhaltaí ón gCéad Chath amuigh ar imscaradh leis na Náisiúin Aontaithe i dtíortha lena n-áirítear an Congó, an Chipir, an Liobáin, Sead agus an Afganastáin. Feisteas de chuid Óglaigh na hÉireann é Dún Uí Mhaoilíosa ó 1922 ach bhíodh sé ina iosta ag na Connaught Rangers roimhe sin.

Tá trí chuid sa mhúsaem; baineann an chéad chuid leis na Connaught Rangers mar gur Iosta Traenála a bhí ann ó 1881 go dtí 1922. I measc na dtaispeántas tá éidí, uirlisí troda agus déantáin phearsanta, litreacha agus grianghraif san áireamh. Baineann an dara cuid leis an gcoimhlint le neamhspleáchas a bhaint amach, lena n-áirítear Cogadh na Saoirse, Cogadh na gCarad agus túsbhlianta an tSaorstáit. Tá roinn ann freisin i gcuimhne ar Liam Ó Maoilíosa, an té ar hainmníodh an Dún ina dhiaidh i 1952. Tá gluaisrothar, maide siúil agus gunnáin le Liam Ó Maoilíosa ar taispeáint chomh maith le leabhair ina bhfuil a shíniúchán.

Is le misin síochánaíochta éagsúla ina raibh pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann rannpháirteach a bhaineann an chuid dheireanach den mhúsaem, uirlisí troda an chuid is tromchúisí díobh, ina measc, tua a húsáideadh i luíochán Niemba sa Chongó i 1960 inar maraíodh naíonar saighdiúirí as Éirinn.

Osclaíodh an músaem ar dtús i 1985, rinneadh athchóiriú air i 2008 agus cuireadh cruth nua-aimseartha ar bhonn gairmiúil air. Níl foireann lánaimseartha sa mhúsaem ach tá roinnt daoine díograiseacha a thugann a gcuid ama go fial agus a fhreastalaíonn ar ghrúpaí a mbíonn suim acu cuairt a thabhairt ar an áit agus eolas a fháil ar Dhún a bhfuil stair shaibhir, ilghnéitheach aige a théann siar céad tríocha bliain agus níos faide.

Ní mór coinne a dhéanamh le cuairt a thabhairt ar an áit agus áirithint a dhéanamh ar a laghad seachtain roimh ré.

Is féidir coinní a dhéanamh le ríomhphost chuig pj.maloney@defenceforces.ie nó trí scríobh chuig:

An Coimeádaí an Mhúsaeim,
Dún Uí Mhaoilíosa,
Gaillimh.

Is féidir coinne a dhéanamh freisin ach scríobh chuig an Aidiúnach, Dún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh.

Déantar a lán fiosruithe leis an músaem maidir le taifid seirbhíse daoine a bhí sna Connaught Rangers. Níl a leithéid de thaifid sa mhúsaem mar go bhfuil siad sa Chartlann Náisiúnta, Kew, Richmond, Surrey, Sasana. Beidh ar dhaoine a bhfuil suim acu iontu scríobh chuig Kew agus teagmháil poist nó ríomhphoist a dhéanamh.

Tá ceangal áfach ag an Dún leis an Connaught Rangers Association a bunaíodh i 2002 i Mainistir na Buaille, Co. Ros Comáin.

Is féidir fiosruithe ginearálta maidir leis na Connaught Rangers a chur chuig an Connaught Rangers Association freisin.
Is iad seo mionsonraí teagmhála an Chumainn:

An Rúnaí,
Connaught Rangers Association,
Teach King, Mainistir na Buaille,
Co. Ros Comáin.