Skip to main content

Na Róil atá ag Fórsa Cúltaca an Airm

null

Is iad rólanna na nÓglach Cúltaca na rólanna sin a shanntar ar Óglaigh na hÉireann:

  • Cosaint in aghaidh fogha armtha
  • Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta
  • Rannpháirtíocht in Oibríochtaí Tacaíochta Síochána
  • Cosaint Iascaigh
  • Dualgais eile a d’fhéadfadh an Rialtas a shannadh

Sanntar tascanna ar na hÓglaigh Chúltaca chun tacú leis na Buan-Óglaigh na rólanna sin a chomhlíonadh. Áirítear orthu sin:

  • Breisiú/athneartú na Buan-Óglach
  • Soláthar tacaíochta loighistice
  • Soláthar coimhdeachta armtha
  • Breisiú na Seirbhíse Cabhlaigh ar phatróil chosanta iascaigh
  • Soláthar Foirne i bPoist Mhíleata le linn tréimhsí imscartha na mBuan-Óglach
  • Monatóireacht Raideolaioch
  • Dualgais Shearmanais ag imeachtaí náisiúnta agus áitiúla.