Skip to main content

An Scoil Innealtóireachta Cabhlaigh

SCOIL TRAENÁLA OIBRÍOCHTA MÍLEATA & CABHLAIGH

Scoil Traenála Teicniúla

Oibrítear an Scoil Traenála Teicniúla as an gColáiste Náisiúnta Muirí i Rinn an Scidígh agus tá freagracht uirthi i ndáil le traenáil agus forbairt leanúnach ghairmiúil an phearsanra theicniúil go léir sa tSeirbhís Chabhlaigh.

Déantar cúig speisialtóireacht ghairmréime a bhainistiú agus a theagasc sa Scoil agus baineann na speisialtóireachtaí sin leis na catagóirí seo a leanas:

  • Innealtóireacht Mheicniúil
  • Innealtóireacht Mhuirí
  • Innealtóireacht Leictreach
  • Innealtóireacht Leictreonach
  • Radar-Innealtóireacht Raidió

I gcomhar le Coláiste Náisiúnta Muirí na hÉireann, oibríonn an Scoil Traenála Teicniúla saoráid traenála i leith Comhrac Dóiteáin agus Rialú Damáiste. Deimhníonn an Roinn Turasóireachta, Iompair agus Spóirt an Bunchúrsa agus an tArdchúrsa maidir le Comhrac Dóiteáin agus comhlíonann na cúrsaí sin caighdeáin na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta.

Saor Seomra Innill (ERA)

Tá an saor seomra innill freagrach as oibriú éifeachtach agus cothabháil gach fearas agus innealra ar bord longa na Seirbhíse Cabhlaigh. Áirithe orthu sin tá innill díosail mheánluais, giarbhoscaí, cuisniú, fearas aeroiriúnaithe, déantóirí uisce inólta i measc nithe eile.

Roghnaítear pearsanra as céimnigh na Seirbhíse Cabhlaigh don Scéim Thraenála Teicniúla chun cáiliú mar ERA. Cuid den traenáil sin is ea an phrintíseacht mar Fheisteoir a chríochnaítear le FÁS (An tÚdarás Náisiúnta Fostaíochta agus Oiliúna). Cuireann an Scoil Traenála Teicniúla traenáil ghairmiúil bhreise ar fáil do na hOiliúnóirí Teicniúla.

Saor Cabhlach (HA)

Bíonn an Saor Cabhlach freagrach as tógáil agus cothabháil gach troscán feistithe, na sciatháin dhroichid, agus an deiceáil adhmaid atá ar bord Longa na Seirbhíse Cabhlaigh. Cuid eile de na scileanna a fhaigheann na Saoir Chabhlach is ea cothabháil ar dhoirse uiscedhíonach agus ar chabhlacha na long ar fad atá sa tSeirbhís Chabhlaigh.

Roghnaítear pearsanra as céimnigh na Seirbhíse Cabhlaigh don Scéim Thraenála Teicniúla chun cáiliú mar HA. Mar chuid den traenáil tá printíseacht mar Shaor Adhmaid/Shiúinéir a chríochnaítear le FÁS (An tÚdarás Náisiúnta Fostaíochta agus Oiliúna). Cuireann an Scoil Traenála Teicniúla traenáil ghairmiúil bhreise ar fáil do na hOiliúnóirí Teicniúla.

Teicneoir Radair Raidió (RRT)

Le linn a bheith ar dualgas ar long bíonn an RRT freagrach as cothabháil laethúil gach raidió agus fearas radair atá ar bord ar a n-áirítear gach córas satailíte atá ar bord, teilifís satailíte, córais Leathanbhanda agus cumarsáid shatailíte.
Bíonn an té sin freagrach freisin as cumarsáid inmheánach, i.e. cumarsáid ghunnaí, agus cumarsáid chomhraic dhóiteáin agus rialaithe damáiste. Bíonn sé/sí freagrach as taifid chothabhála a choinneáil mar a bhíonn eisithe ón rannóg phleanála agus chigireachta, agus tuairisciú don CTS (Rannóg Theicniúil Chumarsáide) faoi aon fhabht tromchúiseach.
Ar tír bíonn siad freagrach as bailchríoch a chur ar orduithe oibre mar a bhíonn iarrtha ag aonaid ar muir nó ar tír. Roghnaítear pearsanra as céimnigh na Seirbhíse Cabhlaigh don Scéim Thraenála Teicniúla chun cáiliú mar RRT. Áirithe ansin tá traenáil trí bliana le C.I.T. Cuireann an Scoil Traenála Teicniúla traenáil ghairmiúil bhreise ar fáil do na hOiliúnóirí Teicniúla san NMCI agus sa scoil CIS ar an gCurrach.

Saor Leictreachais (EA)

Le linn a bheith ar dualgas ar long bíonn an EA freagrach as cothabháil laethúil ar gach innealra agus feisteas leictreach atá ar bord, i seomra stiúrtha an innill agus sa long ar fad. Bíonn an té sin freagrach as taifid chothabhála a choinneáil mar atá eisithe ag an rannóg phleanála agus chigireachta agus ag an aonad leictreach na nArmán (WEU) mar aon le fabhtanna tromchúiseacha a thuairisciú don WEU. Ar tír bíonn siad freagrach as bailchríoch a chur ar orduithe oibre mar a bhíonn iarrtha ag aonaid ar muir nó ar tír. Roghnaítear pearsanra as céimnigh na Seirbhíse Cabhlaigh don Scéim Thraenála Teicniúla chun cáiliú mar EA. Áirithe ansin tá traenáil trí bliana le C.I.T. Cuireann an Scoil Traenála Teicniúla traenáil ghairmiúil bhreise ar fáil do na hOiliúnóirí Teicniúla san NMCI.