Skip to main content

Maidir leis Cúltaca na Seirbhis Cabhlaigh

Tá Fórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh roinnte i gcúig aonad - aonad i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Luimneach, Port Láirge agus Aonad Tacaíochta Teicniúil.

Tacaíonn an NSR le criúnna shoithí na Seirbhíse Cabhlaigh le linn patróil Oibríochtaí ar EEZ na hÉireann. Téann an NSR i mbun oibríochtaí aonair dá gcuid féin laistigh dá gcalafoirt faoi seach, tuairiscí amhairc a thabhairt mar shampla agus faisnéis a bhailiú.

Tagann gach comhalta d'Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh faoi Rannán Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cabhlaigh (Rannán na Mairnéalach).

Is eagraíocht dheonach pháirtaimseartha an NSR, ina gcuirtear traenáil ar chomhaltaí i ngnéithe de dhisciplíní muirí agus míleata d'fhonn an tSeirbhís Chabhlaigh a mhéadú.

D'fhéadfaí lucht cúltaca a thabhairt isteach ar sheirbhís bhuan de réir ordú ón Aire i gcúiseanna éigeandála.

Stair Fhórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh

Is é Fórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh  fórsa cúltaca Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann.

Bunaíodh an NSR an 1 Deireadh Fómhair 2015 chun teacht in áit An Slua Muirí, a tháinig in áit a réamhtheachtaí an Maritime Inscription a bunaíodh i 1940 chun gníomhú ina údarás um Rialáil Caladh le linn Aimsir na hÉigeandála le linn an Dara Cogadh Domhanda. I mBáisín Alexandra, Baile Átha Cliath a bhí sé ar dtús agus ba é Dún Portobello nó Dún Chathail Brugha anois an ceanncheathrú.