Skip to main content

Róil Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh

Roles of the NSR

Róil Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh

Is é an príomhról a chinn an Rialtas i leith Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh (NSR) ná cur le Buan-Óglaigh na hÉireann i gcásanna géarchéime.

Nuair nach bhfuil cás géarchéime ann, dírítear go príomha ar dhul i mbun traenála mar ullmhúchán don ról seo. D'fhéadfadh go n-éileofaí ar an NSR tabhairt faoi chineálacha éagsúla tascanna le linn cásanna géarchéime. D'fhéadfaí a áireamh orthu sin:

  • Gnáthoibreacha míleata chun an Stát a chosaint
  • Tacú le Cúnamh d'Údarás Sibhialta (ATCA)
  • Tacú le Cúnamh do Chumhacht Shibhialta (ATCP), lena n-áirítear tascanna slándála calaidh
  • Slándáil dún nó tacaíochtaí eile chun comhaltaí an PDF a scaoileadh do dhualgas oibríochta
  • Páirt a ghlacadh in imeachtaí searmanais stáit

Sanntar tascanna ar an NSR chun tacú le hÓglaigh na hÉireann na róil sin a chomhlíonadh. Áirítear orthu sin:

  • An tSeirbhís Chabhlaigh a mhéadú
  • An tSeirbhís Chabhlaigh a neartú ar phatróil Oibríochta Slándála Cosanta Muirí
  • Oibriú i bpatróil chalaidh NSR ina Limistéar Oibríochta
  • Tacaíocht lóistíochta a thabhairt don PDF
  • Tionlacan armtha a chur ar fáil
  • Foireann a bheith i bPoist Mhíleata le linn tréimhsí imscartha na mBuan-Óglach
  • Dualgais Searmanais ag imeachtaí náisiúnta agus áitiúla.