Skip to main content

Ceannasaíocht Oibríochtaí

Ceannasaíocht Oibríochtaí

Tá dualgas ar Cheannasaíocht Oibríochtaí an Chabhlaigh oibríochtaí na Seirbhíse Chabhlaigh go hiomlán a stiúradh ar uisce agus ar tír, oibríochtaí longa na Seirbhíse Cabhlaigh san áireamh. An tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht na nOibríochtaí Cabhlaigh (OCNOC), ag tuairisciú don FOCNS, a bhíonn i gceannas na n-acmhainní oibríochta atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh, ar uisce agus ar tír araon. Tá Oibríochtaí an Chabhlaigh roinnte ina airmheáin éagsúla ar a n-áirítear:

  • Ceanncheathrú (CC) Oibríochtaí
  • An Rannóg Faisnéise agus Iascaigh
  • FORST
  • Oibríochtaí Cladaigh

Feidhmionn OCNOC ó CC na Ceannasaíochta Oibríochtai. Faoi CC na Ceannasaíochta Oibríochtaí tá an tAirmheán Faisnéise agus Iascaigh agus an tAirmheán Tacaíochta Cabhlacháin.

An Rannóg Faisnéise agus Iascaigh

Tá an Rannóg Faisnéise agus Iascaigh freagrach as Faisnéis an Chabhlaigh, as an lárionad Sainloingseoireachta, lárionad maoirseoireachta & eolais na Cosanta Iascaigh, agus Lárionad Ríomhaireachta an Chabhlaigh. Seo a leanas na freagrachtaí ginearálta atá ar na ceithre fho-rannóg sin. Tá Buíon Faisnéise an Chabhlaigh freagrach as Faisnéis an Chabhlaigh a bhailiú, a chur in ord agus a scaipeadh. Is é an Buíon Loingseoireachta lárionad an chabhlaigh do shaineolas loingseoireachta agus is é atá mar iosta cairte ag an tSeirbhís Chabhlaigh. Cuireann sé tacaíocht shainiúil loingseoireachta ar fáil don tSeirbhís Chabhlaigh agus do ghníomhaireachtaí cliaint na Seirbhíse Cabhlaigh. Tá sé freagrach as póilíniú a dhéanamh ar an trealamh, ar ghnáthaimh agus ar chaighdeáin na loingseoireachta. Tá freagracht air freisin faoi shonraíocht, anailís agus ceannach trealaimh. Cuidíonn an Lárionad Monatóireachta Iascaigh le bailiú, cur in ord, anailís agus scaipeadh na sonraí iascaireachta don tSeirbhís Chabhlaigh agus do ghníomhaireachtaí cliaint na Seirbhíse Cabhlaigh. Freisin, déanann an lárionad seo maoirsiú ar na hiarrachtai iascaigh i gcrios geilleagrach na hÉireann agus cuireann sé sonraí ar fáil chun breis éifeacht a thabhairt don chosaint iascaigh. Cuireann Lárionad Ríomhaireachta an Chabhlaigh seirbhís thacaíochta Theicneolaíocht an Eolais (IT) ar fáil don tSeirbhis Chabhlaigh ar tír agus ar muir.

FORST

Tá Oiliúint agus Caighdeáin Ullmhachta an Chabhlaigh chun Seirbhíse (FORST) freagrach as an gcomhordú ar riachtanais an chabhlaigh. Tá sé freagrach freisin as ardchaighdeáin a choinneáil ag an leibhéal a bhfuil súil ag an bpobal leis ó phríomhghníomhaireacht mhuirí na hÉireann. Déantar sin trí threoraíocht agus traenáil mar aon le hiniúchtaí agus cigireacht inmheánach.

Oibríochtaí Cladaigh

Seo a leanas na rannóga atá san aonad seo. An Ceanncheathrú a bhfuil freagracht shonrach air as dualgais an Bhrainse Feidhmeannais/Oibríochtaí. Seomra Oibríochtaí an Chabhlaigh atá ina lárionad comhordaithe d’Oibríochtaí reatha na Seirbhíse Cabhlaigh ar fad. Oifigeach Fhoireann Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh atá freagrach as maoirseacht, rialachán agus traenáil an NSR trí chaidrí an NSR. An Rannóg Tumadóireachta atá freagrach as gach gné de thumadóireacht na Seirbhíse Cabhlaigh mar aon le seirbhís thumadóireachta a chur ar fáil don tSeirbhís Chabhlaigh agus do ghníomhaireachtaí cliaint na Seirbhíse Cabhlaigh. An Rannóg Slándála Oibríochtaí atá freagrach as an gcomhordú ar shlándáil na Bunáite mar aon le comhordú na bpáirtithe slándála cladaigh a bhíonn ag oibriú taobh amuigh den Bhunáit Chabhlaigh. Soláthraíonn an rannóg seo seirbhís ar uisce freisin de réir mar a bhíonn gá leis ag an tSeirbhís Chabhlaigh agus ag gníomhaireachtaí cliaint na Seirbhíse Cabhlaigh. An Bhunáit Chabhlaigh Comcen atá freagrach as reáchtáil na seirbhíse cumarsáide don tSeirbhís Chabhlaigh, agus áirithe leis sin tá oibriú agus cothabháil ar mhalartán teileafóin agus ar línte inmheánacha teileafóin. Faoi cheannas Mháistir Cuain na Bunáite Cabhlaigh atá Iompar ar Bháid atá freagrach as an maoirseacht ar an mbeartlann ag an mBunáit Chabhlaigh mar aon le seirbhís bád a sholáthar, seirbhís farantóireachta sibhialach as Inis Sionnach san áireamh.